Is clár scagthástála ceirbheacs náisiúnta é CervicalCheck chun ailse cheirbheacs a chosc agus a rialú. Soláthraíonn an clár tástálacha smearaidh do mhná idir 25 agus 60 bliana d’aois.
Os rud é go bhfuil aimsiú luath tábhachtach, meastar clár scagthástála a bheith ar an gcur chuige daonra is éifeachtaí chun ailse cheirbheacs a chosc agus a rialú.
Má tá aon imní agat faoi ailse cheirbheacs, má tá stair d’ailse cheirbheacs nó a hairíonna sa teaghlach faoin a bhfuil tú buartha, ba chóir duit teagmháil a dhéanamh le do dhochtúir ginearálta teaghlaigh (DG).
Rogha eolasach agus do chearta
Chuir CervicalCheck cairt
um do chearta (pdf) le chéile a leagann amach na caighdeáin lena mbeifeá
ag súil ón gclár scagthástála, do cheart eolas beacht a fháil, srl. Tá
sé tábhachtach a choinneáil i gcuimhne go bhfuil do chomhaontú chun páirt
a ghlacadh sa chlár bunaithe ar do chumas rogha eolasach a dhéanamh agus
toiliú eolasach a thabhairt. Ciallaíonn sé seo go dtuigeann tú cuspóir an
chláir scagthástála agus go nglacann tú páirt sa scagthástáil de do
shaorthoil féin.
Tá liosta de mhná incháilithe á thiomsú ag CervicalCheck ó roinnt foinsí. Is féidir leat tú féin a chlárú ar líne freisin.
Seolfar litir chuig mná atá cláraithe le CervicalCheck ag tabhairt comhairle dóibh faoin tráth chun coinne a dhéanamh le haghaidh tástála smearaidh saor in aisce le Tástálaí Smearaidh dá rogha féin atá cláraithe le CervicalCheck. Chomh luath agus a bheidh do chéad tástáil smearaidh agat mar chuid den chlár gheobhaidh tú cuireadh maidir le do chéad tástáil eile gach trí nó cúig bliana, ag brath ar d’aois.
Tá roinnt bileoga eolais (pdf) curtha ar fáil ag CervicalCheck a sholáthraíonn eolas simplí ar scagthástáil cheirbheacs agus cad le bheith ag súil leis nuair a théann tú chun tástáil smearaidh a fháil. Ina theannta sin, tá liosta de cheisteanna coitianta, a chuideoidh le cuid mhór de na ceisteanna coitianta maidir le scagthástáil cheirbheacs a fhreagairt.
SAORPHOST
Urlár Uachtarach
Sciathán Thiar ó Dheas
Ospidéal Naomh Sheosaimh
Limerick
Ireland
Facs:061 481 810
Láithreán Gréasáin: http://www.cervicalcheck.ie/
R-phost: info@cervicalcheck.ie
Tá leabhráin eolais ag Cumann Ailse na hÉireann maidir le roinnt ábhair, agus Torthaí na Scagthástála Ceirbheacs (pdf) san áireamh.
43-45 Bóthar Northumberland
Baile Átha Cliath 4
Éire
Teil:+353 (0)1 2310 500
Facs:+353 (0)1 2310 555
Láithreán Gréasáin: http://www.cancer.ie/
R-phost: helpline@irishcancer.ie
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.