Údarás comhairle í an Chomhairle Stáit a chuireann cúnamh agus comhairle ar fáil don Uachtarán. Ní mór don Uachtarán dul i gcomhairle leis an gComhairle Stáit roimh dó/dí cuid de na feidhmeanna, atá aige/aici a chur i gcrích.
Ní mór don Uachtarán comhairle a ghlacadh ón gComhairle Stáit roimh dó/dí cruinniú de cheachtar nó de dhá Theach an Oireachtais a thionól. Ní mór don Uachtarán freisin dul i gcomhairle leis an gComhairle Stáit maidir le cuid dá c(h)umhachtaí a bhaineann le reachtaíocht a chur i gcrích. Bunadh an Chomhairle Stáit (ról, freagrachtaí srl.) faoi alt 31 Bunreacht na hÉireann.
Tá trí rannóg daoine gur féidir leo a bheith ina mbaill den Chomhairle Stáit:
Ní mór do gach comhalta nua den Chomhairle Stáit an dearbhú seo a leanas a dhéanamh mar atá leagtha síos i mBunreacht na hÉireann;
"I láthair Dia na nUilechumhacht, táimse, á ghealladh agus á dhearbhú go sollúnta agus go fíreannach mo dhualgais i mo chomhalta den Chomhairle Stáit a chomhlíonadh go dílis coinsiasach."
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.