Is féidir leis an Uachtarán ceachtar de thithe an Oireachtais, nó iad araon, a chomóradh. Sula ndéanann sé/sí é sin ní mór don Uachtarán dul i gcomhairle leis an gComhairle Stáit.
Níor tharla sé ariamh gur dhein an tUachtarán ceachtar de Thithe an Oireachtais, nó iad araon, a chomóradh. D'fhéadfadh sé/sí é a dhéanamh i gcás práinne.
Is féidir leis an Uachtarán teachtaireacht nó aitheasc a chur faoin bhráid cheachtar de Thithe an Oireachtais, nó iad araon, i dtaobh aon ní a bhfuil tábhacht náisiúnta nó tábhacht phoiblí ann. Ní mór don Rialtas an teachtaireacht nó aitheasc a cheadú ar dtús.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.