Anseo atá tú: Baile > Sláinte > Bronnadh orgán agus fola > Deonú Fola

Print Page Send to a Friend

Deonú Fola

Eolas

Is í Seirbhís Fuilaistriúcháin na hÉireann an Comhlacht Stáit atá freagrach as bailiú, próiseáil, tástáil agus dáileadh fola agus táirgí fola in Éirinn.

Cén fáth ar cheart dom fuil a thabhairt?

  • Teastaíonn os cionn 3,000 deonú gach seachtain
  • Teastóidh fuilaistriúchán ó dhuine as gach ceathrar againn am éigin
  • Is féidir le deonú fola amháin cabhrú le téarnamh suas le triúr othar san ospidéal.

Chun a bheith i do dheontóir fola, ní mór duit a bheith folláin, a bheith idir 18 agus 65 bliain d’aois agus a bheith ar a laghad 50 cileagram (7 gcloch 12 phunt). Is féidir leat fuil a dheonú gach 90 lá.

Fuil a dheonú

  • Nuair a roghnaíonn tú fuil a thabhairt, iarrfar ort do shonraí a chlárú le Seirbhís Fuilaistriúcháin na hÉireann agus ceistneoir sláinte agus stíl mhaireachtála a líonadh isteach. Coinneofar an fhaisnéis go léir a thabharfaidh tú faoi rún.
  • Déanfar anailís ar bhraon fola chun an leibhéal haemaglóibin (iarann) a aimsiú.
  • Tar éis an phróisis scagthástála leighis, tabharfar go dtí leaba deonaithe fola tú. Cuirfear cufa brú fola timpeall uachtar do láimh agus glanfar an áit le hantaiseipteach.
  • Cuirfidh dochtúir nó altra snáthaid atá ceangailte le mála fola isteach i do lámh ansin. Coinneofar an mála as amharc faoin leaba. Iarrfar ort do lámh a oscailt agus a dhúnadh chun an sreabhadh fola a éascú.
  • Tógann an deonú fola féin idir 8-15 nóiméad. Tógtar 470 ml fola (díreach faoi phionta). Níl aon bhaol ann go bhfaighfeá aon ghalar trí dheonú fola. Úsáidtear pacáiste fola steiriúil nua do gach deontóir fola. Ní bhaintear athúsáid as riamh.
  • Glacfaidh tú scíth tar éis do chuid fola a thabhairt agus tabharfar sólaistí duit. Ba chóir duit scíth uair an chloig a thabhairt duit féin, agus níor chóir duit aon ní trom a chrochadh, a bhrú nó a phiocadh suas ar feadh ceithre nó cúig uair an chloig ar a laghad.

Fuil a Choinneáil Sábháilte

Tá Seirbhís Fuilaistriúcháin na hÉireann tiomanta soláthar fola atá chomh sábháilte agus is féidir a chur ar fáil d’ospidéil na hÉireann. Ciallaíonn sé seo go ndéanann siad tástáil ar gach deonú fola a fhaightear i gcomhair roinnt galar, ina measc Heipitíteas B, VEID agus Heipitíteas C.

Pláitíní a dheonú

Is éard atá i bpláitíní ná cealla fola beaga atá i gcolainn gach duine folláin agus atá riachtanach ionas gur féidir le fuil téachtadh i gceart. Tá daoine nach bhfuil dóthain pláitíní ina gcuid fola i mbaol fuil a chur gan choinne agus d’fhéadfaidís freisin an iomarca fola a chailleadh le linn obráide.

Ní mhaireann pláitíní ach 5-7 lá tar éis fuil a dheonú, mar sin tá sé tábhachtach soláthar leanúnach a chothú.

Teastaíonn os cionn 20,000 fuilaistriú pláitíní in Éirinn gach bliain, agus tá an líon seo fós ag dul i méid. Tugtar formhór na bpláitíní seo d’othair a bhfuil riochtaí leighis tromchúiseacha acu cosúil le hailse nó leoicéime, go háirithe iad siúd atá ag fáil ceimiteiripe nó tar éis trasphlandú smeara.

D’fhéadfadh sé go mbeadh gá acu seo a leanas le pláitíní freisin:

  • Othair atá ag dul faoi obráid tromchúiseach
  • Othair a loisceadh
  • Daoine a bhí i dtimpiste a bhfuil gortú mór ag baint dóibh
  • Naíonáin nuabheirthe a rugadh le comhaireamh íseal pláitíní.

Clárlann Smeara

Is éard atá i gClárlann Smeara Neamhghaolta na hÉireann (Irish Unrelated Bone Marrow Registry - IUBMR) ná clárlann de dhaoine atá sásta a smior a dheonú má fhaightear amach go meaitseálann sé othar óna dteastaíonn trasphlandú smeara. Tá an Chlárlann ar chuid de líonra domhanda clárlanna deontóra neamhghaolta. Ní mór breithniú cúramach a dhéanamh ar an gcinneadh a bheith i do dheontóir smeara neamhghaolta.

Léigh tuilleadh faoi Clárlann Smeara Neamhghaolta na hÉireann.

Rialacha

Cé atá incháilithe chun fuil a dheonú?

Sula dtagann tú chuig clinic chun fuil a thabhairt, seiceáil an bhfuil tú incháilithe chun fuil a dheonú.

Ná tabhair fuil go brách má bhaineann na rudaí seo a leanas leat:

  • Fuair tú fuilaistriúchán (seachas fuilaistriúchán uathlógach) in Éirinn an 1 Eanáir 1980 nó ina dhiaidh
  • Fuair tú fuilaistriúchán (seachas fuilaistriúchán uathlógach) taobh amuigh d’Éirinn ag am ar bith
  • Chaith tú bliain amháin nó níos mó, san iomlán, sa Ríocht Aontaithe idir na blianta 1980 go dtí 1996
  • Bhain tú úsáid ag tráth éigin as snáthaid chun drugaí nach cógais iad a thógáil. Tá drugaí corpfhorbartha san áireamh anseo.
  • Tá tusa nó do pháirtí VEID-deimhneach
  • Tháinig buíochán de chúis éiginnte ort tar éis 13 bliana d’aois
  • Bhí Heipitíteas B nó C ort.

Níor chóir duit fuil a dheonú ar feadh 12 mhí má bhaineann na rudaí seo a leanas leat:

  • Thug tú cuairt ar cheantar ina bhfuil Maláire
  • Bhí tú ag iompar clainne nó rugadh leanbh duit.

Níor chóir duit fuil a dheonú ar feadh 6 mhí má bhaineann na rudaí seo a leanas leat:

  • Bhí mór obráid ort.

Níor chóir duit fuil a dheonú ar feadh 4 mhí má bhaineann na rudaí seo a leanas leat:

  • Fuair tú tatú/ tolladh coirp
  • Fuair tú snáthaidpholladh ó chleachtóir nach bhfuil clárú leighis aige/aici

Níor chóir duit fuil a dheonú ar feadh 3 mhí má bhaineann na rudaí seo a leanas leat:

  • Thug tú cuairt ar cheantar trópaiceach

Níor chóir duit fuil a dheonú ar feadh míosa má bhí tú in aice le duine a bhfuil galar tógálach air/uirthi (sa chás nach raibh ionfhabhtú ort roimhe seo), m.sh. deilgneach, plucamas, bruitíneach nó bruitíneach dhearg (rubella).

Ní chóir duit fuil a dheonú ar feadh coicíse má bhí an fliú ort le déanaí nó má bhí tú ar chúrsa antaibheathach.

Níor chóir duit fuil a dheonú go dtí go bhfuil biseach iomlán ort má tá spuaic shlaghdáin nó slaghdán ort

Is féidir leat fuil a dheonú má tá tú ar Teiripe Athsholáthair Hormón nó ag tógáil piollaire frithghiniúnach béil. Má tá tú ar réim cógas fadtéarmach, ba chóir duit dul i dteagmháil le Seirbhís Fuilaistriúcháin na hÉireann roimh duit fuil a dheonú.

Cé atá incháilithe chun pláitíní a dheonú?

D’fhéadfadh sé go mbeifeá feiliúnach chun pláitíní a dheonú má tá an méid seo a leanas fíor fút:

  • Tá fuilghrúpa O, A nó B agat
  • Tá tú idir 18 mbliana d’aois agus 60 bliain d’aois
  • Tá tú os cionn 8 gcloch 9lb meáchain (55kg).

Murar thug tú pláitíní riamh cheana, iarrfar ort aonad amháin fola a dheonú roimh duit pláitíní a thabhairt. Déantar é seo chun a chinntiú go bhfuil do chomhaireamh pláitíní féin sách ard chun pláitíní a dheonú. Beagáinín níos lú ná pionta atá in aonad amháin fola.

Conas iarratas a dhéanamh

Fuil a thabhairt

Faigh amach an féidir leat fuil a thabhairt trí quiz cáilitheachta a thógáil. Tá 10 gceist ann agus tógann sé timpeall nóiméad amháin chun é a chomhlánú.

Má tá aon cheisteanna agat faoi fhuil a dheonú, seol teachtaireacht ríomhphoist mailto:info@ibts.ie nó cuir glaoch ar Líne Faisnéise Sheirbhís Fuilaistriúcháin na hÉireann ag 1850 731 137.

Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil ag www.giveblood.ie.

Deonú pláitíní

Más mian leat coinne a chur in áirithe i gcomhair measúnú chun a bheith i do dheontóir pláitíní líon isteach an Fhoirm Iarratais Pláitíní nó téigh i dteagmháil le 01 432 2833 (Baile Átha Cliath) nó 021 480 7429 (Corcaigh).

Deonú smeara

Cláraigh don Phainéal Smeara trí úsáid a bhaint as an bhfoirm iarratais ar líne.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Tá 10 gclinic deonaithe fola ann, 3 cinn atá bunaithe go buan i mBaile Átha Cliath agus i gCorcaigh, agus 7 gclinic soghluaiste a fhreastalaíonn ar an gcuid eile den tír. Faigh an clinic is gaire duit.

Address

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 2 February 2012

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Corp agus orgáin a bhronnadh
    Is iomaí duine a thugtar slán gach bliain le bronnadh orgáin agus trasphlandú. Faisnéis faoi bhronnadh orgáin agus faoi do chorp a bhronnadh le haghaidh taighde leighis.
  • Seirbhísí optúla agus oftalmacha
    Tá seirbhísí optúla agus oftalmacha atá curtha ar fáil ag an seirbhís sláinte phoiblí saor in aisce do dhaoine áirithe. Teidlíochtaí, táillí agus rialacha.
  • Heipitíteas C agus Cártaí faoin Acht um Leasú Sláinte
    Tá cur síos sa cháipéis seo ar na seirbhísí atá ar fáil do dhaoine a fuair Heipitíteas C ó Ghlóbailin Imdhíonachta Daonna-Frith-D nó ó aon tháirge fola nó aistriú fola a fuair siad in Éirinn.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.