Ceadaíonn an tAcht um Dheochanna Meisciúla 1988 (Aoischárta) Rialacha 2007 scéim roghnach aoischárta náisiúnta. Is féidir le daoine 18 bliain d'aois agus os a cionn aoischárta a fháil chun dearbhú go bhfuil an aois dleathach sroichte acu chun deochanna meisciúla a cheannach. Is cárta chruthúnas aoise é an Cárta seo agus ní cárta aitheantais é. Go deimhin, ní féidir ach an Cárta a úsáid chun a thaispeáint go bhfuil an t-aois dlíthiúil le halcól a cheannach bainte amach agat. Níor cheart é a fháil nó a úsáid chun aon chríche eile.
Má tá tú 18 bliain d'aois is féidir leat iarratas a dhéanamh ar aoischárta. Ní shloinneann an dlí go gcaitheann tú a bheith i do shaoránach Éireannach le cur isteach ar an gCárta. Ní foláir duit a bheith i do chónaí in Éirinn, ámh, agus caithfear na cáipéisí a leagtar amach thíos a áireamh le d’iarratas.
Nuair a bheidh tú ag déanamh iarratais ar Aoischárta, beidh na rudaí seo a leanas ag teastáil uait:
Taispeánann an t-aoischárta:
Má tá d’Aoischárta Náisiúnta caillte agat, tá an próiseas iarratais chun do Chárta a ionadú mar an gcéanna le haghaidh Aoischárta nua (féach ‘Conas iarratas a dhéanamh’ thíos). Beidh ort tuairisc a dhéanamh ar chaillteanas nó ar ghoid do Chárta bunaidh agus d'iarratas á thabhairt ar fhíordheimhniú agat ag do Stáisiún Gardaí áitiúil.
Tá táille de €10 chun Aoischárta Náisiúnta a ionadú.
Ar an 24 Aibreán, 2007 seoladh Aoischárta Náisiúnta nua. Má bhí Aoischárta Náisiúnta bailí agat roimh 24 Aibreán, 2007 tá an Cárta seo fós bailí agus níl oibleagáid ort é a athrú. Ní ghlacann roinnt bunaíochtaí leo a thuilleadh, áfach.
Cosnaíonn aoischárta €10. Cosnaíonn Cárta Aoise Náisiúnta ionaid €10.
Tá ort íoc ar líne nuair atá tú ag déanamh iarratais ar Aoischárta. Is féidir leat é seo a dhéanamh trí úsáid a bhaint as cárta creidmheasa, nó dearbhán aoischárta gur féidir leat a cheannach in oifig an phoist ar bith.
Ó Eanáir 2011 déanann tú iarratas ar agus íocann tú as d’Aoischárta ar líne ag www.agecard.ie. Laistigh de trí lá oibre tar éis duit iarratas a dhéanamh, gheobhaidh tú foirm iarratais le do chuid sonraí.
Ní mór duit an fhoirm iarratais, mar aon le do ghrianghraf agus cruthúnais aitheantais a thógáil chuig do Stáisiún Garda áitiúil le haghaidh fíordheimhnithe laistigh de thrí mhí. Seolfaidh an Stáisiún Garda d'fhoirm iarratais agus grianghraf ar aghaidh chuig na clódóirí agus gheobhaidh tú d’Aoischárta laistigh de 10 lá oibre.
Is féidir leat d’iarratas a rianú ar líne ar choinníoll go bhfuil d'uimhir fhoirm iarratais 6-dhigit.
Déanann tú iarratas ar d’Aoischárta ar líne ag www.agecard.ie. Tá Ceisteanna Coitianta mar aon le tuilleadh eolais ar fáil ar an suíomh gréasáin.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.