An tUachtarán agus reachtaíocht

Eolas

Tosaíonn reachtaíocht mar Bhille, a ritheann dá Theach an Oireachtais.

Ní mór don Uachtarán gach Bille a shíniú roimh dó theacht ina dlí. Chomh luath agus a ritheann dá Theach an Oireachtais Bille cuirfear é ós comhair an Uachtaráin le síniú.

Ní mór bille a shíniú ar an 5ú, 6ú nó 7ú lá tar éis é a chur chuig an Uachtarán. Ach, má aontaíonn an Seanad is féidir leis an Rialtas iarratas a dhéanamh an Bille a shíniú níos luaithe.

Nuair a chuirtear Bille ós comhair an Uachtaráin le síniú, tá sé de chumhacht aige nó aici an bille a chur faoi bhreith na Cúirte Uachtaraí taobh istigh de 7 lá. Déanann an tUachtarán é seo sa chás go bhfuil amhras ann nach bhfuil an Bille ag teacht leis an mBunreacht. Ní mór dó/dí dul i gcomhairle ar dtús leis an gComhairle Stáit ach is é an tUachtarán amháin a dhéanann cinneadh an Bille a chur faoi bhreith na Cúirte.

Má chuirtear Bille faoi bhreith na Cúirte Uachtaraí ní mór don Chúirt cinneadh a dhéanamh an bhfuil an bille in aghaidh an Bhunreachta. Más é breith na Cúirte Uachtaraí go bhfuil an Bille in aghaidh an Bhunreachta ní féidir leis an Uachtarán é a shíniú.

Nuair atá Bille sínithe, ní mór ansin don Uachtarán fógra a chur san Iris Oifigiúil ag fógairt go bhfuil an Bille ina dhlí.

Más mian leis an Rialtas athrú nó leasú a dhéanamh ar an mBunreacht, ní mór do dhá Theach an Oireachtais Bille a rith chun an Bunreacht a leasú. Ní mór ansin do Phobal na hÉireann tacú leis an mBille i reifreann bunreachtúil.

Nuair atá toil an phobail tugtha don bhille i reifreann ní mór don Uachtarán an Bille a shíniú leis an mBunreacht a leasú.

Tá 2 chumhacht eile ag an Uachtarán maidir le reachtaíocht nár cuireadh i bhfeidhm ariamh.

Is féidir leis/léi diúltú bille a shíniú má chuireann tromlach de chomhaltaí Sheanad Éireann agus, ar a laghad, aon trian de chomhaltaí Dháil Éireann comhachainí chuige/chuici ag iarraidh air /uirthi diúltú an Bille a shíniú. Ní mór don Uachtarán dul i gcomhairle leis an gComhairle Stáit taobh istigh de shé lá roimh cinneadh a dhéanamh an Bille a shíniú nó gan é sin a dhéanamh.

Tá cumhacht ag an Uachtarán maidir le Billí Airgid. Tá níos lú cumhachta ag an Seanad maidir le Billí Airgid. Má bhíonn easaontas idir Dáil agus Seanad Éireann an Bille Airgid atá i gceist le Bille faoi leith, is féidir leis an Seanad iarraidh ar an Uachtarán an cheist a chur faoi bhráid Choiste Pribhléidí. Ní mór don Uachtarán dul i gcomhairle leis an gComhairle Stáit roimh cinneadh a dhéanamh an cheist a chur faoi bhráid an Choiste.

Féadfaidh tú iomlán reachtaíocht Éireannach ó 1922 go dtí sin a fheiceáil.

Page edited: 2 June 2016