Tá réimse clár in Éirinn a bhfuil mar chuspóir acu daoine a chur ar an eolas faoi na contúirtí a ghabhann leis an iomarca alcóil agus meon freagrach i leith an alcóil a chur chun cinn.
Clár oiliúna is ea Ag Díol Alcóil go Freagrach atá dírithe ar thábhairneoirí agus fhoireann bheáir chun cabhrú leo déileáil le fadhbanna cosúil le meisce, daoine faoi aois ag ól, agus daoine ag ól agus ag tiomáint. Ba é an tAonad um Chothú Sláinte de chuid na Roinne Sláinte a chuir an clár ar siúl i dtosach báire, in éineacht le Cónaidhm Fíoncheannaithe na hÉireann. Is é Fáilte Ireland, áfach, an comhlacht rialtais le haghaidh oiliúna agus forbartha i dtionscal na turasóireachta, atá i gceannas ar fheidhmiú an chláir anois. Spreagann an clár Ag Díol Alcóil go Freagrach tábhairneoirí agus daoine eile ag díol alcóil le déileáil go gníomhach le hólachán mífhreagrach. Clúdaíonn seo gan deoch a thabhairt do chustaiméirí atá ar meisce cheana, ag iarradh ar chustaiméirí óga a gcuid Cártaí Aoise a thaispeáint mar chruthú aoise agus iompar a chur ar fáil do thiománaithe a bhfuil an seans ann go bhfuil siad thar an teorainn dhleathach. Ceardlann trí huaire atá sa traenáil. Bronntar teastas críochnaithe ar gach duine a ghlac páirt. Ní mór d'éinne ar spéis leis nó léi cur isteach ar an gclár seo dul i dteagmháil go díreach le Fáilte Ireland.
De réir an chreatdhoiciméid is í príomhfheidhm pholasaí coláiste i leith alcóil an díobháil a leanann mar thoradh ar mhí-úsáid alcóil a theorannú. Chuige seo moltar do na coláistí go leor seirbhísí sásúla tacaíochta a chur ar fáil dóibh siúl a bhfuil deacrachtaí le halcól acu. Ba cheart go mbeadh sé ina chuid lárnach de pholasaí coláiste an fhoireann agus na mic léinn a chur ar an eolas faoin alcól agus na contúirtí a ghabhann lena mhí-úsáid, chomh maith le díol freagrach an alcóil i mbeáranna an choláiste.
Ceann de na ceisteanna is práinní do na coláiste is ea urraíocht alcóil agus fógraíocht alcóil sna coláistí féin. Go traidisiúnta tugann grúdlanna urraíocht mhór do imeachtaí a eagraíonn cumainn agus clubanna na gcoláistí agus ceardchumainn na mac léinn. Go minic bíonn ionadaithe na ngrúdlanna ag feidhmiú sna coláistí, ar lorg deiseanna tionscnaimh agus ag freagairt do iarratais ar urraíocht, go ginearálta trí ceaigeanna agus uaireanta airgead a thabhairt. Táthar ag iarraidh anois ar údaráis na gcoláistí é seo a rialú agus urraíocht eile a lorg do imeachtaí sóisialta agus spóirt. Mar shampla, i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh tá ciste lárnach ag comhlacht amháin a thugann urraíocht do na clubanna ar fad, ag fáil réidh le hurraíocht na ngrúdlanna agus alcóil. Chuir cuid mhaith coláistí eile cosc ar phostaeir ag gealladh dí saor in aisce nó an-saor, ar imeachtaí a thacaíonn le hólachán mífhreagrach agus ar bhiotáille a chur ar aghaidh.
Is féidir le coláistí iarradh ar ghrúdlanna táille a íoc as margadh an choláiste a úsáid, mar a dhéantar i gcás na mbanc.
Tá Suirbhé Náisiúnta ar Alcól agus Dochar á feidhmiú sna ranna taisme agus éigeandála i gcúig ospidéal ar fud na tíre: An Ospidéal Mater agus Ospidéal Beaumont i mBaile Cliath, Ospidéal Réigiúnach Phort Láirge, Ospidéal Réigiúnach Ghaillimh, Ospidéal Sligeach agus Ospidéal Leitir Ceannain. Déanfaidh an staidéar an dochar bainteach le halcól a dhéantar a chóireáil sna ranna taisme agus éigeandála a thoghadh agus cabhroidh sé le ospidéil a bhfreagairt ar an dochar seo.
Le déanaí rinne an Roinn Sláinte an tAonad um Staidéir Chothaithe Sláinte i gColaiste na hOllscoile, Gaillimh i gcomhpháirtíocht leis an Tionscadal Náisiúnta Monatóireachta Alcóil a choimisniú chin tionchar fhógraíocht alcóil ar dhéagóirí in Éirinn a scrúdú. Iarradh ar ghrúpaí daoine óga na fógraí ba ghile leo a ainmniú agus a chur in iúl cén fáth gur thaitin siad chomh mór leo. Bhí an tóir ar fhógraí alcóil ach go háirithe i measc na ngrúpaí agus bhí daoine óga den bharúil go raibh lucht na fógraíochta ag díriú a naird go díreach ar a n-aoisghrúpa siúd. Mhol an tuairisc go ndéanfaí méid na fógraíochta alcóil dírithe ar leanaí agus dhéagóirí in Éirinn a laghdú go suntasach. Ina theannta sin dar leis gur gá na cóid fhógraíochta maidir le halcól a leasú, ó thaobh na fógraí seo a úsáid agus a mhonatóireacht ach go háirithe.
Mhol an tuairisc chomh maith nár chóir go mbeadh eolas faoi tháirgí ag cur daoine ar seachrán (mar shampla brandaí áirithe ag cur in iúl go bhfuil siad "éadrom" cé bhfuil méid suntasach alcóil iontu) agus go ndéanfaí fógraí sábháilteachta agus nó rabhaidh shláinte a úsáid i bhfógraí alcóil. Chríochnaigh an tuairisc le moladh go mbeadh traenáil ghinearálta i litearthacht na meán cumarsáide bainteach le halcól ar fáil i scoileanna, a ligfeadh do dhaoine óga a bheith eolach faoi fhógraíocht.
Tá fógraíocht alcóil á athbhreithniú faoi láthair ag grúpa idir rannach, agus é mar chuspóir aige reachtaíocht a thabhairt isteach chun an limistéar seo a rialú. I láthair na huaire, déantar féin-rialú ar fhógraíocht an alcóil. Tá a cód cleachtais féin faoi cén chaoi ba chóir fógraíocht a dhéanamh ar alcól ag Údarás na gCaighdeán Fógraíochta (ASAI), craoltóirí, agus tionscal an dí.
Chomh maith le cód cleachtais maidir le fógraíocht a dhéanamh ar alcól a fhorbairt, chuir Grúpa Thioncal an Dí tús le próiseas chun cóip a cheadú, a dhéanann athbhreithniú ar na fógraí alcóil go léir ó thús deiridh. Caithfidh aon fhógra a bhriseann na cóid eadsula chleachtais maidir le fógraíocht alcóil a chur ar ceal. Tá daoine sinsearacha ó thionscal na fógraíochta ar an bpainéal i gcomhpháirtíocht le hInstitúid Cleachtóirí na Fógraíochta agus Cumann na bhFógróirí.
Os rud é gur craoltóir seirbhíse phoiblí é RTE, feidhmíonn sé a gcuid rialachán féin maidir le fógraí alcóil. Ní ligfidh RTE d'aon fhógraí le haghaidh biotáille ar cheachtar den dá stáisiúin theilifíse nó ar aon cheann dá stáisiúin raidió. Cé fur féidir fógraíocht a dhéanamh ar alcól i rith an lae ar fad ar RTE, ní bhíonn aon fhógraí alcóil ar RTE 2 go dtí i ndiaidh 7.30 i.n. Déantar seo mar gur lucht éisteachta óg go príomha atá ag an dara stáisiún. I gcásanna áirithe, déanann RTE cinneadh nach mbíonn aon fhógraí alcóíl ar RTE 1, mar shampla, má scannán linbh ann.
Fágtar faoi na comhlachtaí dí féin, áfach, cathain agus cá háit a chuirtear na fógraí i láthair agus is anseo a fheictear an ról atá ag féin-rialú. Níl cód cleachtais ag na craoltoiri neamhspleácha go léir, ach glacann siad le caighdeáin fhógraíochta Údarás na gCaighdeán Fógraíochta.
Bhunaigh tionscal na fógraíochta Údarás na gCaighdeán Fógraíochta agus tugann maoiniú dó le go mbeidh monatóireacht ar chaighdeáin na fógraíochta. D'fhorbair Údarás na gcaighdeán Fógraíochta Cóid i gCaighdeáin Fhógraíochta i roinnt limistéar, alcól san áireamh. Caithfidh gach fógra ag díol alcóil glacadh leis na cóid seo. Déanann Údarás na gCaighdeán Fógraíochta monatóireacht ar fhógraí le cinntiú nach mbriseann siad na cóid ábhartha agus le gearáin faoi na fógraí a ghlacadh ón bpobal.
Eagraíocht is ea an Club gan Ainm a dhéanann iarracht deis shóisialta a thairiscint do dhaoine óga atá saor ó alcól agus drugaí. Is féidir Clubanna gan Ainm a fháil ar fud na tíre agus oireann siad do dhaoine óga idir 15 agus 18 mbliana d'aois. Faigheann siad maoiniú ó Aonad um Chothú Sláinte de cuid na Roinne Sláinte. Is é an cuspóir atá ag na clubanna deis a thabhairt do dhaoine óga a gcuid scileanna eagrúcháin agus sóisialta a fhorbairt trí páirt a ghlacadh sna himeachtaí éagsúla. Eagraíonn an chuid is mó de na clubanna a gcuid dioscóanna agus imeachtaí spóirt féin agus oibríonn siad i gcomhar le grúpaí pobail eile, grúpaí do dhaoine níos sine nó do dhaoine faoi mhíchumas mar shampla.
I ndeireadh na dála tá súil againn nach mbeidh an oiread sin tionchair ag piarbhrú ar na daoine óga sna clubanna seo mar thoradh ar an muinín agus na scileanna méadaithe a bheas acu, agus gur lú an chosúlacht go mbeidís ag ól as cuimse nó go mbeidh drochiompar eile idir lámha acu.
De réir na gcód iompair atá ag Údarás na gCaighdeán Fógraíochta ní mór do fhógraí:
Déantar gearáin cúig Údarás na gCaighdeán Fógraíochta a fhiosrú saor in aisce. Má tá tú ag gearán i do aonar nó mar ghrúpa tomhaltóirí, fanfaidh d'aitheantas rúnda agus ní chuirfear in iúl d'éinne é.
Má tá fonn ort an cúrsa Ag Díol Alcóil go Freagrach a dhéanamh, ba chóir duit dul i dteagmháil le Fáilte Ireland go díreach.
Is féidir aon ghearáin faoi fhógraíocht alcóil ar an teilifís, ar raidió, ar an idirlíon, ar phostaeir, leabhráin, nuachtáin, irisí, nó sa phictiúrlann, nó i litreacha fógraíochta, ábhair fógraíochta díolacháin etc., a chur faoi bhráid Údarás na gCaighdeán Fógraíochta. Is féidir gearáin a dhéanamh trí litir, faics no ríomhphost a sheoladh le d'ainm iomlán agus do sheoladh. Ná déan dearmad na rudaí seo a chur isteach (más féidir leat):
Skills Development
Sráid Amiens
ZZZ
Ireland
Teil:+353 1 855 6555
Lóghlao:1890 525525
Facs:+353 1 855 6821
Láithreán Gréasáin: http://www.failteireland.ie
R-phost: info@failteireland.ie
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.