Anseo atá tú: Baile > Rialtas in Éirinn > An tUachtarán > Duais an Uachtaráin - Gaisce

Print Page Send to a Friend

Duais an Uachtaráin - Gaisce

Eolas

Duais Náisiúnta Dúshláin í Duais an Uachtaráin a thugann an tUachtarán do dhaoine óga in Éirinn atá idir 15 agus 25 bliain d'aois. Bronntar bonn i mbosca ar fhaighteoirí na duaise, teastas sínithe ag an Uachtarán agus biorán liopa.

Tá sé mar aidhm ag an duais aitheantas a thabhairt do dhaoine óga a bhfuil dúshláin mhóra tugtha acu dóibh féin agus a bhfuil na dúshláin bainte amach acu i ngach ceann de cheithre réimse imeachtaí:

  • Gníomhaíochtaí Pobail, mar shampla, cúnamh a thabhairt do shean daoine
  • Scileanna Pearsanta, mar shampla, foghlaim le huirlis cheoil a sheinm
  • Caitheamh aimsire fhisiciúil, mar shampla, snámh
  • Imeacht fiontraíochta, mar shampla, turas ceithre lae ar rothar.

Nuair atá do chuid dúshlán pearsanta curtha i gcrích agat faoi theoir Cheannaire Duais an Uachtaráin, beidh an duais bainte amach agat.

Rialacha

Leibhéil Duaiseanna


Tá trí leibhéal duaiseanna ann:

  • Cré-umha - ní mór a bheith ar a laghad 15 bliain d'aois agus ní mór na himeachtaí a chur i gcrích taobh istigh de 6-9 mí
  • Airgead - ní mór a bheith ar a laghad 16 bliain d'aois agus ní mór na himeachtaí a chur i gcrích taobh istigh de 12-15 mí
  • Ór - ní mór a bheith ar a laghad 17 bliain d'aois agus ní mór na himeachtaí a chur i gcrích taobh istigh de 18-24 mí.

Ní gá duit an Duais Chré-umha a dhéanamh roimh iarratas ar Airgead a dhéanamh, nó Airgead a dhéanamh roimh Ór.

Na rudaí nach mór duit a dhéanamh i ngach rannóg

Braitheann na himeachtaí nach mór duit a chur i gcrích i ngach rannóg ar leibhéal na duaise.

Imeachtaí pobail

Ní mór duit imeacht amháin a roghnú agus seo a leanas an bunriachtanas:

  • Cré-umha - ní mór duit a bheith i mbun an imeachta ar feadh uair a chloig ar a laghad sa tseachtain ar feadh 15 seachtain
  • Airgead - ní mór duit a bheith i mbun an imeachta ar feadh uair a chloig ar a laghad sa tseachtain ar feadh 30 seachtain
  • Ór - ní mór duit a bheith i mbun an imeachta ar feadh uair a chloig ar a laghad sa tseachtain ar feadh 60 seachtain.

Scil phearsanta

  • Cré-umha - ní mór duit a bheith i mbun an imeachta ar feadh uair a chloig ar a laghad sa tseachtain ar feadh 26 seachtain
  • Airgead - ní mór duit a bheith i mbun an imeachta ar feadh uair a chloig ar a laghad sa tseachtain ar feadh 39 seachtain
  • Ór - ní mór duit a bheith i mbun an imeachta ar feadh uair a chloig ar a laghad sa tseachtain ar feadh 52 seachtain.

Caitheamh aimsire fhisiciúil

  • Cré-umha - ní mór duit a bheith i mbun an imeachta ar feadh uair a chloig ar a laghad sa tseachtain ar feadh 12 seachtain
  • Airgead - ní mór duit a bheith i mbun an imeachta ar feadh uair a chloig ar a laghad sa tseachtain ar feadh 15 seachtain
  • Ór - ní mór duit a bheith i mbun an imeachta ar feadh uair a chloig ar a laghad sa tseachtain ar feadh 18 seachtain.

Rannóg fiontraíochta

Ní mór duit imeacht amháin a roghnú, mar shampla turas coise nó rothair. Seo a leanas na bunriachtanais

Turas Coise Turas Rothair Turas Curacóireachta
Cré-umha a 2 lá - os cionn 24 km 2 lá - os cionn 113 km 2 lá - 20 go 30 cm
Airgead 3 lá - os cionn 48 km 3 lá - os cionn 193 km 3 lá - 40 go 50 km
Ór 4 lá - os cionn 80 km 4 lá - os cionn 274 km 4 lá - 60 go 80 km

Conas iarratas a dhéanamh

Ní mór go gach iarrthóir an dúshlán a aontú i scríbhinn le Ceannaire Duais an Uachtaráin. Déantar an dúshlán a aontú nuair atá na roghanna uilig measta ag na hiarrthóirí i ngach rannóg duaise. Tá tuilleadh eolais ar fáil ar an suíomh gréasáin Duais an Uachtaráin.

Tá múinteoirí scoile, fostóirí, ceannairí óige, Gardaí agus daoine ainmnithe i gcoláistí tríú leibhéal Ina measc Ceannairí Duais an Uachtaráin.

Ba cheart teagmháil a dhéanamh le hoifig Dhuais an Uachtaráin má bhíonn deacracht agat teagmháil a dhéanamh le Ceannaire Duais an Uachtaráin go háitiúil.

Is féidir foirmeacha iarratais Cheannaire Duais an Uachtaráin a íoschóipeail. Nó, is féidir iarratas a dhéanamh na foirmeacha a fháil ar ríomh-phost.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Duais an Uachtaráin
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 22 September 2009

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Budget 2009
    Budget 2009 was announced on 14 October 2008. Summary of the main changes.
  • Clubanna Óige in Éirinn
    Grúpaí áitiúla do dhaoine óga iad clubanna óige agus bíonn imeachtaí siamsaíochta agus oideachais mar chuid de chláracha na gclubanna óige.
  • Scrúduithe tiomána gluaisrothair in Éirinn
    Ní mór do ghluaisrothaithe in Éirinn a eisíodh ceadúnais sealadacha tiomána ar feadh dhá bhliana dóibh scrúdú tiomána a dhéanamh.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.