Anseo atá tú: Baile > Sláinte > Seirbhísí Cóireála Alcóil agus Drugaí > Seirbhísí chun andúil a chóireáil

Print Page Send to a Friend

Seirbhísí chun andúil a chóireáil

Eolas

De bharr go bhfuil mí-úsáid alcóil ag méadú in Éirinn, tá sé riachtanach go mbeadh áiseanna cóireála sásúla ar fáil do dhaoine a bhfuil fadhbanna dí acu. Cuireann do bhord sláinte áitiúil seirbhís chuimsitheach andúile san alcól ar fáil, maoinithe ag an Roinn Sláinte . Tá roinnt clár príobháideach ann chomh maith, a chuireann cabhair ar fáil dóibh siúd atá ag iarraidh tionchar na handúile san alcól a chomhrac.

Is fadhb í mí-úsáid alcóil ar féidir léi dul i gcion ar dhaoine nuair a n-ólann siad an iomarca alcóil d'aon ghnó, is cuma cén aois iad nó cén cúlra atá acu. Is fadhb throm leighis agus shóisialta í ach ní hionann í agus an alcólachas.

Galar leighis is ea an alcólachas agus teastaíonn cóireáil, comhairliú nó cabhair leighis ó dhaoine leis an ngalar seo le go mbeidís in ann foghlaim cén chaoi an t-ól a stop agus saol níos sláintiúla a chaitheamh.

Forbhreathnú atá sa doiciméad seo ar na seirbhís éagsúla atá ar fáil in Éirinn chun andúil san alcól a chóireáil agus na struchtúir thacaíochta a chuidíonn le clanna agus cairde na ndaoine a bhfuil drochthionchar orthu ag an andúil san alcól.

Seirbhísí na mbord sláinte

Cuireann an Rialtas de dhualgas ar gach bord sláinte seirbhísí sláinte intinne a chur ar fáil don phobal. Tá na seirbhísí seo ina gcuid lárnach den chlár cúraim pobail agus tacaíonn liachleachtóirí ginearálta leo. Oibríonn comhairleoirí andúile laistigh den fhoireann sláinte intinne, agus go hiondúil bíonn síciatraí comhairleach, oibrí sóisialta, altra síciatrach pobail agus pearsanra riaracháin páirteach san fhoireann seo. Cuireann an bord sláinte roinnt clár cónaithe ar fáil dóibh siúd le fadhbanna alcóil.

Tá ról níos tábhachtaí á ghlacadh ag an liachleachtóir ginearálta (GP) maidir le tacaíocht a thabhairt do othair le fadhbanna alcóil agus in Éirinn is iad liachleachtóirí ginearálta a chuireann an chuid is mó de na cásanna chuig na seirbhísí cóireála andúile. Tá an tAonad um Chothú na Sláinte de chuid na Roinne Sláinte rannpháirteach i dtacaíocht a chur ar fáil do liachleachtóirí ginearálta le h-othair ag lorg cabhrach mar gheall ar mhí-úsáid alcóil. Eagraíonn an tAonad seiminéir agus léachtanna agus tríd an clár Feasacht faoi Alcól/Alcohol Aware Practice chuir sé oiliúint speisialta ar fáil do liachleachtóirí chun cabhrú leo deileáil he hothair a bhfuil fadbhanna acu bainteach le halcól.

Seirbhísí príobháideacha cóireála

Tá roinnt seirbhísí príobháideacha cóireála ar fáil do andúile alcóil in Éirinn. Tá na seirbhísí a chuireann siad ar fáil an-chosúil leis na cinn a chuireann na boird sláinte ar fáil. Beidh rogha agat idir cóireáil chónaithe agus cóireáil eisothair. Bainfear leas as teiripe aonair agus teiripe ghrúpa chun cabhrú leat do chuid olacháin a thuiscint agus a smachtú, agus go hiondúil clúdaíonn na cláir cabhair do na teaghlaigh agus daoine eile a dtéann fadhb olacháin dhuine eile i gcion orthu. Níl cláir chóireála phríobháideacha saor in aisce agus beidh praghasanna éagsúla ag na cláir éagsúla. Tá socruithe so-íocaíochta ar fáil ó roinnt aonad príobháideach agus is féidir na costais a idirbheartú ag cur gach cás san áireamh. Is féidir le hárachas sóisialta nó árachas sláinte príobháideach a chlúdach.

Roghanna cóireála

Is féidir andúile alcóil a chóireáil ar bhonn cónaitheach nó eisothair. Brathfaidh seo ar chúinsí agus ar rogha pearsanta an othair. Déantar formhór na ndaoine a chóireáil sa phobal mar eisothair agus is féidir leo cóireáil agus comhairliú a fháil i gclinicí eisothair agus ospidéil lae. Má fhaightear fadhbanna andúile san alcól i gcuideachta le fadhbanna eile síciatracha nó sláinte, is féidir le gairmithe cúraim sláinte, leithéidí bhanaltra dúiche nó bhanaltra síciatrach, cuairt a thabhairt an othar sa mbaile. Beidh oibrí sóisialta síciatrach ag obair san fhoireann sláinte intinne taobh leis an gcomhairleoir andúile agus d'fhéadfaí iarraidh air feidhmiú mar theagmháil idir na daoine éagsúla ag obair ar chás ar leith, na seirbhísí cúirte agus promhaidh, cuir i gcás, nó na seirbhísí leasa shóisialaigh. Ar brath ar na riachtanais choireála a bheadh aige nó aici, d'fhéadfaí an t-othar a chur ar ais chuig a liachleachtóir ginearálta le go mbeadh sé/sí in ann cúram leanúnach a fháil.

Clinicí eisothair agus ospidéil lae

Má mhol liachleachtóir ginearálta cóireáil le haghaidh mí-usáide alcóil, is é an clinic eisothair an chéad teagmháil a bheas ag duine le seirbhísí cóireála andúile boird sláinte. Ciallaíonn clinic eisothair clinic sa phobal a dtéann daoine ann, go hiondúil tar éis coinne a dhéanamh, le go ndéanfaí iad a mheasúnú, a chóireáil nó le go bhfaighfidís cabhair chun an andúil a bhainistiú. Is minic na clinicí a bheith bunaithe in ionaid chúraim don phobal. Oibríonn comhairleoirí andúile sna ospidéil lae chomh maith. Chomh maith le comhairliú andúile, is féidir le seirbhísí cúraim don phobal cúrsaí eile bainteach le halcól a eagrú. Rachaidh teiripe teaghlaigh, teiripe lánúineacha, agus grúpaí do dhaoine i gcúram i ngleic leis na ceisteanna arbh fhéidir le hólachán fadhbach a ardú sna gaoil áirithe seo. Cuidíonn cúrsaí a phléann le hólachán fadhbach agus ólachán faoi smacht le daoine a gcuid ólacháin a bhainistiú. Cuirtear cláir eolas ar siúl go minic do ghairmithe (mar shampla cúram sláinte, seirbhísí sóisialta, cúirte agus promhaidh) agus do dhaoine ar spéis leo na cúiseanna agus na tionchair a bhaineann le hólachán fadhbach a thuiscint. Ba chóir duit teagmháil a dhéanamh le do bhord sláinte áitiúil má tá tuilleadh eolais uait faoi na seirbhísí i do cheantar féin.

Comhairliú andúile

Má tá stair mí-úsáide alcóil agat agus má shocraíonn tú ar chomhairliú andúile a lorg, is é an chéad rud le déanamh ná dul go dtí comhairleoir andúile, a dhéanfaidh measúnú ort sula gcuirfidh sé ar aghaidh thú i gcomhar cóireála breise. Is éard atá sa mheasúnú seo comhrá ionraic idir tú féin agus an comhairleoir, agus, b'fhéidir, baill de do theaghlach nó daoine eile bainteacha a ndeachaigh do mhí-úsáid alcóil i bhfeidhm orthu. Pléifidh an comhairleoir andúile na roghanna cóireála leat, agus ansin cuirfear ar aghaidh thú le go ndéanfar measúnú leighis ort. Nuair atá an teolas ar fad idir lámha agat, is féidir leat cinneadh a dhéanamh faoi na roghanna cóireála a bheas bunaithe ar an gcomhairle a tugadh duit. Moltar do dhaoine staonadh ó alcól go hiomlán agus iad i mbun comhairlithe. Aithnítear áfach nach mbeadh sé indéanta i gcónaí staonadh ó alcól sa ghearrthéarma. Tabharfaidh do chomhairleoir andúile comhairle duit faoi cén chaoi ba chóir duit déileáil le do chuid ólacháin. Go ginearálta, déanfaidh an comhairleoir andúile gach cás a mheas ann féin agus níl aon riail absalóideach faoi staonadh. Is baill iad a bhformhór comhairleoirí andúile de Chumann na gComhairleoirí Alcóil agus Andúile in Éirinn, an comhlacht creidiúnaithe do chomairleoirí andúile in Éirinn.

Ospidéil phoiblí

Má cuireadh duine san ospidéal de bharr a chuid ólacháin, déanfaidh síciatraí comhairleach measúnú air nó uirthi le fáil amach an gá cúram cónaitheach a thabhairt de bharr an riocht ina bhfuil sé nó sí. Má tá tacaíocht shásúil theaghlaigh ag an othar, d'fhéadfaí é/í a chur chuig comhairleoir andúile chun déileáil lena f(h)adbh ólacháin, agus é/í a chur abhaile le haghaidh cóireála mar eisothar. Mura bhfuil aon ghréasán tacaíochta lasmuigh, d'fhéadfaí duine a ligean isteach in ospidéal go dtí go mbeadh a riocht buanaithe agus ansin a chur ar aghaidh chuig comhairleoir andúile. Is féidir clár díthocsainithe a dhéanamh in ospidéal poiblí má tá riocht leighis ag duine ar gá dá barr é/í a fhaire go lánaimseartha.

Ospidéil síciatracha

Má tá fadhbanna síciatracha ag duine, cosúil le dúlagar nó síocóis agus má théann fadhb ólacháin i gcuideachta leis na fadhbanna seo, d'fhéadfaí leaba i mbarda géar in aonad síciatrach a thabhairt dó nó di. Ní bhreathnaítear ar andúile san alcól áfach mar ghalar síciatrach nó mar andúil inti féin. Mura bhfuil galar intinne ann chomh maith ní dhéanfar é a chóireáil in aonad síciatrach.

Díthocsainiú

Roimh roinnt clár comhairlithe (cláir chónaitheacha ach go háirithe) ní mór do chliaint clár díthocsainithe a dhéanamh. Scaipfidh an díthocsainiú an dúil chráite fhisiciúil san alcól ar siomtóm é den andúil san alcól. Don chuid is mó, déanfar an díthocsainiú ar bhonn eisothair faoi stiúir liachleachtóra ghinearálta. Déanfar dáileog de dhruga láidir frith-imníoch mar Librium a ordú, a laghdófar de réir a chéile, agus a riarfar ar feadh tréimhse idir cúig agus deich lá chun an t-éifeacht atá ag an staonadh ón alcól a éascú. Ní théann díthocsainiú i ngleic leis na ceisteanna síceolaíocha faoi deara duine a bheith ag mí-úsáid alcóil. Chun go n-éireodh leis an gcóireáil, go hiondúil caitheann daoine glacadh le comhairliú le go mbeidís in ann a n-andúil a thuiscint agus a bpátrún iompair a athrú. Má theastaíonn tuilleadh eolas uait ba chóir duit labhairt le do liachleachtóir ginearálta faoi chlár oiriúnach díthocsainithe.

Úsáid drugaí ordaithe chun andúil san alcól a chóireáil

I roinnt cásanna beidh drugaí ordaithe ag teastáil ó alcólach chun cabhrú leo ag tosach na cóireála. Cuirtear "cógasteiripe" ar úsáid drugaí chun andúil a chóireáil agus clúdaítear an chuid is mó de na drugaí úsáidte go coitianta faoin Scéim Íocaíochta Drugaí. Is iad seo a leanas na drugaí a úsáidtear agus andúil san alcól á cóireáil:

  • Campral: Druga frith-andúil is ea Campral, a úsáidtear chun athiompú othar alcólach a chosc. Oibríonn sé ar cheimic na hinchinne chun an andúil san alcól a laghdú agus is féidir leis athiompú a chosc i gcás alcólach atá ag bisiú.
  • Rev'Ia (Naltrexone): Is féidir le Rev'Ia chomh maith andúil san alcól a alcól agus cabhrú le daoine staonadh ón alcól. Ina theannta sin laghdaíonn sé an mheisce má athiompaíonn duine agus an druga á úsáid aige. Níl Rev'Ia andúileach agus is beag iad na fo-iarsmaí atá aige. Ba chóir Campral agus Rev'Ia a ghlacadh mar chuid de chlár chun teacht slán on andúil. Ní dhéanann na drugaí seo ach na simtóim fhisiciúla a chóireáil agus ní théann siad ngleic le bunchúiseanna (síceolaíocha) na handúile.
  • Librium: Úsáidtear Librium chun giúmair daoine a bhuanú fad is atá siad ag dul trí chlár díthocsainithe. Laghdaíonn sé an t-imní atá coitianta le linn na tréimhse nuair atáthar ag staonadh ón alcól agus is féidir leis an dúil san ólachán a laghdú chomh maith.
  • Antabuse (Disulfiram): Má tá duine ag tógáil Antabuse agus má ólann sé alcól, beidh masmas agus urlacan an dona aige dá bharr. Ní bheidh aon drochthoradh ag an ndruga ar an gcóras mura measctar le halcól é. Ní úsáidtear an druga seo ach i gcásanna an-dona agus ní éiríonn leis mura bhfuil an cliant toilteanach leanacht ar aghaidh ag tógáil an druga.
  • Heminevrin: Usáidtear Heminevrin uaireanta chun an droch-éifeacht a bhíonn ag staonadh ón alcól a laghdú. Tá an druga féin thar a bheith andúileach, áfach, agus ní mór monatóireacht an-chúramach a dhéanamh ar chliaint ag úsáid na druga seo le bheith cinnte nach n-aistríonn siad an andúil san alcól go dtí andúil i heminevrin. Tá an chontúirt ann chomh maith má thógann duine alcól an Heminevrin le chéile go dtarlódh anlucht marfach.

Cláir chónaitheacha

Tógann cóireáil cónaitheach an cliant amach as an ngnáththimpeallacht agus ó fhoinsí uile alcóil. Déantar othair a mhealladh óna andúil san alcól agus tosaíonn siad clár teiripe, seisiúin ghrúpa, aonair agus theaghlaigh san áireamh. Cuid lárnach de gach clár is ea an t-iarchúram. Leanann an chuid is mó de na cláir chónaitheacha ar aghaidh ar feadh tréimhse idir 30 agus 42 lá. Tá teorainneacha éagsúla aoise ann, ag brath ar an gclár atá i gceist. Deartar roinnt clár chun déileáil le daoine nach bhfuil ach 15 bliana slánaithe acu, agus tá cláir eile nach nglacann ach le daoine thar 18 mbliana d'aois. Go hiondúil beidh líon beag cliant, idir fhir agus mhná , (suas go dtí 10) agus iad lonnaithe i dteach de chuid an bhoird shláinte le linn an chláir.Ní mór do chliaint bheith saor ó alcól ar feadh seachtaine sula dtosaíonn an chuid is mó de na cláir agus is féidir iad a chur ar ais chuig a liachleachtóir ginearálta le haghaidh díthocsainithe más gá sin. Is féidir le dochtúir, oibrí sóisialta, na cúirteanna agus na seirbhísí promhaidh chomh maith le altraí pobail agus áiteanna oibre daoine a chur chuig na cláir chónaitheacha. Is féidir leat féin dul i dteagmháil leis na cláir seo agus déanfar an fhoireann tú a mheasúnú. Tá costais éagsúla ar na cláir chónaitheacha, ach go hiondúil is táille bheag a bheas i gceist chun bia etc. a chlúdach le linn don chliant a bheith ann. Ag brath ar na cláir, d'fhéadfadh cárta leighis nó íocaíochtaí leasa shóisialaigh, mar shampla sochair mhíchumais, na costais a íoc. Má tá tuilleadh eolais uait faoi mhodhanna íocaíochtaí, ba chóir duit dul i dteagmháil leis an ionad cóireála go díreach.

Teiripe ghrúpa

Ligeann teiripe ghrúpa le haghaidh andúile san alcól do na handúiligh cabhrú leo féin agus tacaíocht a fháil ó na baill eile den ghrúpa a bhfuil na fadhbanna céanna acu nó ar éirigh leo iad a shárú. Go hiondúil beidh éascaitheoir oilte i gceannas ar na grúpaí agus pléifidh na grúpaí chomh maith le scileanna sóisialta daoine a fheabhsú agus múineadh dóibh cén chaoi a dhul i ngleic lena gcuid fadhbanna seachas bheith ag brath ar alcól. Is féidir leo comhairle a thabhairt faoi mhaireachtáil gan alcól agus oideas a chur ar fáil faoi na contúirtí a ghabhann le handúil san alcól. Is iondúil leas a bhaint as idirghabháil theaghlaigh, léachtanna, chomh maith le léirithe scannán agus físe in aon chlár teiripe ghrúpa.

Teiripe aonair

Is féidir le daoine a bhfuil fadhbanna acu le mí-úsáid alcóil comhairliú ina n-aonar a roghnú. Ciallaíonn seo go ndéanfar clár teiripe a dhearadh do dhuine ar leith. Le linn an chomhairlithe iarrfar ar an duine scrúdú a dhéanamh ar an tionchar atá ag a chuid/a cuid ólacháin ar na daoine thart timpeall air nó uirthi. Molfar don duine breathnú ar fhorbairt na handúile, agus iarracht á déanamh a fháil amach cén fáth go mí-úsáideann sé nó sí alcól. Leagtar amach táirgí chun patrúin nua de iompar sláintiúil a bhunú. Bainfidh comhairleoirí éagsúla leas as modhanna éagsúla; mar shampla d'fhéadfaí cur chuige bunaithe ar shíceoteiripe iomprach a úsáid ina ndéantar teicníochtaí féin-rialaithe iompracha a mhúineadh. Leanfaidh clár pearsanta andúile san alcól ar aghaidh ar tréimhse idir sé agus ocht seachtainí ar an meán agus leanfaidh seirbhís iarchúraim é.

Seirbhísí iarchúraim

Tá seirbhísí iarchúraim ar fáil dóibh siúd a bhfuil siad ag teastáil uathu, ach ba chóir duit cur san áireamh nach mbeidh do bhord sláinte áitiúil in ann i gcónaí na seirbhísí seo a sholáthar go díreach. Mura bhfuil seirbhísí ar fáil i do cheantar féin, is féidir le do chomhairleoir andúile tú a chur chuig ionad príobháideach cóireála a chuireann cláir sheachtainiúla ar siúl do alcólaigh atá ag bisiú. Tugann na cláir seo deis do dhaoine ceisteanna a bhfuil siad buartha fúthu a phlé, agus cuidíonn siad leis an gcomhairliú atá faighte acu.

Cruinnithe grúpa do dhaoine a fhulaingíonn ó mhí-úsáid alcóil

Eagraítear cruinnithe grúpa cosúil le Alcólaigh gan Ainm go neamhspleách ó na boird sláinte, cé gur féidir leis na cruinnithe a bheith in áitribh de chuid an bhoird shláinte. Go ginearálta leanann na grúpaí seo clár 12 chéim chun teacht slán ón andúil, a dhíríonn ar alcólaigh a spreagadh chun a admháil gur fadhb é a gcuid ólacháin agus go gcaithfidh siad é a stop. Tá grúpaí eile a thacaíonn le daoine a dtéann ólachán dhuine eile i gcion orthu oscailte d'éinne. Go hiondúil bíonn grúpaí príobháideacha saor in aisce agus níl aon rialacha faoi chead isteach, seachas fonn a bheith ar dhaoine a gcuid ólacháin a stop nó tacaíocht a bheith ag teastáil uathu.

Rataí

Is seirbhísí poiblí iad na seirbhísí a chuireann do bhord sláinte ar siúl chun cuidiú le daoine le handúil san alcól, agus tá na seirbhísí eisothair ar fad saor in aisce. D'fhéadfadh costas a bheith ar chláir eagraithe ag an mbord sláinte (is é €65 a bhíonn air seo de ghnáth chun costais an bhia a íoc).

Tá socruithe so-íocaíochta ar fáil ó roinnt aonad príobháideach ar fáil do chliaint a bhfuil sé seo ag teastáil uathu agus is féidir le hárachas sóisialta na costais a íoc. Íocfaidh árachas sláinte príobháideach as tréimhsí in aonaid áirithe cóireála drugaí. Chun tuilleadh eolais a fháil faoi na cláir atá clúdaithe, ba chóir dhuit dul i dteagmháil le do árachóir sláinte.

Is féidir na costais atá ar Campral agus Rev'Ia, a n-úsáidtear chun siomtóim na handúile san alcól a chóireáil, a fháil ar ais faoin Scéim Íocaíochta Drugaí.

Conas iarratas a dhéanamh

Go ginearálta beidh tú in ann teacht ar sheirbhísí cóireála andúile san alcól curtha ar fáil ag do bhord sláinte trí labhairt le do liachleachtóir ginearálta agus a bheith curtha chuig do chlinic eisothair áitiúil. Déanfar tú a mheasúnú ansin agus na roghanna cóireála a mhíniú duit.

Tá rialacha éagsúla maidir le cead isteach ag cláir phríobháideacha chóireála, mar sin b'fhéidir go mbeadh ort dul i dteagmháil leo go díreach le fáil amach céard ba chóir duit a dhéanamh. B'fhéidir gur leor measúnú foirne, nó b'fhéidir go gcaithfidh dochtúir tú a chur ar aghaidh. Ma theastaíonn comhairle uait, ba chóir go mbeadh do liachleachtóir ginearálta in ann cuidiú leat. Is féidir leat dul i dteagmháil le comhlachtaí proifisiúnta chun tuilleadh eolais a fháil faoi chomhairleoirí andúile i do cheantar.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Cumann Comhairlithe agus Síceoteiripe na hÉireann

8 Sráid Cumberland
Bray
Átha Cliath
Ireland

Teil:+353 1 272 3427
Facs:+353 1 286 9933
Láithreán Gréasáin: http://www.irish-counselling.ie/
R-phost: iacp@iacp.ie

Coiste Náisiúnta Comhairleach um Dhrugaí

3ú Úrlár
Teach Shelbourne
18 Bóthar Shelbourne
Dublin 4
Ireland

Teil:+353 (0)1 6473240
Facs:+353 (0)1 647150
Láithreán Gréasáin: http://www.nacd.ie
R-phost: info@nacd.ie


Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 20 July 2010

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.