Móréigeandálaí

Réamhrá

Teagmhas is ea móréigeandáil a sháraíonn gnáthchumas na bpríomhsheirbhísí éigeandála atá ina cúis leis an méid an leanas nó a chuthaíonn bagairt i leith an mhéid a leanas:

  • Bás nó gortú
  • Cur isteach tromchúiseach ar sheirbhísí ríthábhachtacha

  • Díobháil a dhéanamh do réadmhaoin, don chomhshaol nó don bhonneagar

I measc na dteagmhas sin tá pléascthaí, tuairteanna traenach, teagmhais lena mbaineann substaint bhaolach agus foirmeacha de dhianaimsir ar nós tuile agus stoirmeacha.

Teastaíonn ó mhóréigeandáil slógadh acmhainní breise ag príomhghníomhaireachtaí freagartha le freagairt éifeachtach a chinntiú.

Príomhsheirbhísí éigeandála

Is iad na príomhsheirbhísí éigeandála na chéad seirbhísí le freagairt ar an mórchuid de mhóréigeandálaí. Seirbhísí gormsholais iad a fhreagraíonn ar ghnáthéigeandálaí, is é sin, an Garda Síochána, an tSeirbhís Otharcharranna agus an tSeirbhís Dóiteáin. Tá an ceathrú príomhsheirbhís éigeandála, Garda Cósta na hÉireann, freagrach as éigeandálaí mara a láimhseáil in uisce críche, i gcalafoirt agus in imeallbhord na hÉireann.

Príomhghníomhaireachtaí freagartha

Gníomhaireachtaí iad príomhghníomhaireachtaí freagartha (GPFanna) arna sannadh ag an Rialtas le freagairt ar mhóréigeandálaí. Is iad an Garda Síochána, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus na húdaráis áitiúla. Mar chuid de GPF níos mó is ea gach príomhsheirbhís éigeandála. Mar shampla, seirbhís údaráis áitiúil is ea an tSeirbhís Dóiteáin. De bharr chineál agus chastacht na móréigeandálaí, teastaíonn foireann agus acmhainní an GPF níos fairsinge le hiarmhairtí theagmhas na móréigeandála a bhainistiú agus lena freagairt a chomhordú le GPFanna eile.

Ag brath ar chineál na héigeandála, d'fhéadfadh gníomhaireachtaí eile seachas na GPFanna - ar nós na bhFórsaí Cosanta nó na seirbhísí deonacha - éigeandála bheith ag teastáil freisin.

Bainistíocht móréigeandála

Teastaíonn socruithe speisialta ó mhóréigeandálaí le freagairt chomhordaithe agus éifeachtach a chinntiú ag na GPFanna.

Creat le haghaidh Móréigeandálaí a Bhainistiú

Séard atá sa Chreat le haghaidh Móréigeandálaí a Bhainistiú ná creat beartas, struchtúr agus socruithe é d'ullmhacht agus d'fhreagairt ar mhóréigeandálaí ar leibhéil áitiúla agus réigiúnacha. Is é cuspóir an Chreata seo é a chur ar chumas ranna an Gharda Síochána, réigiún d'Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus údarás áitiúla réiteach le haghaidh aon mhóréigeandála agus chun freagairt chomhordaithe a dhéanamh ar aon mhóréigeandáil a tharlaíonn ina limistéar.

Leagtar amach socruithe sa Chreat le haghaidh seirbhísí eile, ar nós na bhFórsaí Cosanta, seirbhísí deonacha éigeandála, fóntas, cuideachtaí iompair, tionscal agus rannpháirtithe eile, chomh maith le socruithe do na pobail a bhíonn thíos le móréigeandáil le tacú agus le hoibriú le GPFanna sa fhrithghníomhú agus sa bhainistiú ar mhóréigeandáil.

Tá ag gach GPF plean móréigeandála ina leagtar amach sonraí faoina fhreagairt, mar aon leis an méid a chuireann sé le comhfhreagairt na ngníomhaireachtaí uile.

An Oifig Pleanála Éigeandála

an Oifig Pleanála Éigeandála freagrach don Aire Cosanta as comhordú agus maoirsiú a dhéanamh ar phleanáil le haghaidh éigeandálaí. Ina theannta sin, cuireann siad tacaíocht ar fáil do Thascfhórsa an Rialtais um Pleanáil Éigeandála. D’fhoilsigh siad lámhleabhar dar teideal Ullmhú le haghaidh Móréigeandálaí (pdf).

Cuireann Tascfhórsa an Rialtais um Pleanáil Éigeandála beartas agus treoir ar fáil. Tá an tAire Cosanta ina chathaoirleach ar an tascfhórsa seo. Déanann siad gníomhaíochtaí pleanála éigeandála ranna uile an rialtais agus na n-údarás uile poiblí a chomhordú agus a mhaoirsiú. Ina theannta sin, cuireann siad an úsáid is fearr is féidir as acmhainní agus as comhoiriúnachta chun cinn i measc riachtanais éagsúla phleanála.

Tá an Oifig Pleanála Éigeandála ina gcathaoirleach ar an nGrúpa Oibre Idir-Rannach um Pleanáil Éigeandála (GOIPE) a thugann faoi staidéir shonracha agus a fhorbraíonn gnéithe áirithe de phleanáil éigeandála. Is iad an GOIPE an meán trína gcomhroinnter saineolas idir ranna Rialtais agus údaráis phoiblí maidir le pleanáil éigeandála.

Is ar na ranna cuí rialtais atá an phríomhfhreagracht as feidhmeanna sonracha pleanála éigeandá. Nuair a thiteann éigeandáil amach, cuirtear an plean oiriúnach éigeandála i ngníomh agus an roinn chuí chun tosaigh ar a chur i bhfeidhm.

Dianaimsir

D'fhoilsigh an Oifig Pleanála Éigeandála leabhrán dar teideal Bí Ullamh don Gheimhreadh (pdf) agus d’fhorbair siad láithreán gréasáin winterready.ie le comhairle phraiticiúil agus le sonraí teagmhála na seirbhísí a chur ar fáil ar féidir leo cabhrú in éigeandálaí dianaimsire.

Sa treoir maidir le dianaimsir (pdf), áirítear comhairle maidir le taisteal le linn dianaimsire mar aon le sonraí teagmhála le haghaidh comhairlí cathrach agus contae, oibreoirí busanna, oibreoirí iarnróid agus bád farantóireachta, aerforit agus aerlínte.

Sa treoir do ghnólachtaí maidir le hullmhú do dhianaimsir (pdf), áirítear seicliosta praiticiúil le teimpléad bunúsach a chur ar fáil do ghnólachtaí a d’fhéadfadh cabhrú leo laigí a shainaithint ina bpleananna leanúnachais ghnó, sa chás go dtarlóidh teagmhas dianaimsire.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 22 Meitheamh 2022