Clár náisiúnta scagthástála cíche é BreastCheck. Tá sé mar aidhm ag an gclár ailse chíche a bhrath go luath agus cóir leighis a chur ar fáil do mhná nach bhfuil aon chomharthaí den ghalar acu.
Tá scagthástáil chíche faoin gclár BreastCheck ar fáil saor in aisce do gach bean sna ceantair shonraithe atá idir 50 agus 64 bliain d'aois. Má tá tú sa sprioc aoisghrúpa agus muna bhfuil coinne curtha ar fáil duit cheana, is féidir leat teagmháil díreach a dhéanamh le Breastcheck.
Má tá imní ar bith ort maidir le hailse chíche, má tá ailse chíche sa teaghlach nó má tá aon chomharthaí agat a chuireann imní ort ba cheart duit teagmháil a dhéanmh leis an LG.
Cuireann BreastCheck clár ban i dtoll a chéile atá i dteideal scagthástáil a fháil de bharr faisnéise a chur an Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh, Seirbhísí Ginearálta Míochaine agus soláthraithe príobháideacha árachas sláinte ar fáil. Is féidir leat seiceáil an bhfuil tú ar chlár BreastCheck.
Mura bhfuil tú ar an gclár, tar éis duit an bunachar sonraí a sheiceáil, beidh agat an rogha le bheith ar an gclár.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.