Anseo atá tú: Baile > Sláinte > Bronnadh orgán agus fola > Corp agus orgáin a bhronnadh

Print Page Send to a Friend

Corp agus orgáin a bhronnadh

Réamhrá

Tugtar idir 200 agus 250 duine slán in Éirinn gach bliain mar gheall ar bhronnadh orgáin agus trasphlandú. Má bhíonn tú i do dheontóir orgáin agus/nó fíocháin, beidh deis agat cúigear a bhfuil a gcuid orgáin ag teipeadh orthu a thabhairt slán.

Orgáin a bhronnadh

Is féidir leat a bheith i do dheontóir orgáin trí insint dod’ theaghlach nó do neasghaol gur mian leat do chuid orgáin a bhronnadh tar éis do bháis. Is féidir le do theaghlach nó do neasghaol dochtúir nó gairmí cúram sláinte eile san ospidéal a chur ar an eolas má chuirtear ceist orthu faoi cad is mian leat a dhéanamh maidir le horgáin a bhronnadh. Bealaí furasta chun do mhianta a chur in iúl ná cárta deontóra orgáin a iompar nó an rogha bronnta orgáin ar chúl do cheadúnas tiomána a shíniú.

Is féidir leat orgáin áirithe a bhronnadh fad is atá tú beo. Is féidir le deontóirí beo duán a bhronnadh. Chun a bheith i do dheontóir beo, ní mór duit toiliú eolasach a thabhairt. Tá orgáin eile nach féidir a bhronnadh ach amháin tar éis don duine bás a fháil (is iad sin, na duáin, an croí, na scamhóga, an paincréas, na súile, srl.).

Ní chuireann riocht leighis cosc ort ó bheith i do dheontóir (déanfaidh gairmí cúram sláinte cinneadh aonair nuair a fhaigheann tú bás).

Tá an fhoireann leighis a chuireann cóireáil ort agus tú tinn scartha amach ón bhfoireann trasphlandaithe. Ní bhaintear orgáin amach ach amháin nuair atá beirt dhochtúirí, ag obair go neamhspleách ar a chéile, tar éis a dhearbhú go bhfuil an duine marbh tar éis sraith tástálacha déine a bheith déanta air/uirthi.

Tá sé tábhachtach fios a bheith agat go léirítear an cúram agus an meas céanna nuair a bhíonn orgáin á mbaint agus a bhíonn in aon obráid eile. Ní chuireann bronnadh orgáin an corp ó dhealramh ná ní athraíonn sé an chaoi a bhreathnaíonn an corp ná ní chuireann sé aon mhoill ar shocruithe sochraide.

Deontóirí orgáin agus toiliú

Más mian leat do chuid orgáin a bhronnadh agus iad a chur ar fáil i gcomhair trasphlandaithe tar éis do bháis, is é an bealach is furasta chun é seo a dhéanamh ná insint dod’ theaghlach nó dod’ neasghaol gur mian leat do chuid orgáin a bhronnadh tar éis do bháis. Is féidir le do theaghlach nó do neasghaol dochtúir nó gairmí cúram sláinte eile san ospidéal a chur ar an eolas má chuirtear ceist orthu faoi cad is mian leat a dhéanamh maidir le horgáin a bhronnadh.

Is féidir leat do mhianta a chur in iúl trí chárta deontóra orgáin a iompar nó trí an rogha deonaithe orgáin ar chúl do cheadúnas tiomána a shíniú. Tá cártaí deontóra orgáin ar fáil ó Líonra Deontóirí na hÉireann (Irish Donor Network) (féach thíos), trí Chumann Duán na hÉireann, agus i lialanna agus i gcógaslanna.

Léiríonn síniú cárta deontóra orgáin nó rogha deontóra ar cheadúnas tiomána go bhfuil tú sásta go n-úsáidfí d’orgáin i gcomhair trasphlandaithe. Ní chiallaíonn sé go mbainfear úsáid astu. Tá critéir mhíochaine agus coinníollacha eile nach mór a chomhlíonadh. Chun trasphlandú sábháilte a chinntiú, ní mór gur in ospidéal a bhásaigh an duine. Ba chóir go mbeadh a fhios ag dod’ neasghaol go bhfuil fonn ort a bheith i do dheontóir orgáin, ach níl siad faoi cheangal cloí le do mhianta agus bíonn gá lena dtoiliú i gcónaí.

I ngach cás, iarrann an fhoireann mhíochaine ar an neasghaol orgáin an té atá básaithe a bhronnadh. Go praiticiúil, glactar le toiliú an neasghaoil agus ní chuirtear i gcoinne an neasghaol má dhiúltaíonn sé/sí orgáin a bhronnadh.

Scrúduithe Iarbháis agus orgáin a bhronnadh

I gcásanna ina dtuairiscítear bás don Chróinéir, ní mór cead a fháil ón gCróinéir sular féidir orgáin a bhronnadh, chomh maith le cead scríofa ón neasghaol. Sa chás go dtugann an Cróinéir cead orgáin a bhronnadh, is scrúdú teoranta a bheidh in aon scrúdú iarbháis a dhéantar ina dhiaidh sin. Déanann an Cróinéir cinntí faoin ábhar seo i gcomhairle leis na Gardaí agus gairmithe leighis. Go ginearálta, éascaíonn Cróinéirí iarratais ar bhronnadh orgáin. Léigh tuilleadh anseo faoi ról an Chróinéara agus Scrúduithe iarbháis.

Ní cleachtas iarbháis atá i mbronnadh orgáin i gcomhair trasphlandaithe, agus déantar in obrádlann é. Is cleachtas iarbháis é toiliú chun orgáin a choinneáil i gcomhair taighde, agus is i marbhlann a tharlaíonn sé.

Leanaí agus daoine fásta faoi éagumas meabhrach

Ní féidir le leanaí ná le daoine fásta faoi éagumas meabhrach toiliú a thabhairt chun an corp nó orgáin a bhronnadh. Go praiticiúil, tugann tuismitheoirí toiliú do bhronnadh orgáin óna leanaí básaithe, agus glactar leis seo, ach níl aon dlí ann a láimhseálann an cheist.

Líonra Deontóirí na hÉireann (Irish Donor Network)

Is grúpa de dhaoine aonair agus cumainn othar atá bainteach go díreach le trasphlandú orgáin, teaghlaigh bhronntóirí agus comhordaitheoirí leighis a bhaineann le trasphlandú orgáin agus fíocháin atá i Líonra Deontóirí na hÉireann. Seo a leanas na daoine atá bainteach leis an líonra seo:

  • Teaghlaigh deontóirí
  • Cumann Duán na hÉireann
  • Cumann na hÉireann um Thrasphlandú Croí agus Scámhóga (The Irish Heart and Lung Transplant Association)
  • Cumann Fiobróise Cistí na hÉireann
  • Cumann Fiobróise Scámhóga na hÉireann (The Irish Lung Fibrosis Association)
  • Fondúireacht Alpha One (Anti Trypsin)
  • Comhordaitheoirí Trasphlandaithe Ae in Ospidéal Naomh Uinseann.

Ar an 21 Eanáir 2004, tháinig stop le deonú ag Clárlann Bhanc na Súl. (Tharla sé seo mar thoradh ar an mbaol teoiriciúil go bhféadfaí nvCJD a tharchur i gcoirní trasphlandaithe. Go dtí go dtagann deireadh leis an mbaol a bhaineann le nvCJD, fanfaidh Clárlann Bhanc na Súl dúnta.)

Cuireann Líonra Deontóirí na hÉireann an Cárta Deontóra Gift of Life chun cinn, priontálann siad é agus scaipeann siad é. Má iompraíonn tú an cárta agus má chuireann tú do theaghlach ar an eolas, cuireann tú in iúl go bhfuil sé de mhian agat orgáin agus fíocháin a bhronnadh chun cuspóirí trasphlandaithe i gcás do bháis.

Bronnadh coirp iomlán le haghaidh taighde leighis

Is bealach ríthábhachtach é taighde leighis trínar féidir leis an ngairm leighis tuilleadh a fhoghlaim faoi anatamaíocht, taighde agus cóireáil leighis.

Más mian leat do chorp a bhronnadh le haghaidh taighde leighis, ba chóir duit dul i dteagmháil le ceann den 5 scoil taighde leighis atá lonnaithe sna coláistí atá liostaithe thíos. Tá a nósanna imeachta féin ag gach scoil leighis chun comhaontú a dhéanamh leat.

Ba chóir duit a bheith cinnte freisin go bhfuil do neasghaol ar an eolas faoi do mhianta. Is féidir leat é seo a dhéanamh trí insint dóibh agus/nó a chur in iúl gur mian leat do chorp a bhronnadh i gcomhair taighde leighis i d’uacht. Níl an dlí soiléir ina leith seo, ach is cosúil nach gá dod’ neasghaol, nó cibé atá freagrach as créamadh nó cur do choirp, cloí le do mhianta.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Is féidir leat dul i dteagmháil le ball ar bith de Líonra Deontóirí na hÉireann chun tuilleadh eolais a fháil nó chun cárta deontóra orgáin a fháil.

Seol téacstheachtaireacht in aisce leis an bhfocal ‘Donor’ chuig 50050 nó cuir glaoch Íosghlao ar Donor House ag 1890 543 639.

Líonra Deontóirí na hÉireann, faoi chúram

Cumann Duán na hÉireann

Teach an Dheontóra
Bloc 43A
Páirc Thiar
Baile Átha Cliath 12
Éire

Teil:+353 1 668 9788 , 668 9789
Facs:+353 1 668 3820
Láithreán Gréasáin: http://www.ika.ie
R-phost: info@ika.ie


Tuilleadh eolais

Scrúduithe Iarbháis agus coinneáil orgáin.

Foilsíodh Tuarascáil Madden maidir le Cleachtas agus Nósanna Imeachta Iarbháis (pdf) in 2006 agus leagann sé síos na fíricí a bhaineann le cleachtas iarbháis in Éirinn (coinneáil orgáin san áireamh) maidir le leanaí faoi 12 bliain d’aois a rugadh beo idir 1970 agus 2000.

D’fhoilsigh an tAire Sláinte moltaí i gcomhair comhairliúchán poiblí in 2009. Is é an aidhm ná dréachtmholtaí reachtaíochta a fhoilsiú chun teacht leis an bpríomh-mholadh i dTuarascáil Madden maidir le Cleachtas agus Nósanna Imeachta Iarbháis nár chóir aon scrúdú iarbháis a dhéanamh ná aon fhíochán a choinneáil chun cuspóir ar bith gan údarú, agus chun tabhairt faoi shaincheisteanna a bhaineann leis. Cuimseoidh scóip na reachtaíochta tógáil, coinneáil, stóráil, úsáid agus diúscairt fíocháin daonna ó dhaoine básaithe agus toiliú chun fíocháin bhronnta ó dhaoine beo a úsáid le haghaidh trasphlandaithe agus taighde.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 6 July 2010

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Scrúduithe Iarbháis in Éirinn
    Is éard atá i scrúdú iarbháis ná scrúdú ar shláinte duine nuair a bhí sé nó sí beo agus cúis a b(h)áis. Déantar scrúdaithe iarbháis ar dhaoine in Éirinn ar na cúinsí seo a leanas.
  • Nuair a fhaigheann duine bás
    Má chaill tú duine éigin a bhí gar duit le déanaí nó má tá aithne agat ar dhuine éigin a chaill duine a bhí gar di nó dó, tabharfaidh sé seo treoir duit ar na nithe nach foláir duit a dhéanamh tar éis bás in Éirinn. Tugann sé achoimre freisin ar roinnt de na seirbhísí stáit agus seirbhísí deonacha atá ar fáil chun tacú leat.
  • Seoladh corp as Éirinn le haghaidh adhlactha nó créamtha thar lear
    Sula seoltar marbhán as Éirinn tá foirmiúlachtaí áirithe a chaithfear a leanúint.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.