Anseo atá tú: Baile > Sláinte > Sláinte Mhalartach > Cógais Luibhe

Print Page Send to a Friend

Cógais Luibhe

Eolas

Go ginearálta, ní mór go mbeadh táirgí atá díolta mar chógais nó táirgí a bhfuil cáilíochtaí leigheasacha acu ceadúnaithe ag Bord Leigheasra na hÉireann (BLÉ) sula mbíonn siad ar fáil le ceannach in Éirinn. Tháinig fadhbanna aníos maidir le ceadúnas a chur ar fáil do chógais traidisiúnta luibhe, go háirid maidir lena n- éifeacht chliniciúil a chruthú. Dá bhrí sin, iarradh ar BLÉ moladh a chur chun cinn le córas náisiúnta ceadúnúcháin a fhorbairt do tháirgí traidisiúnta agus leigheasacha malartacha, táirgí leigheasacha luibhe san áireamh.

Rialacha

D'fhoilsigh BLÉ tuairisc ar a tugtar Tuairisc Dheireanach an Togra um Chógais Luibhe i mí Eanáir 2002. Bunaíodh Coiste Eolaíochta um Tháirgí Leigheasacha Luibhe le cúnamh a thabhairt don BLÉ an tuairisc sin a chur le chéile.

Tá sé mar aidhm ag an scéim mholta cheadúnúcháin cinntiú go mbeidh fáil i gcónaí sna gnáthshiopaí miondíola ar tháirgí traidisiúnta leigheasacha agus gur féidir le tomhaltóirí a bheith cinnte de na rudaí seo maidir leis na táirgí cláraithe traidisiúnta leigheasacha a cheannaíonn siad:

  • Go bhfuileadar ag cloí le caighdeán cáilíochta cuí
  • Go bhfuileadar sábháilte faoi na coinníollacha molta úsáide
  • Gur féidir a bheith ag súil go bhfeidhmeoidh siad de réir traidisiúin úsáide bhunaithe agus
  • Go bhfuil lipéid chuí orthu.

Rialachán Molta an AE

D'fhoilsígh Coimisiún na hEorpa Rialachán Molta an AE um Tháirgí Leigheasacha Traidisiúnta Luibhe i mí Eanáir 2002. Tá Parlaimint agus Comhairle na hEorpa ag plé an Rialacháin seo. Tá scéim mholta IMB móran ag coinneáil leis an rialachán atá molta ag an AE.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Bord Leigheasra na hÉireann

Teach Caoimhín Ó Máille
Lárionad Phort an Iarla
Ardán Phort an Iarla
Baile Átha Cliath 2
Ireland

Teil:+353 (0)1 676 4971
Facs:+353 (0)1 676 7836
Láithreán Gréasáin: http://www.imb.ie
R-phost: imb@imb.ie

An Roinn Sláinte

Teach Hawkins
Sráid Hawkins
Baile Átha Cliath 2
Éire

Teil:+353 1 635 4000
Lóghlao:1890 200 311
Facs:+353 1 635 4001
Láithreán Gréasáin: http://www.dohc.ie

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 21 June 2010

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.