Anseo atá tú: Baile > Sláinte > Seirbhísí ailse > Forbairtí i seirbhísí um chosc ailse

Print Page Send to a Friend

Forbairtí i seirbhísí um chosc ailse

Foilsíodh an doiciméad, A Strategy for Cancer Control in Ireland (pdf) in 2006 agus cuimsíonn sé cosc mar ghné bhunriachtanach den bheartas sa réimse seo.

Tá na rudaí seo a leanas mar chuid de na straitéis choisc;

  • Rolladh BreastCheck agus CervicalCheck amach ar fud na tíre
  • Caighdeáin Dearbhaithe Cáilíochta nua a shocrú d’fhorbairt an chláir reatha CervicalCheck
  • Cuireadh tús le clár vacsaínithe HPV (papalómaivíreas daonna) do gach cailín sa chéad bhliain sa mheánscoil chun cuidiú le hiad a chosaint ó ailse cheirbheacs sa bhliain 2010.
  • Leanann obair ullmhúcháin ar Sheirbhís Náisiúnta um Scagthástáil Cholaireicteach sa bhliain 2011. Tosóidh an clár ar bhonn náisiúnta sa bhliain 2012.

Scagthástáil na hAilse Calaireictí

Is féidir le scagthástáil chalaireicteach ailse a bhrath go luath, toradh na cóireála leighis a fheabhsú agus fás ceall réamhailse a bhrath.

I dtosach, díreoidh an clár scagthástála calaireictí ar dhaoine atá idir 60 agus 69 bliana d’aois. Déanfar scagthástáil saor in aisce a thairiscint do 400,000 duine san aoisghrúpa sin. Tosóidh an clár ar bhunús náisiúnta go luath in 2012, is cuma cá bhfuil cónaí ar dhaoine.

Beidh an clár seo á oibriú ag an tSeirbhís Scagthástála Ailse Náisiúnta i gcomhar le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS). Tá sé i gceist go leathnófaí an clár amach dóibh siúd go léir idir 55 agus 74 bliana d’aois de réir mar is féidir leis na hacmhainní atá ar fáil.

Go dtí 2012, oibreoidh an NCSS agus FSS go dian ar an gcéim réamh-fhorfheidhmithe. Is éard a bheidh i gceist leis seo ná:

  • Oiliúint a chur ar Ardchleachtóirí Altra chun ionscópacht ar an drólann a dhéanamh mar chuid den chlár
  • Roinnt áiseanna ionscópachta a roghnú agus a fhorbairt, thart ar 10 go 12 timpeall na tíre, agus athchóiriú a dhéanamh orthu de réir mar is gá
  • Córas a fhorbairt chun trealamh tástála a chur ar fáil do gach duine aonair ar a ndéantar scagthástáil.
  • Cumarsáid leis an daonra atá i gceist, lena n-áirítear iad siúd nár dhírigh cláir scagthástála orthu roimhe seo. Beidh fir mheánaosta agus fir níos sine mar spriocghrúpa nua sa chás seo.
  • Cinntiú go mbaineann na caighdeáin cháilíochta is airde le gach gné den chlár.

Clár Vacsaínithe um an Sineánómaivíreas Daonna (HPV)

Comhlánaíonn an clár vacsaínithe HPV (papalómaivíreas daonna) an tseirbhís scagthástála CervicalCheck do mhná idir 25 agus 60 bliana d’aois.

Is éard atá sa vaicsín sineánómaivíreas daonna ná vaicsín a chuireann cosc ar ionfhabhtú le speiceas áirithe de shineánómaivíreas daonna a bhfuil baint acu le forbairt ailse ceirbheacs.

Thosaigh an clár náisiúnta vacsaínithe HPV i mí Bealtaine 2010. Cuirtear an vacsaín ar fáil do gach cailín atá sa chéad bhliain sa mheánscoil gach scoilbhliain.

Clinicí Mear-Rochtana

Tá 6 chlinic mhear-rochtana ann anois chun ailse phróstatach a aimsiú agus a chóireáil:

  • Ospidéal San Séamas, Baile Átha Cliath
  • Ospidéal Ollscoile Uinsinn, Baile Átha Cliath
  • Ospidéal Beaumont, Baile Átha Cliath
  • Ospidéal Mater, Baile Átha Cliath
  • Ospidéal Ollscoile na Gaillimhe
  • Ospidéal Réigiúnach Luimní

Tá 7 chlinic mhear-rochtana ann anois i leith ailse scamhóige a aimsiú agus a chóireáil sna ionaid ailse seo a leanas:

  • Ospidéal Ollscoile Uinsinn, Baile Átha Cliath
  • Ospidéal Beaumont, Baile Átha Cliath
  • Ospidéal San Séamas, Baile Átha Cliath
  • Ospidéal Mater, Baile Átha Cliath
  • Ospidéal na hOllscoile, Corcaigh
  • Ospidéal Réigiúnach Phort Láirge
  • Ospidéal Réigiúnach Luimní.

Feabhsóidh na Clinicí Mear-Rochtana seo rochtain ar aimsiú luath agus cinnteoireacht ildisciplíneach le haghaidh ailsí próstatacha agus scamhóige, atá ar cheann de na hailsí is coitianta i measc mhuintir na hÉireann.

D’fhéadfadh go n-atreoródh do dhochtúir ginearálta nó gairmí leighis eile chuig ceann díobh seo tú.


Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 30 June 2011

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.