Tar éis olltoghcháin, déanann an tUachtarán Dáil Éireann a chomóradh ar chomhairle an Taoisigh. Ní mór don Uachtarán glacadh le comhairle an Taoisigh.
Is féidir leis an Uachtarán an Dáil a lánscoir ar chomhairle an Taoisigh. Má tá tacaíocht tromlach na dTeachtaí i nDáil Éireann ag an Taoiseach, ní féidir leis an Uachtarán diúltú an Dáil a lánscoir.
Muna bhfuil tacaíocht tromlach na dTeachtaí i nDáil Éireann ag an Taoiseach a thuilleadh agus má iarrann sé/sí ar an Uachtarán an Dáil a lánscoir, is féidir leis an Uachtarán diúltú é sin a dhéanamh.
Má dhiúltaíonn an tUachtarán an Dáil a lánscoir ní mór ansin do theachtaí na Dála Rialtas eile a mholadh. Níor tharla sé ariamh gur dhiúltaigh Uachtarán an Dáil a lánscoir.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.