Is é/í an tUachtarán Ceann an Stáit, cé gur ról deasghnách den chuid is mó atá aige/aici i dtaobh riaradh an Stáit. Is í Mícheál D. Ó hUiginn Uachtarán na hÉireann faoi láthair. Chuir sé tús lena chéad téarma mar Uachtarán ar 11 Samhain, 2011.
Ní mór don Rialtas gach cumarsáid, teachtaireacht nó aitheasc ón Uachtarán chuig dá theach an Oireachtais agus chuig an bpobal a cheadú.
Is ar chomhairle an Rialtais amháin is cead don Uachtarán cuid mhaith dá c(h)umhachtaí a chomhlíonadh. Mar sin más mian leis an Uachtarán cumhacht a chomhlíonadh ní mór dó/di comhairle agus comhaontú an Rialtais a fháil ar dtús.
Tá cumhachtaí ag an Uachtarán nach féidir leis/léi a chomhlíonadh gan dul i gcomhairle roimh ré leis an gComhairle Stáit.
I measc cumhachtaí an Uachtaráin tá:
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.