Anseo atá tú: Baile > Sláinte > Sláinte Mhalartach > Cleachtóirí i gcúram comhlántach agus malartach sláinte a chlárú

Print Page Send to a Friend

Cleachtóirí i gcúram comhlántach agus malartach sláinte a chlárú

Eolas

Níl aon riachtanais reachtúla clárúcháin ann faoi láthair a bhaineann le cleachtóirí a bhíonn ag plé le leigheas comhlántach agus malartach in Éirinn.

Ach, mar chéadchéim sa phróiséas forbartha ar chóras clárúcháin do chleachtóirí sláinte comlántaigh agus malartaigh thionól an tAire Sláinte fóram i Meitheamh 2001 leis na ceisteanna praiticiúla cuí a scrúdú agus a chiaradh. Tá sé leagtha síos sa Straitéis Sláinte go bhfuil roinnt ceisteanna nach mór d'aon chóras clárúcháin a chur san áireamh, mar seo a leanas:

  • Earnálacha na dteiripeach atá le cur san áireamh
  • An bunús fianaise do gach teiripe
  • Cailíochtaí oideachais, oiliúint agus taithí na dteiripeach
  • Réimse an chleachtais atá i gceist
  • Cosaint an phobail agus cur chun cinn scoth na seirbhíse, éifeacht na dteiripí atá curtha ar fáil san áireamh
  • Rialacháin i dtíortha eile a bhaineann le teiripigh mhalartacha agus
  • Na moltaí reatha maidir le clárúchán reachtúil lucht proifisiúnta sláinte agus cúraim shóisialta (pdf format) in Éirinn.

Ag éirí as obair an fhóraim d'iarr an tAire ar an bhForas Riaracháin tuairisc a chur le chéile ar mholtaí le dul chun cinn a dhéanamh, ag cur san áireamh tuairimí foirmiúla na ngrúpaí ionadaithe a ghlac páirt san fhóram.

Seachadann an tuairisc, a foilsíodh i mí na Samhna 2002 ar Chaibidil 7, Gníomh 106 de Straitéis Sláinte na hÉireann. Ina theannta seo, déanann sé roinnt moltaí ar thograí don slí chun cinn. Ina measc seo tá:

  • Grúpa Oibre a bhunú chun scrúdú agus staidéar a dhéanamh ar shaincheisteanna rialacháin in Éirinn
  • leanúint le próiseas comhairliúcháin agus forbairt a dhéanamh air
  • tacaíocht do theiripí aonaracha i bhforbairt nó láidriú a gcórais féin-rialacháin

Mar a mholtar sa tuairisc, tá Grúpa Oibre Náisiúnta bunaithe anois chun an clár oibre atá leagtha síos sa tuairisc a chur chun cinn. Bhí a chéad chruinniú ag an ngrúpa oibre i mBealtaine 2003. Ceapadh go mbeadh tuairisc faighte ón nGrúpa Oibre taobh istigh de dhá bhliain ón am a bunaíodh é. Is é sin le rá, roimh dheireadh 2005. I mí Mheitheamh 2005, chuir an tAire Sláinte béim arís ar an bpráinn a bhaineann le hobair an Ghrúpa Náisiúnta. Tá an tuairisc chun a bheith curtha i gcrích taobh istigh de chúpla mí anois.

Go dtí go mbeidh comhshaol rialacháin bunaithe do theiripeoirí sláinte comhlántacha agus malartacha, tá sé ráite ag an Roinn Sláinte go leanfaidh siad ag forbairt eochair-theachtaireachtaí chun an pobal a threorú i leith teiripe comhlántaí agus malartaí.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 30 July 2010

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.