Anseo atá tú: Baile > Sláinte > Bronnadh orgán agus fola > Heipitíteas C agus Cártaí faoin Acht um Leasú Sláinte

Print Page Send to a Friend

Heipitíteas C agus Cártaí faoin Acht um Leasú Sláinte

Eolas

Tá socruithe speisialta i bhfeidhm taobh istigh de na seirbhísí sláinte do dhaoine a bhfuil Heipitíteas C faighte acu go díreach nó go hindíreach ó Ghlóbailin Imdhíonachta Daonna-Frith-D nó ó aon táirge fola nó aistriú fola a fuair siad in Éirinn. Tá na daoine sin i dteideal seirbhísí ó LG, seirbhísí altranais agus cúnaimh bhaile chomh maith le seirbhísí comhairlithe, is cuma cén t-ioncam atá acu.

Scéim Árachais Heipitíteas C

Ar 12 Meán Fómhair 2007 bunaíodh agus tugadh in éifeacht scéim árachais do dhaoine a bhfuil Heipitíteas C faighte ó aon táirge fola nó aistriú fola a fuair siad sa Stát. Críochnaíonn an céad-tréimhse oscailte ar 11 Meán Fómhair 2008. I ndiaidh an dáta seo cuirfí níos mó srianta ar an scéim.

Cuireadh an Scéim Árachais Heipitíteas C ar bun faoin Acht um Binse Cúitimh i ndáil le Heipitíteas C (Leasú) 2006 (pdf). Soláthraíonn an Scéim 3 cineálacha clúdach árachais (féach thíos) a fháil:

Rialacha

Más rud é go bhfuil Heipitíteas C faighte agat go díreach nó go hindíreach ó Ghlóbailin Imdhíonachta Daonna-Frith-D nó ó aon táirge fola nó aistriú fola a fuair tú in Éirinn, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar Chárta faoin Acht um Leasú Sláinte a chuireann na seirbhísí seo a leanas ar fáil duit, saor in aisce.

Is é/í an duine a bhfuil Heipitíteas C air/uirthi atá i dteideal na seirbhísí seo; níl cleithiúnaithe ina dteideal ach amháin sa chás go bhfuileadar i dteideal na seirbhísí seo ar fáthanna eile. Ach, tá seirbhísí comhairlithe ar fáil in aisce do chleithiúnaithe maidir le Heipitíteas C.

Cuireann cleachtóirí príobháideacha na seirbhísí comhairlithe ar fáil ach socrú a dhéanamh idir thú féin agus Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.

Tá tú i dteideal na seirbhísí seo saor in aisce fiú má theastaíonn siad uait do thinnis nach mbaineann le Heipitíteas C. Is féidir le gach LG na seirbhísí seo a chur ar fáil, ní gá duit LG atá páirteach sa scéim Sheirbhísí Ginearálta Leighis a roghnú.

D'fhéadfadh sé go mbeadh cúraimí tí agus cúram leanaí san áireamh mar chuid den tseirbhís chúnaimh bhaile a chuireann Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) ar fáil. Má cheaptar go bhfuil seirbhísí cúnaimh bhaile ag teastáil uait d'fhéadfadh sé go gcuirfeadh an Limistéar FSS an tseirbhís sin ar fáil go díreach nó d'fhéadfadh tú na socruithe a dhéanamh tú féin. Má dhéanann tú na socruithe tú féin, is tusa fostóir an té atá i mbun an chúnaimh agus tá tú freagrach as ÁSPC an fhostaí, cáin & rl. Íocann an FSS cuid den chostas atá i gceist.

Cuirtear seirbhísí fiaclóireachta, oftailmeacha agus cluasa ar fáil ar an mbonn céanna mórán agus atá siad curtha ar fáil do shealbhóirí cártaí leighis.

Is féidir leat cluaisíní cúnta a fháil agus seirbhísí cluasa ach socrú a dhéanamh leis an FSS.

Déanann an FSS socrú go mbeadh fearas leighis agus máinliach nach féidir teacht air sa chógaslann curtha ar fáil.

Conas iarratas a dhéanamh

Bíonn tú i dteideal na seirbhísí seo ar feadh do shaoil. Eisítear Cárta faoin Acht um Leasú Sláinte duit. Tá tuilleadh eolais ar theidlíochtaí agus cén chaoi le theacht orthu ar fáil ó Oifigeach Teagmhála Heipitíteas C ag an oifig sláinte áitiúil.

Tá teidlíochtaí leagtha síos sa Treoir Fhaisnéise maidir le Seirbhísí Cúraim Phríomhúil agus Ospidéil (pdf) freisin.

Tá tuilleadh eolais maidir le teidlíocht agus cén chaoi le theacht ar na seirbhísí ar fáil ar an suíomh idirlín atá ag an gComhairle Chomhairliúcháin um Heipitíteas C.

Is féidir bileog eolais maidir le maireachtáil le Heipitíteas C a íoschóipeáil ón suíomh idirlín atá ag an gComhairle Chomhairliúcháin um Heipitíteas C.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Tá tuilleadh eolais faoi Heipitíteas C agus Cártaí faoin Acht um Leasú Sláinte ar fáil ó:

Cumann Haemaifilia na hÉireann

Urlár 1
Cúirt na hArdeaglaise
An tSráid Nua
Baile Átha Cliath 8
Éire

Teil:+353 (0)1 6579900
Facs:+353 (0)1 6579901
Láithreán Gréasáin: http://www.haemophilia.ie/
R-phost: info@haemophilia.ie

Gníomhú Dearfach

56 Cearnóg Mhic Liam
Baile Átha Cliath 2
Éire

Teil:+353 (0)1 6762853
Facs:+353 (0)1 6620009
Láithreán Gréasáin: http://positiveaction.ie/
R-phost: info@positiveaction.ie

Cumann Duán na hÉireann

Teach an Dheontóra
Bloc 43A
Páirc Thiar
Baile Átha Cliath 12
Éire

Teil:+353 1 668 9788 , 668 9789
Facs:+353 1 668 3820
Láithreán Gréasáin: http://www.ika.ie
R-phost: info@ika.ie

Tá tuilleadh eolais faoin Scéim Árachais Heipitíteas C ar fáil ó:

Scéim Árachais Heipitíteas C

Saorphoist
Riarthóír, Scéim Árachais
Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte
Lána an Mhuillin
Baile Átha Cliath 20
Éire

Lóghlao:1850 211 570
Láithreán Gréasáin: http://www.hepcinsurance.ie
R-phost: insuranceinfo@hse.ie

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 2 November 2010

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Seirbhísí na gcluas
    Cuireann na Limistéir Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) seirbhísí cluas ar fáil do dhaoine atá i dteideal dóibh, tástálacha éisteachta agus áiseanna éisteachta san áireamh. Faigh amach cé hiad atá cáilithe ó thaobh seirbhísí saor in aisce.
  • Cúntóirí Baile
    Tá cur síos sa cháipéis seo ar na seirbhísí a chuireann cúntóirí baile ar fáil agus ar an bhfáil atá orthu.
  • Seirbhísí optúla agus oftalmacha
    Tá seirbhísí optúla agus oftalmacha atá curtha ar fáil ag an seirbhís sláinte phoiblí saor in aisce do dhaoine áirithe. Teidlíochtaí, táillí agus rialacha.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.