Binsí agus imscrúduithe - réamhrá

Eolas

De ghnáth socraítear fiosrúchán poiblí nuair atá rud a bhfuil tábhacht phoiblí suntasach ann tar éis dul amú. Is cuspóir leis na fíricí a aimsiú maidir leis an ábhar leasa poiblí, a aithnítear i dtéarmaí tagartha an fhiosrúcháin.

Ní thugann sé riarachán ar cheartas agus ní féidir leis pionóis a ghearradh nó a fhorfheidhmiú ar dhaoine aonair. D’ainneoin sin, d’fhéadfadh a thorthaí éifeacht a imirt ar chlú duine nó na heagraíochta. D’fhéadfadh torthaí fiosrúcháin eascrú i gcúisimh coiriúla nó dóibh atá bainteach le caingean dlí a ghlacadh.

Chomh maith leis an ábhar a imscrúdú, d’fhéadfadh fiosrúchán moltaí a dhéanamh chun nach dtarlóidh sé arís.

Tá go leor cineálacha difriúla fiosrúcháin phoiblí ann.

Déanann comhlachtaí poiblí eile breithniúchán a dhéanamh i gcásanna aonair, agus is féidir leo moltaí agus cinntí a eisiúint ar théarmaí leagtha amach sa reacht. Áirítear leis sin comhlachtaí amhail an Coimisiún um Chaidrimh sa Láthair Oibre agus an Bord Tionóntachtaí Tithíochta.

Cúirteanna fiosrúcháin agus coimisiúin imscrúdaithe

Socraítear Cúirteanna Fiosrúcháin le cumhachtaí chun ábhair sonracha a fhiosrú. Tá cathaoirleacht acu de ghnáth ag breithimh nó dlíodóirí sinsearacha. Ag deireadh an imscrúdaithe, seolann an chúirt tuarascáil chuig an Oireachtas, a d’fhéadfadh moltaí a bheith leis.

Tá cumhacht ag an Oireachtas chun cúirt fhiosrúcháin a bhunú chun ábhair tábhachta poiblí a fhiosrú. Baineann feidhm na cúirte le fíricí a aimsiú agus fiosrúchán. Cé gur féidir léi moltaí a dhéanamh, ní dhéanann sí breithiúnas ceangailteach ar chearta nó dliteanais daoine aonair. Ní dhéanann sí ach torthaí a lua go simplí, ina tuarascáil, den fiosrúchán agus na fíricí aimsithe ann.

Is modh níos gasta níos saoire é an coimisiún imscrúdaithe chun imscrúdú a thabhairt ar ábhair leasa poiblí suntasaigh. Socraítear é ag ordú an rialtais ar gá dó a bheith faofa ag an nDáil agus Seanad. Socraíonn an Rialtas nó Aire aonair na téarmaí tagartha. De ghnáth tugtar fianaise don Choimisiún go príobháideach. Déanann an Coimisiún tuarascáil deiridh ar a thorthaí d’Aire sonraithe.

Fiosrúcháin na Parlaiminte

Is féidir leis an Oireachtas baill a ainmniú chun coiste a fhoirmiú chun imscrúdú a dhéanamh ar pholasaí, reachtaíocht, nó ábhar ar leith. Is féidir leis an gcoiste aighneachtaí a lorg ó shaineolaithe agus páirtithe leasmhara, agus ní mór dó a thorthaí a thuairisciú ar ais go dtí an Oireachtas. Úsáideann an coiste próiseas imscrúdaitheach chun conclúidí a fháil sula ndéanann sé a thuarascáil. Is coistí seasta cuid de na coistí (mar shampla, an Coiste Cuntais Poiblí). Ciallaíonn sin go mbunaítear iad i ndiaidh gach olltoghcháin.

Coistí Fiosrúcháin

Socraíodh coistí áirithe chun fiosrúchán a thabhairt ar eachtraí nó conspóidí sonracha a bhaineann tábhacht phoiblí leo. Is samplaí iad:

Comhchoiste Fiosrúcháin ar an nGéarchéim Bainc

Fiosrúchán ar cheapacháin breithiúnach

Fiosrúchán ar ghéarchéim na n-arm

Fiosrúchán Mhainistir Leathrátha

Fiosrúchán DIRT

Tá cumhacht choistí na parlaiminte teoranta ag na cúirteanna. In 2002, luaigh an Chúirt Uachtarach nach raibh an chumhacht ag Tithe an Oireachtais faoin mBunreacht chun torthaí fírice a aimsiú. Bhí athrú molta don Bhunreacht chun filleadh ar éifeachtaí an bhreithiúnais sin diúltaithe ag muintir na hÉireann i reifreann 2011.

Tá an creat i gcomhair fiosrúcháin na parlaiminte leagtha amach anois in Acht Tithe an Oireachtais (Fiosrúcháin, Pribhléidí agus Nósanna Imeachta) 2013. Is féidir le fiosrúcháin baint le córais, cleachtais, nósanna imeachta, polasaithe agus cur i bhfeidhm polasaithe, agus éifeachtacht na gcóras reachtacha agus rialála.

D’fhéadfadh na fiosrúcháin sin gan aon torthaí a aimsiú a imríonn éifeacht dhíobhálach ar ainm duine nach bhfuil:

Mar bhall leis an nDáil nó Seanad, nó

Sealbhóir oifige nó

Duine cuntasach go díreach don Oireachtas

Fiosrúcháin neamh-reachtúla

Nuair atá fiosrúchán socraithe trí Acht an Oireachtais, glaoitear fiosrúchán reachtúil air. Is cineálacha fiosrúcháin reachtúla iad na cúirteanna agus coimisiúin fiosrúcháin.

Ní shocraítear gach fiosrúcháin ar bhonn reachtúil. D’fhéadfadh Aire fiosrúchán a choimisiúnú in ábhar tábhachta poiblí. Is samplaí iad:

In 2000 bhunaigh an tAire Sláinte agus Leanaí fiosrúchán ar ghníomhaíocht choinneála orgáin daonna gan chead

In 2012 choimisiúnaigh an tAire Sláinte agus Leanaí tuarascáil ar chleachta simfiseatóime in Éirinn.

Uaireanta d’fhéadfadh fiosrúchán réamhchéime a bheith déanta chun obair an phríomh-fhiosrúcháin a éascú. Ar dtús, bunaíodh An Coimisiún chun Fiosrúchán a dhéanamh ar Mhí-Úsáid Leanaí ar bhonn riaracháin in 1999 sula raibh sé bunaithe ar bhonn reachtúil in 2000 faoi réir an Choimisiúin chun Fiosrúcháin a dhéanamh ar an Acht um Mhí-Úsáid Leanaí 2000.

Tá a thuilleadh faisnéise ar fáil ar fhiosrúcháin agus imscrúduithe i bPáipéar Comhairlithe ar Fhiosrúcháin Poiblí (pdf) 2003 an Choimisiúin Athchóirithe Dlí.

Cúiteamh

Ag leanúint ó fhiosrúchán, is minic gur bunaíodh binse nó scéim cúitimh chun íospartaigh na heachtra nó an iompair a bhí ina n-ábhar imscrúdaithe ag an bhfiosrúchán a chúiteamh. Seo a leanas samplaí de na scéimeanna cúitimh sin:

  • Bunaíodh an Binse Cúitimh Heipitítis i 1995. Soláthraíonn sé cúiteamh dóibh siúd atá galraithe le Heipitíteas C nó le SEIF mar thoradh ar Ghlóbailin Imhdíonachta Dhaonna Frith-D a úsáid nó mar thoradh go ndearnadh fuilaistriú ort nó gur tugadh táirge fola duit laistigh den Stát.
  • Bunaíodh an Bord Sásamh d’Institiúidí Cónaithe in 2002. Bunaíodh é chun cúiteamh a thabhairt dóibh siúd ar baineadh mí-úsáid astu nuair a bhídís ina leanaí, fad a bhí cónaí orthu i scoileanna saothair, scoileanna ceartúcháin nó in institiúidí eile faoi réir rialáil nó imscrúdú an Stáit.
  • Bunaíodh Caranua in 2013 faoin Acht um an gCiste Reachtúil Foras Cónaithe, 2012 chun cabhrú leo siúd a bhí thíos le mí-úsáid in institiúidí cónaithe agus a bhain réitigh amach tríd an mBord Sásamh d’Institiúidí Cónaithe nó trí na cúirteanna.
  • Bunaíodh an Scéim Íocaíochta Simfiseatóime in 2014 chun íocaíochtaí ex-gratia a sholáthar do mhná a thug faoi shimfiseatóime mháinliachta nó faoi phúbatóime in aon ospidéal sa Stát idir 1940 agus 1990.

Comhlachtaí le cumhachtaí fiosrúcháin speisialaithe

Tá raon reachtaíochta speisialaithe ann a rialaíonn earnálacha áirithe, amhail Acht na gComhlachtaí 2014, a sholáthraíonn i gcomhair fiosrúcháin. Seo a leanas samplaí:

Fiosrúcháin maidir le Déanta ag Reachtaíocht
Timpistí agus eachtraí iarnróid An tAonad Fiosrúcháin ar Thimpistí Iarnróid Rialacháin (Sábháilteachta Iarnróid) (Tuairisciú agus Fiosrúchán ar Thimpistí Dáiríre, Timpistí agus Eachtraí) an Aontais Eorpaigh 2020
Éigeandálaí san fharraige a tharlaíonn in uiscí na hÉireann, agus timpistí a bhaineann le báid cláraithe in Éirinn An Bord Fiosrúcháin ar Eachtraí san Fharraige Acht Loingseoireachta na gCeannaithe (Fiosrúchán ar Eachtraí san Fharraige) 2000 agus rialacháin gaolmhara
Timpistí aerárthaigh An tAonad Fiosrúcháin ar Thimpistí san Aer Rialacháin um Loingseoireacht san Aer (Fógraí agus Fiosrúchán ar Thimpistí, Timpistí Dáiríre agus Eachtraí) 2009
Comhlachtaí Iniúchóirí ceaptha ag cúirt Cuid 13 d’Acht na gComhlachtaí 2014


Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 31 Lúnasa 2021