Cosaint Shibhialta

Réamhrá

Is eagraíocht dheonach í an Chosaint Shibhialta a thacaíonn le seirbhísí éigeandála líne tosaigh agus le pobail áitiúla. Tá 3,500 ball aici atá oilte i réimse seirbhísí.

Cé go dtagann baill isteach trína n-údarás áitiúil, déanann Brainse Cosanta Sibhialta na Roinne Cosanta Cosaint Shibhialta a bhainistiú agus a fhorbairt. Chuireann sé oiliúint ar fáil, chomh maith le treo beartais agus tacaíocht riaracháin ar leibhéal náisiúnta.

Seirbhísí

Cuidíonn Cosaint Shibhialta le seirbhísí líne tosaigh déileáil le:

  • Teagmhais ghéarhaimsire
  • Tuilte
  • Timpistí móra
  • Daoine atá ar iarraidh a chuardach.

Freastalaíonn siad ar imeachtaí móra freisin mar shampla ceolchoirmeacha, cluichí, féilte, seónna aeir agus paráidí. Más mian leat go mbeadh an Chosaint Shibhialta i láthair ag ócáid atá á eagrú agat, is féidir leat iarratas a dhéanamh chuig an Oifigeach Cosanta Sibhialta i d’údarás áitiúil.

Oiliúint

Cuirtear oiliúint tosaigh ar oibrithe deonacha ar siúl ag brainsí áitiúla Cosanta Sibhialta. I measc na gcúrsaí tá:

  • Garchabhair
  • Cuardach agus tarrtháil
  • Seirbhís dóiteáin chúnta
  • Monatóireacht ar radaíocht
  • Leas
  • Cumarsáid

Is féidir le deonaithe a bhfuil oiliúint faighte acu agus a fuair taithí fhairsing ag leibhéal áitiúil cáiliú mar theagascóirí. Bíonn oiliúint do theagascóirí ar siúl i gceanncheathrú na Cosanta Sibhialta i Ros Cré, Co. Thiobraid Árann agus i dTeach Ratra, Páirc an Fhionnuisce, Baile Átha Cliath.

Tuilleadh faisnéise agus teagmháil

Glacann saorálaithe ballraíocht den Chosaint Shibhialta tríd údarás áitiúil dá gceantar.

Cosaint Shibhialta

An Bheannach Mhór
Ros Cré
Tiobraid Árann
E53 CY80
Éire

Teil: (0505) 25310
Láithreán Gréasáin: https://www.civildefence.ie
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 12 Iúil 2022