Is é/í Uachtarán na hÉireann an tArdcheannasaí ar Fhórsaí Cosanta na hÉireann. Is ón Uachtarán a fhaigheann oifigigh na bhFórsaí Cosanta a gcoimisiúin.
De réir Acht Cosanta na bliana 1954, is é Rialtas na hÉireann a riarann ceannasaíocht an airm tríd an Aire Cosanta a bhainistíonn agus a stiúraíonn na fórsaí.
Is iad na ranna atá i bhFórsaí Cosanta na hÉireann ná:
Sa Bhuan-Fhórsa Cosanta in Éireann áirítear Óglaigh na hÉireann, Cabhlach na hÉireann agus Aer-Chór na hÉireann. Sa bhFórsa
Cosanta Cúltaca tá Cúltaca an
Airm
agus Cúltaca
na Seirbhíse Cabhlaigh.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.