Má tá cúram oispidéil uait, nó má tá tú faoi mhíchumas, nó má tá tú i gcúram ar dhuine atá ar éagumas, gheobhaidh tú eolas ar chúram leighis.
Is féidir leat eolas a fháil faoi do theidlíocht do sheirbhísí sláinte chomh maith le do theidlíocht do chárta leighis. Chomh maith, d’fhéadfá eolas a aimsiú faoi sheirbhísí ospidéil, seirbhísí sláinte meabhrach agus seirbhísí cúram pobail.
Tá eolas ar fáil faoi réimse sochar a áiríonn an Scéim Íocaíochta Drugaí, Scéim Tinneas Fadtéarmach, Sochar Díobhála agus an Scéim um Sochar Coireala .
Má tá míchumas agat, is féidir leat eolas a fháil faoi do theidlíochtaí, san áireamh LiúntasMíchumais, Sochar Breoiteachta, Sochar Míthreorach, Pinsean Easlaínte agus Pinsean na nDall.
Má tá tú ag tabhairt aire do dhuine faoi mhíchumas, d’fhéadfá eolas a aimsiú faoi do theidlíocht do Liúntas Cúramóra, Sochar Cúramóra agus Liúntas Cúram Baile.
Tá faoisimh agus liúntais chánach ar fail do dhaoine a íocann costais leighis nó a bhfuil faoi mhíchumas.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.