Garda Cósta na hÉireann

Réamhrá

Is é Garda Cósta na hÉireann an tseirbhís náisiúnta freagartha éigeandála muirí. Is gníomhaireacht shibhialta é atá comhdhéanta d’fhostaithe íoctha agus d’oibrithe deonacha.

Freastalaíonn siad ar éigeandálaí ar muir agus ar uiscí intíre, sléibhte agus uaimheanna. Is é an 4ú seirbhís gormsholais sa Stát chomh maith leis an nGarda Síochána, na seirbhísí otharchairr agus na seirbhísí dóiteáin.

Cuireann an Garda Cósta sábháilteacht agus slándáil mara chun cinn, déanann sé monatóireacht ar thrácht muirí agus cosnaíonn sé an t-aigéan ó thruailliú. Is rannán í den Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt.

Má theastaíonn an Garda Cósta uait i gcás éigeandála, glaoigh ar 112 nó 999.

Róil an Gharda Cósta

Is iad príomhróil an Gharda Cósta:

  • Tarrtháil a dhéanamh ar dhaoine atá i mbaol ar muir nó ar thalamh
  • Iompar míochaine láithreach a eagrú dóibh siúd a tarrtháladh
  • Cuidiú le longa agus le báid atá laistigh de dhlínse an stáit

Tá an Garda Cósta freagrach freisin as córas cumarsáide mara agus bonneagair faireachais na hÉireann. Cuimsíonn sé seo cothabháil suíomhanna raidió agus tarchuradóra agus córas náisiúnta glaoireachta digiteach.

Aonad & Rannóg Tacaíochta an Gharda Cósta freagrach as deonaigh an Gharda Cósta a oiliúint agus as gach aonad cósta a bhainistiú.

Cuardach agus tarrtháil

Comhordaíonn Garda Cósta na hÉireann misin chuardaigh agus tarrthála óna thrí ionad tarrthála mara:

  • Baile Átha Cliath
  • Ceann Mhálanna, Co Dhún na nGall
  • Dairbhre, Co Chiarraí

Oibríonn na hionaid seirbhís 24 uair an chloig a chuimsíonn monatóireacht ar mhinicíochtaí éigeandála idirnáisiúnta. Craolann siad eolas sábháilteachta muirí agus rabhaidh aimsire freisin.

Ag brath ar chineál na héigeandála, tá raon acmhainní ar fáil don Gharda Cósta. Ina measc tá:

  • Ceithre héileacaptar cuardaigh agus tarrthála atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath, Port Láirge, Sligeach agus an tSionainn
  • Báid tarrthála soláthraithe ag an RNLI agus Báid Tarrthála Pobail Éireann
  • Aonaid dheonacha atá in ann cuardach agus tarrtháil ar aillte agus ar chósta a dhéanamh

Tá aonaid oibrithe deonacha suite go straitéiseach timpeall an chósta. Tá feithiclí cuardaigh acu atá feistithe le soilse gorma, le trealamh garchabhrach agus le raidiónna mara. Cuirtear oiliúint ar aonaid áirithe freisin chun cabhrú le tarrthálacha aillte agus sléibhe.

Cosaint ar thruailliú

Tá ról tábhachtach ag an nGarda Cósta maidir le haigéin agus cóstaí an Stáit a chosaint ar thruailliú.

Tá sé freagrach as:

  • Ullmhú agus freagairt do dhoirteadh ola nó timpiste a bhfuil substaintí guaiseacha ag baint leo
  • Freagairt éifeachtach a thabhairt ar eachtraí taismeacha mara
  • Monatóireacht nó idirghabháil a dhéanamh in oibríochtaí tarrthála mara

Soláthraíonn siad agus coinníonn siad córas fógartha 24 uair an chloig maidir le truailliú mara ag na trí ionad tarrthála mara.

Tuilleadh eolais agus teagmhálacha

Le haghaidh tuilleadh faisnéise ar Gharda Cósta na hÉireann, tabhair cuairt ar a Láithreán Gréasáin.

Má theastaíonn an Garda Cósta uait i gcás éigeandála, glaoigh ar 112 nó 999.

An Roinn Iompair

An Roinn Iompair

Lána Líosain
Baile Átha Cliath 2
D02 TR60
Éire

Teil: (01) 670 7444
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 22 Lúnasa 2022