Anseo atá tú: Baile > Rialtas in Éirinn > Seirbhísí slándála agus éigeandála > Seirbhísí dóiteáin

Print Page Send to a Friend

Seirbhísí dóiteáin

Eolas

Tá na seirbhísí doiteáin faoi bhainistíocht na húdaráis áitiúla, agus déanann an Roinn Comhshaoil, Pobal agus Rialtas Áitiúil moltaí, reachtaíocht agus polasaithe maidir leo. Tá na seirbhísí doiteáin faoi chúram 37 údarás dóiteáin, atá faoi bhainistíocht Chomhairlí Cathrach, Comhairlí Contae, Comhairlí Boirge agus Comhairlí Baile thart timpeall an stáit. Reachtáileann foireann na seirbhísí dóiteáin 222 staisiúin dóiteáin timpeall na tíre agus tá lucht múchta dóiteán lánaimseartha proifisiúnta chomh maith le foireann áirithithe páirtaimseartha fostaithe acu. Foireann áirithithe iad dhá thrian den fhoireann iomlán náisiúnta, déantar iad a earcú faoin tuath, agus bíonn siad ar fáil i gcás éigeandála am ar bith. Tugann foireann doiteáin lánaimseartha seirbhís do chathracha agus bailte níos mó, agus déanann siad sealobair chun seirbhís 24-uair faoi ghlaoch a chur ar fáil.

Maoiniú

Faigheann na seirbhísi dóiteáin in Éirinn maoiniú ó thrí foinse:

  • An Rialtas

Faigheann gach údarás áitiuil ciste ón Rialtas chun seirbhís dóiteáin a chur ar fáil. Tháinig an ciste seo in áit na rátaí teaghlaigh. Tugann an rialtas maoiniú chomh maith do ghrupaí deonacha a chuireann seirbhís tharrthála pluaise agus sléibhe ar fáil, agus foilsíonn siad staitisticí dóiteáin don tír.

  • Rátaí tráchtála

Bailíonn údaráis áitiúla rátaí bliantúla (táillí) ó áitribh ghnó. Gearrtar na rátaí seo chun costas seirbhísí an údaráis áitiúil do ghnóthaí a chlúdú, seirbhísí doiteáin san áireamh.

  • Táillí

Tá taillí curtha ag cuid de na húdaráis áitiúla ar fheidhmeanna ar leith na seirbhíse dóiteáin, mar shampla táille comhréidh ar thine teaghlaigh ar nós tine shimléir. D'fhéadfadh siad an costas iomlán a iarradh mar tháille ar thinte gnó, tinte foraoisí, gártha bréige, agus i gcásanna ina bhfuil trealamh speisialta ag teastáil.

Sábháilteacht Dóiteáin

In éineacht leis an gComhairle Shábháilteacht Bhóthair tá an Comhairle um Chosc Dóiteáin páirteach sa Chomhairle Shábháilteacht Náisiúnta a chuireann eolas agus sábháilteacht bhóthair agus dóiteáin chun cinn. Faigheann an Chomhairle Shábháilteacht Náisiúnta maoiniú comhpháirteach ón Roinn Comhshaoil agus Rialtais Áitiuil agus ó Chónaidhm na gComhluchtaí Árachais.

Oiliúint

Tá oiliúint foirne seirbhísí dóiteáin mar cheann de fheidhmeanna an Comhairle Seirbhísí Dóiteáin, a cuireadh ar bun faoin Acht Seirbhísí Doiteáin 1981 agus atá maoinithe díreach ag an Roinn Comhshaoil, Pobal agus Rialtais Áitiúil. Déantar an oiliúint seo go háitiúil in ionaid thart timpeall na tíre. Ós rud é nach bhfuil ionad náisiúnta le haghaidh oiliúna doiteáin, cuirtear cuid de na hoifigigh shinsearacha thar lear i gcomhair oiliúna breise. Tugann an Comhairle Seirbhísí Doiteáin comhairle don Roinn faoi riachtanais oideachais agus oiliúna an lucht múchta dóiteán.

Tá Comhairle na Seirbhísí Dóiteáin ag cur níos mó agus níos mó béime ar oiliúint a chur ar oifigigh dóiteáin atá rannpháirteach i ngníomhaíochtaí oiliúna ina gcuid údarás dóiteáin féin. Go bunúsach, tá an Chomhairle ag cur oiliúna ar na hoiliúnóirí.

Is é Ionad Briogáid Doiteáin Bhaile Átha Cliath an t-ionad oiliúna is mó in Éirinn, agus cuireann sé cúrsaí ar fáil faoi shábháilteacht dóiteáin agus bainistíocht sábháilteacht dóiteáin do chomhluchtaí taobh amuigh de na seirbhísí dóiteáin.

Rialacha

Cumhachtaí na seirbhíse dóiteáin ag láthair tine

Tá an cumhacht ag an oifigeach ceannais ag láthair éigeandála faoin Acht um Sheirbhísí Dóiteáin rud ar bith a dhéanamh, nó orduithe a thabhairt dá f(h)oireann nó lucht eile rud ar bith a dhéanamh chun an tine a chur as, nó daoine atá páirteach san éigeandáil a chosaint nó a shábháil. Clúdaíonn cumhachtaí an oifigigh cheannais:

  • An ceart chun dul isteach in áitreabh ar bith
  • An ceart foirgneamh ar bith a thréigean
  • An ceart foirgneamh ar bith a leagan
  • An ceart soláthar uisce a thógail ó fhoinse phoiblí, phríobháideach, nádúrach nó saorga ar bith.

Tá foireann dóiteáin díonta ar chásanna dlí agus iad i mbun a gcuid dualgas faoin Acht.

Coireanna faoin Acht um Sheirbhísí Dóiteáin 1981 agus faoin Acht um Cheartas Coiriúil 2006

Faoin Acht um Sheirbhísí Dóiteáin 1981, is coir í:

  • Gáir bréige a thabhairt d'aon turas do na Seirbhísí Dóiteáin
  • Cur isteach ar nó bac a chur ar hiodrant uisce ar bith, nó foinse eile soláthar uisce.
  • D'fhéadfadh fíneáil 635 euro nó téarma príosúin suas le sé mhí, nó an dá rud a bheith mar phíonós ar na coireanna seo. D'fhéadfadh fíneáil suas le 12,700 euro nó téarma príosúin suas le dhá bhliain a bheith mar phíonós ar coireanna níos tromchúisí, mar shampla na coinníollacha sábháilteachta maidir le méid, dearú agus úsáid foirgnimh a sharú, nó na coinníollacha maidir le bealaí éalaithe nó an líon daoine is mó a d'fhéadfadh a bheith san áit a bhriseadh.

De réir Alt 185 den Acht um Cheartas Coiriúil 2006 is cion é comhaltaí pearsanra ón mbriogáid dóiteáin a ionsaí nó bagairt orthu agus iad i mbun a gcuid oibre. Is é an pionóis a ghearrtar as an gcion sin ná 5,000 euro agus 7 mbliana i bpríosún (nó an dá rud) Freisin is cion é teacht salach ar obair comhaltaí pearsanra ón mbriogáid dóiteáin nó iad a choimeád óna gcuid oibre. Gearrtar fíneáil 2,500 euro as an gcion sin.

Teastais Sábháilteacht Tine

Ní foláir d'fhorbróirí foirgnimh nua ar bith, seachas tithe cónaithe, teastas sábháilteacht tine a fháil. Cé go bhfuil teastais difriúla d'fhorbairtí difriúla ann ní mór do gach forbróir a p(h)leananna agus a d(h)eartha a chur chuig a (h)údarás dóiteáin áitiúil.

Déanann foireann sinsearach na seirbhísí dóiteáin iniúchadh ar phleananna forbróirí chun a bheith cinnte go bhfuil bealaí sásúla éalaithe ann, agus go bhfuil an foirgneamh leagtha amach sa chaoi is go mbeidh cosaint ann ar thine agus go gcuirfí cosc ar spré na tine. Má tá siad sásta, éisíonn an t-údarás dóiteáin teastas. Sa chás seo, feidhmníonn an t-údarás dóiteáin in áit an Údarás Rialaithe Tógála.

Scrúdú foirgneamh

Faoin Acht um Sheirbhísí Dóiteáin 1981, d'fhéadfadh cigirí ceadaithe ó na seirbhísí dóiteáin cuairt a thabhairt ar, agus scrúdú a dhéanamh ar fhoirgneamh ar bith faoina gcúram. D'fhéadfadh siad iarratas a dhéanamh ar cheann ar bith de na sonraithe thíos:

  • Líon na n-oibrithe nó daoine atá san fhoirgneamh
  • Cad chuige seomra nó áit ar bith san fhoirgneamh
  • Na hábháir a úsáideadh chun an foirgneamh a thógáil
  • Cáipéisí ar bith a bhaineann le sábháilteacht an fhoirgnimh.

D'fhéadfadh na cigirí an soláthar uisce a scrúdú chomh maith, agus is féidir leo trealamh ar bith atá riachtanach a thabhairt leo go dtí an suíomh agus scrúdú nó iniúchadh a dhéanamh ar córas téimh, solais, nó aeraithe ar bith, agus ábhair ar bith atá in úsáid nó stórálaithe laistigh d'áitreabh.

D'fhéadfadh cigire ó na seirbhísí dóiteáin iarraidh ar uinéirí áitribh léaráidí nó pleananna foirgnimh atá ina seilbh a chur ar fáil. Tá dualgas dlíthiúil ar an úinéar freagra sásúil a thabhairt don chigire. Muna bhfuil an cigire sásta leis an méid a fhaigheann sé/sí amach, d'fhéadfadh sé/sí iarratas a dhéanamh chuig an Ardchúirt ar ordú ag éileamh go mbainfí, go n-aistreofaí, nó go ndéanfaí sábháilte struchtúr, seirbhís, feisteas, nó píosa trealamh ar bith, nó ordú ag cur srian ar obair thógála ar an suíomh nó ag cur cosc ar úsáid an fhoirgnimh go dtí go bhfuil na hathruithe cuí déanta. Má thugann an Ardchúirt a leithéid d'ordú, tá ceangal dlíthiúil ar úinear an fhoirgnimh nó an tsuímh glacadh le tearmaí an ordaithe. D'fhéadfadh fíneáil 635 euro nó téarma príosúin sé mhí a ghearradh ar chiontóirí agus d'fhéadfadh fíneálacha breise suas le 635 euro ar bhonn laethúil a bheith i gceist muna gcloítear le téarmaí an ordaithe.

Má tá bealach isteach diúltaithe do chigire ó na seirbhísí dóiteáin, nó má cuirtear isteach air/uirthi, nó má cuirtear bac air/uirthi agus é/í i mbun a c(h)uid dualgais, is coir í sin a tharraingíonn fíneáil suas le 635 euro, nó téarma priosúin sé mhí. D'fhéadfadh cigire ó na seirbhísí dóiteáin iarratas a dhéanamh ar an gCúirt Dúiche ar bharántas muna ligtear leis/léi dul isteach i bhfoirgneamh nó suíomh.

Tá dualgas ar na seirbhísí dóiteáin chomh maith maidir le hiniúchadh agus scrúdú a dhéanamh ar ábhair dhainséaracha, peitriliam mar shampla, chun a bheith cinnte go gcloítear leis an Acht Um Ábhair Dhainséaracha 1972 agus Rialacha um Ábhair Dhainséaracha 1979. Deireann an tAcht Um Ábhair Dhainséaracha go bhféadfadh an tAire Comhshaoil, Pobal agus Rialtais Áitiúil ordú a dhéanamh ag rá gur ábhar dainséarach é ábhar ar bith a d'fhéadfadh damáiste a dhéanamh do dhuine nó maoin. Má tá a leithéid d'ábhar i do sheilbh, ní foláir duit iarratas a dhéanamh chuig d'údarás áitiúil ar cheadúnas d'ábhair dhainséaracha. Ní mór doibh siúd atá níos mó ná 60 galún peitril acu, mar shampla, iarratas a dhéanamh ar cheadúnas don pheitreal sin. Caithfidh iarrthóirí cóipeanna de learscáileanna Suirbhéireacht Ordanáis den cheantar, agus pleananna ailtire an tsuímh agus foirgnimh ar bith ar an suíomh a chur isteach chuig a n-údaráis áitiúla. Tá an t-eolas seo riachtanach ionas go mbeidh na seirbhísí doiteáin in ann a dhéanamh cinnte go stóráiltear ábhair dhainséaracha, de gnáth lear mór peitril i stáisiúin pheitril agus suíomhanna tionsclaíocha, go sábháilte agus go gcoinnítear iad achar réasúnta ó fhoirgnimh eile.

Rataí

Rátaí gnó

Níl rátaí gnó ar leith ag baint le seirbhísí dóiteáin ach ghearann an chuid is mó d'údaráis áitiúla rátaí bliantúla ar ghnothaí chun costais seirbhísí na n-údarás áitiúil dóibh a ghlanadh, agus tá seirbhísí dóiteáin san áireamh. Athraíonn an chaoi a oibrítear amach na rátaí ó chontae go contae, ach go ginearálta leagann an t-údarás áitiúil síos ráta go bliantúil, bunaithe ar an méid a mheastar a bheidh ag teastáil chun a chostais a chlúdach. Chuirfidh an t-udarás aitiúil an táille sin ar ghnothaí, de ghnáth le híoc i dtráthchodanna, a athraítear de réir méid agus fiúntas gach comhlucht. Déanann Coimisinéir Luachála an údaráis aitiúil an cinneadh. Is féidir achomharc a dhéanamh in aghaidh an chinnidh, de ghnáth taobh istigh de 28 lá, do Bhinse Luachála, agus déanfaidh siadsan cinneadh an ceart an ráta a laghdú nó nach ceart.

Ceadúnas d'ábhair dhainséaracha

Gearann údaráis áitiúla táille ar cheadúnais faoin Acht Um Ábhair Dhainséaracha. Athraíonn an táille seo ag brath ar lear agus nádúr an ábhair agus ar an údarás aitiúil atá i gceist. Gearann an chuid is mó d'údaráis áitiúla táille athraitheach ag brath ar lear an pheitril, an t-ábhar dainséarach is coitianta.

Táillí a bhaineann le heachtraí

Gearann an chuid is mó de sheirbhísí dóiteáin aitiúla táille comhréir idir 90 euro agus 130 euro chun freastal ar thine shimléir nó tine theaghlaigh eile nó éigeandáil. Má tá ar na seirbhísí dóiteáin freastal ar thine nó eigeandáil eile atá ar scála níos mó ná tine theaghlaigh, mar shampla tine fhoraoise, nó tine ar áitreabh gnó, iarrfaidh siad ar an gcomhlucht nó úinéir na talún an costas iomlán a ghlanadh. De ghnáth, gheobhaidh an t-úinéir nó an comhlucht an t-airgead ar ais óna n-arachóirí.

Teastas Sábháilteacht Tine

Chuirfidh an chuid is mó d'údaráis aitiúla táille ar theastas sábháilteacht tine. Go minic bunaítear an ráta atá le gearradh ar iarratas ar ráta ar an méadar cearnóige ar achar iomlán an úrláir ach táille d'íosmhéid 127 euro agus uasmhéid 12,700 euro a íoc. Cuireann cuid de na húdaráis áitiúla ráta speisialta níos lú ar fáil má tá an suíomh le n-úsáid le haghaidh talmhaíochta.

Scrúduithe seirbhísí dóiteáin

Cuireann an chuid is mó d'údaráis aitiúla táillí ar sheirbhísí dóiteáin. D'fhéadfadh na taillí seo a athrú ag brath ar d'údarás áitiúil, agus d'fhéadfadh siad a athrú chomh maith ag brath ar an gcineál áitribh atá i gceist. Mar shampla, má tá ceadúnas agat le haghaidh club, hall damhsa poiblí, teach tábhairne nó bialann, d'fhéadfadh táillí a athrú mar gheall ar na cineálacha scrúduithe difriúla a theastaíonn ó chuile chineál áitribh.

Conas Iarratas a dhéanamh

Gártha éigeandála

Ba 999 an uimhir traidisiúnta le haghaidh seirbhísí éigeandála in Éirinn, na seirbhísí dóiteáin san áireamh, ach tá iarrachtaí déanta 112, an uimhir a úsáidtear ar fud na hEorpa, a chur in áit 999. Faoi láthair, oibríonn an dá uimhir, agus geobhaidh tú na seirbhísí eigeandála ach glaoch a chur ar cheachtar acu.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Tá foirmeacha iarratais um Deimhnithe Sábháilteachta ó Dhóiteán ar fáil ó d’Údarás Dóiteáin áitiúil nó ó do stáisiún dóiteáin áitiúil. Freisin is féidir sonraí teagmhála le haghaidh gach Údarás Dóiteáin agus liosta d’ionaid stáisiúin dóiteáin a fháil ar láithreán gréasáin na Roinne Comhshaoil, Pobal agus Rialtais Áitiúil. Gheobhaidh tú tuilleadh eolais agus cóid chleachtais ar shábháilteacht dóiteáin ar rannóg Foilseacháin na Seirbhísí Dóiteáin ar láithreán gréasáin na Roinne Comhshaoil.

Má tá spéis ag do chuideachta in oiliúint ar shábháilteacht dóiteáin, déan teagmháil le d’údarás áitiúil nó le hIonad Oiliúna BhriogáidDóiteáin Bhaile Átha Cliath ag:

Institiúid Uí Bhriain

Bothar Mhullach Idé
Marino
Dublin
Ireland

Teil:+353 (0)1 8338313 or +353 (0)1 8331314
Facs:+353 (0)1 8335472
R-phost: fire@dublincity.ie


Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 23 November 2010

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.