Rachaidh an té a bhuaigh toghchán an uachtaráin i gcúram oifige leis an dearbhú seo a leanas a dhéanamh go poiblí mar atá leagtha síos i mBunreacht na hÉireann.
"I láthair Dia na nUilechumhacht, táimse, á ghealladh agus á dhearbhú go sollúnta is go fírinneach bheith i mo thaca agus i mo dhídin do Bhunreacht na hÉireann, agus a dlíthe a chaomhnú, mo dhualgais a chomhlíonadh go dílis coinsiasach de réir an Bhunreacht is an dlí, agus mo lándícheall a dhéanamh ar son leasa is fónaimh mhuintir na hÉireann. Dia do mo stiúradh agus do mo chumhdach."
Déantar an tUachtarán a ghairm i Halla Naomh Phádraig, Caisleán Átha Cliath agus déanann sé/sí an dearbhú i láthair baill Tithe an Oireachtais, Breithimh na Cúirte Uachtaraí agus na hArdchúirte agus pearsana poiblí eile.
Níl toghchán uachtaránachta riachtanach in Éirinn sa chás nach n-ainmnítear ach aon iarrthóir amháin d’oifig an Uachtaráin. Tharla sé sin i Samhain, 2004 nuair ba í an tUachtarán a bhí ann (An tUasal Máire Mhic Ghiolla Íosa) an t-aon iarrthóir amháin a ainmníodh d’oifig an Uachtaráin.
Tá dhá chás gur féidir Uachtarán a chur as oifig. Má dhéanann cúigear nó níos mó breitheamh den Chúirt Uachtarach cinneadh go bhfuil an tUachtarán ar míthreoir go buan, tiocfaidh deireadh lena t(h)éarma oifige.
Is féidir le ceachtar de Thithe an Oireachtais an tUachtarán a tháinseamh
as ucht "mí-iompair a luafar". D'fhéadfadh sé go mbeadh coir choiriúil nó
míúsáid cumhachtaí an Uachtaráin i gceist leis an mí-iompair luaite.
Ní mór do, ar a laghad, 30 comhalta de cheachtar de Thithe an Oireachtais rún a shíniú go ndéanfaí an tUachtarán a tháinseamh leis an rún sin a mholadh. Ansin, le glacadh leis an rún, ní mór go mbeadh tacaíocht dhá thrian, ar a laghad, de chomhaltaí uilig an tí sin ag an rún.
Ní mór ansin don Teach eile scrúdú a dhéanamh ar an gcúiseamh go bhfuil an tUachtarán ciontach as mí-iompair luaite. Is féidir le coiste nó binse fiosruithe an chúis a scrúdú. Tá sé de cheart ag an Uachtarán a bheith i láthair agus an chúis dhá scrúdú.
Ag deireadh an scrúdaithe, ní mór do dhá thrian den Teach a rinne an scrúdú tacú le rún a dhearbhaíonn go bhfuil an tUachtarán ciontach as mí-iompair luaite. Tiocfaidh deireadh ansin le tréimhse oifige an Uachtaráin.
Mar sin leis an Uachtarán a chur as oifig, ní mór do dhá thrian de
chomhaltaí uilig Tithe an Oireachtais vóta a chaitheamh i bhfabhar é sin a
dhéanamh.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.