Cur síos ar an Uachtarán

Réamhrá

Tugtar an teideal Uachtarán ar cheann Stáit na hÉireann. Mar cheann Stáit, tá roinnt feidhmeanna tábhachtacha ag Uachtarán. Is é Bunreacht na hÉireann a bhunaigh oifig Uachtarán na hÉireann.

Déanann muintir na hÉireann an tUachtarán a thogh go díreach agus is féidir le ceachtar de Thithe an Oireachtais an tUachtarán a chur as oifig.

Seacht mbliana atá sa téarma oifige agus ní féidir leis an Uachtarán níos mó ná dhá théarma a chur isteach.

Tugann an Chomhairle Stáit agus Coimisiún an Uachtaráin cúnamh don Uachtarán a c(h)uid feidhmneanna a chur i gcrích.

Tá cónaí ar an Uachtarán san áit chónaithe oifigiúil, ar a dtugtar 'Áras an Uachtaráin’, atá lonnaithe i bPáirc an Fhionnuisce. Tá tuilleadh eolais ar láithreán gréasáin Áras an Uachtaráin agus áiríonn sé turas fíorúil den áit chónaithe.

An Chomhairle Stáit

Údarás comhairle í an Chomhairle Stáit a chuireann cúnamh agus comhairle ar fáil don Uachtarán. Ní mór don Uachtarán dul i gcomhairle leis an gComhairle Stáit roimh dó/dí cuid de na feidhmeanna atá aige/aici a chur i gcrích.

Ní mór don Uachtarán comhairle a ghlacadh ón gComhairle Stáit roimh dó/dí cruinniú de cheachtar nó de dhá Theach an Oireachtais a thionól. Ní mór don Uachtarán freisin dul i gcomhairle leis an gComhairle Stáit maidir le cuid dá c(h)umhachtaí a bhaineann le reachtaíocht a chur i gcrích. Bunadh an Chomhairle Stáit faoi alt 31 Bunreacht na hÉireann.

Tá trí rannóg daoine gur féidir leo a bheith ina mbaill den Chomhairle Stáit:

  • De bhua oifige atá na daoine seo ina mbaill. Ina measc tá an Taoiseach, an Tánaiste , an Príomh-Bhreitheamh, Uachtarán na hArd-Chúirte, Ceann Comhairle Dháil Éireann, Cathaoirleach Sheanad Éireann agus an tArd-Aighne.
  • Daoine a bhí tráth in oifig. Ina measc Iar Uachtaráin, Iar Thaoisigh agus Iar Phríomh-Bhreithimh a bhfuil sé ar a gcumas agus ar fonn leo gníomhú.
  • Baill ceapaithe ag an Uachtarán. Is féidir leis an Uachtarán suas le seachtar a cheapadh agus maireann a dtréimhse ar an gComhairle chomh fada agus a mhaireann téarma oifige an Uachtaráin sin. Má tá fáth réasúnta ag an Uachtarán, is féidir leis/léi deireadh a chur le ceapachán na mball sin.

Ní mór do gach comhalta nua den Chomhairle Stáit an dearbhú seo a leanas a dhéanamh mar atá leagtha síos i mBunreacht na hÉireann;

"I láthair Dia na nUilechumhacht, táimse, á ghealladh agus á dhearbhú go sollúnta agus go fíreannach mo dhualgais i mo chomhalta den Chomhairle Stáit a chomhlíonadh go dílis coinsiasach."

Léigh tuilleadh faoin Chomhairle Stáit.

Coimisiún an Uachtaráin

Má tá an tUachtarán as láthair, má tá sé/sí ar míthreoir, má chailltear é/í, má éiríonn sé/sí as oifig nó má chuirtear as oifig é/í nó má theipeann air/uirthi feidhmeanna an Uachtaráin a chur i gcrích, comhlíonfaidh Coimisiún an Uachtaráin feidhmeanna agus cumhachtaí an Uachtaráin.

An Príomh-Bhreitheamh, Ceann Comhairle Dháil Éireann agus Cathaoirleach Sheanad Éireann iad Coimisiún an Uachtaráin. Muna bhfuil aon duine acu sin in ann gníomhú is féidir le hUachtarán na hArdchúirte, an Leas Cheann Chomhairle agus an Leas Chathaoirleach, faoi seach, gníomhú mar bhaill ina n-áit.

Is féidir le haon bheirt de Choimisiún an Uachtaráin feidhmeanna an Uachtaráin a chur i gcrích. Gníomhaíonn an Coimisiún go minic in áit an Uachtaráin nuair atá sé/sí thar lear, mar shampla, le billí a shíniú ina ndlí.

Léigh tuilleadh faoi Choimisiún an Uachtaráin.

Uachtarán a ghairm

Rachaidh an té a bhuaigh toghchán an uachtaráin i gcúram oifige leis an dearbhú seo a leanas a dhéanamh go poiblí mar atá leagtha síos i mBunreacht na hÉireann.

"I láthair Dia na nUilechumhacht, táimse, á ghealladh agus á dhearbhú go sollúnta is go fírinneach bheith i mo thaca agus i mo dhídin do Bhunreacht na hÉireann, agus a dlíthe a chaomhnú, mo dhualgais a chomhlíonadh go dílis coinsiasach de réir an Bhunreacht is an dlí, agus mo lándícheall a dhéanamh ar son leasa is fónaimh mhuintir na hÉireann. Dia do mo stiúradh agus do mo chumhdach."

Déantar an tUachtarán a ghairm i Halla Naomh Phádraig, Caisleán Átha Cliath agus déanann sé/sí an dearbhú i láthair baill Tithe an Oireachtais, Breithimh na Cúirte Uachtaraí, na Cúirte Achomhairc agus na hArdchúirte agus pearsana poiblí eile.

Deireadh an téarma oifige

Seacht mbliana atá sa téarma oifige agus ní féidir leis an Uachtarán níos mó ná dhá théarma a chur isteach.

Tá 2 chás inar féidir Uachtarán a chur as oifig. Má dhéanann 5 nó níos mó breitheamh den Chúirt Uachtarach cinneadh go bhfuil an tUachtarán ar míthreoir go buan, tiocfaidh deireadh lena t(h)éarma oifige. Is féidir le ceachtar de Thithe an Oireachtais an tUachtarán a tháinseamh as ucht "mí-iompair a luafar". D'fhéadfadh sé go mbeadh coir choiriúil nó míúsáid cumhachtaí an Uachtaráin i gceist leis an mí-iompair luaite.

Tuilleadh eolais

Tá tuilleadh eolais ar president.ie, a chuimsíonn sraith cheisteanna. Is féidir eolas a fháil faoin Uachtarán atá ann faoi láthair faoin Uachtarán atá ann faoi láthair agus faoi iar-Uachtaráin.

Page edited: 14 September 2018