Anseo atá tú: Baile > Sláinte > Seirbhísí ailse > Seirbhísí Ailse

Print Page Send to a Friend

Seirbhísí Ailse

Eolas

Tá ailse ar cheann de na príomhchúiseanna báis in Éirinn. Má tá imní ar bith ort mar gheall ar ailse nó má tá stair ailse i measc do mhuintire nó má tá comharthaí ort a bhfuil tú buartha fúthu, ba cheart duit dul i dteagmháil le do dhochtúir ginearálta (DG).

Cuireann do dhochtúir ginearálta (DG), ospidéil agus seirbhísí cúram pobail seirbhísí cúram ailse ar fáil.

seirbhísí cúraim mhaolaithigh ar fáil chomh maith, is é sin, cúram d'othar agus a m(h)uintir nuair nach bhfuil na gairmithe liachta ag súil go mbeidh biseach air/uirthi.

Tá cláir scagthástála i bhfeidhm cheana féin, is é sin, BreastCheck an Clár Náisiúnta Scagthástála Cíche agus CervicalCheck, an Clár Náisiúnta Scagthástála Ceirbheacs.

Clár Náisiúnta Rialaithe Ailse FSS (NCCP)

Glactar leis go forleathan go mbaintear na torthaí is fearr amach d’othair ailse nuair a dhéanann foirne ildisciplíneacha, a láimhseálann líon mór othar, an phríomhdhiagnóis, an plean cóireála, an máinliacht agus an radaiteiripe.

Sa bhliain 2007, bhunaigh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) an Clár Náisiúnta Rialaithe Ailse chun clár náisiúnta a bhainistiú, a eagrú agus a sheachadadh don phobal uile. Faoin gClár seo, tá ocht n-ionad ailse laistigh de cheithre líonra rialaithe bhainistithe ailse go náisiúnta. Tá sé beartaithe go ndéanfar gach príomhdhiagnóis,agus gach máinliacht sna ionaid ailse seo sa deireadh. Cuirfear ceimiteiripe agus iarchúram ar fáil in ionaid níos áitiúla, de réir pleananna cúraim a shocrófar ag na hionaid ailse.

Ionaid ailse
Líonraí Ionaid
FSS Baile Átha Cliath Thoir Thuaidh Ospidéal Beaumont

Ospidéal Mater Misericordiae

FSS Baile Átha Cliath Lár-Laighean Ospidéal San Séamas

Ospidéal Ollscoile Uinsinn

FSS Theas Ospidéal Ollscoile Chorcaí

Ospidéal Réigiúnach Phort Láirge

FSS Thiar Ospidéal an Ollscoile, Gaillimh

Ospidéal Réigiúnach Luimnigh

An tSeirbhís Náisiúnta Ailse-Scrúdaithe (NCSS)

Cuimsíonn an tSeirbhís Náisiúnta Ailse-Scrúdaithe BreastCheck agus CervicalCheck. Tá sí tar éis a bheith faoi rialú FSS ó Aibreán 2010.

Scagthástáil Ailse Calaireictí

Is féidir le scagthástáil ailse calaireictí a bheith ina cúis le haimsiú luath ailse, feabhas ar thorthaí cóireála agus aimsiú fás réamhailseach. Tá obair ar siúl chun clár náisiúnta scagthástála calaireictí a chur ar bun. Cuirfear tús leis an gclár ar bhonn náisiúnta ag 2012.

An Chlárlann Náisiúnta Ailse

Is comhlacht reachtúil í an Chlárlann Náisiúnta Ailse ag a bhfuil sé mar aidhm sonraí a bhailiú agus a anailísiú, agus tuairiscí ar mhinicíocht ailse agus ar ráta básmhaireachta de bharr ailse in Éirinn a thabhairt.

Cuibhreannas Uile-Éireann Ailse na hInstitiúide Náisiúnta Ailse

Is comhpháirtíocht dhéthaobhach é Cuibhreannas Uile-Éireann Ailse na hInstitiúide Náisiúnta Ailse lena bhfuil baint ag Roinn Sláinte, Seirbhísí Sóisialta agus Sábháilteachta Poiblí Thuaisceart Éireann, an Roinn Sláinte, an Institiúid Náisiúnta Ailse, agus Roinn Sláinte agus Seirbhísí Daonna na Stáit Aontaithe.

Costais

Leanaí arb othair oinceolaíochta iad agus leanaí atá faoi mhíchumais bhuana

I gcás leanaí atá ag fáil cóireála in aghaidh ailse (is é sin, leanaí arb othair oinceolaíochta iad) agus leanaí atá faoi mhíchumais bhuana, is féidir faoiseamh cánach a éileamh ar chostais áirithe teileafóin, cóiríochta thar oíche, taistil, táirgí sláinteachais agus sainéadaí atá tabhaithe mar chostais sláinte. Léigh tuilleadh faoi cháin agus costais leighis in Éirinn anseo.

Scéim Travel2Care

D’fhéadfadh sé go dteastódh cúnamh ó roinnt daoine a atreorófaí chuig ionad ailse leis na costais a bhaineann le taisteal chuig a gcoinne/í. Mar sin, déanann Clár Náisiúnta Rialaithe Ailse FSS an scéim Travel2Care a mhaoiniú, scéim atá á riaradh ag Cumann Ailse na hÉireann. D’fhéadfadh sé go gcabhródh an scéim le costais taistil othar dá mbeidís i gcruachás ó thaobh airgid de, nó dá mbeidís i ngátar mar thoradh ar thaisteal chuig ionad ailse.

Is féidir leat foirm iarratais a fháil go díreach ó Eimear Considine, Travel2Care, Cumann Ailse na hÉireann, Teil: 01-2316619 nó ríomhphost travel2care@irishcancer.ieíoslódáil an fhoirm ó láithreán Gréasáin Chumann Ailse na hÉireann.

An clár ‘Tiomáint mar Chúram’ ('Care to Drive’)

Tionscnamh iompair atá faoi threoir deonaithe is ea an clár ‘Tiomáint mar Chúram’ ina ndéanann Cumann Ailse na hÉireann deonaithe a earcú agus oiliúint a chur orthu chun othair a thiomáint chuig agus óna gcoinní ceimiteiripe. Seirbhís saor in aisce atá inti don othar. Níl fáil ar an tseirbhís go náisiúnta.

Tá sí ar fáil faoi láthair sna hospidéil a leanas:

  • Ospidéal San Séamas, Baile Átha Cliath
  • Ospidéal Ollscoile Naomh Uinseann, Baile Átha Cliath
  • Ospidéal Ollscoile Mater Misericordiae, Baile Átha Cliath (poiblí)
  • Ospidéal Ginearálta Leitir Ceanainn
  • Ospidéal Ginearálta Shligigh

Ní mór don othar iad féin a chur in iúl don oibrí sóisialta san ospidéal páirtnéara nó don altra a chuirfidh cóir cheimiteiripe orthu agus a thabharfaidh faoi mheasúnú ansin ar an othar agus ar féidir leo t-othar a chur ar aghaidh chuig an tseirbhís. Le tuilleadh faisnéise a fháil, cuir glao ar Chumann Ailse na hÉireann: 01 231 0522 nó 01 231 0566.


Cá háit a ndéanfaidh mé iarratais

Is eagraíocht dheonach é Cumann Ailse na hÉireann a chuireann tacaíocht agus cúnamh ar fáil dóibh siúd a bhfuil ailse orthu agus dá muintir. Soláthraíonn sé roinnt seirbhísí altranais agus déanann sé roinnt seirbhísí cúraim mhaolaithigh agus seirbhísí altranais “breacsholais” a mhaoiniú. Tá craobhacha áitiúla ag an gCumann ar fud na tíre.

Cumann Ailse na hÉireann

43-45 Bóthar Northumberland
Baile Átha Cliath 4
Éire

Teil:+353 (0)1 2310 500
Facs:+353 (0)1 2310 555
Láithreán Gréasáin: http://www.cancer.ie/
R-phost: helpline@irishcancer.ie

Grúpa tacaíochta é CanTeen Éireann do dhaoine óga idir 12-25 bliana d’aois a bhfuil ailse orthu, agus dá gcairde gaoil. Oibríonn sé as áitreabh Chumann Ailse na hÉireann. Líne Cabhrach don ailse Saorfhón 1800 200 700. Ríomhphost: support@irishcancer.ie

Clárlann Náisiúnta Ailse

Foirgníocht 6800
Lárionad Gnó Aerfoirt Corcaigh
Bóthar Chionn tSáile
Corcaigh
Éire

Teil:+353 (0)21 431 8014
Facs:+353 (0)21 431 8016
Láithreán Gréasáin: http://www.ncri.ie/ncri/index.shtml
R-phost: info@ncri.ie

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 9 March 2012

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Gníomhaireachtaí na seirbhíse sláinte
    Tá cur síos sa cháipéis seo ar roinnt de na heagraíochtaí agus údaráis a bhfuil ról acu maidir le soláthar agus rialú na seirbhísí sláinte in Éirinn.
  • Forbairtí i seirbhísí um chosc ailse
    Cuimsíonn siad seo tabhairt isteach vacsaín HPV do chailíní scoile sa chéad bhliain den bhunscoil, agus tabhairt isteach molta scagthástáil ailse chalaireicteach.
  • BreastCheck
    Clár náisiúnta scagthástála cíche é BreastCheck. Tá sé mar aidhm ag an gclár ailse chíche a bhrath go luath agus cóir leighis a chur ar fáil.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.