Tá go leor binsí sa Stát a dhéanann socruithe daingne maidir le cearta daoine. Feidhmíonn binse cearta ar nós cúirte; míníonn sé an dlí agus cuireann sé é i bhfeidhm chun socruithe daingne a dhéanamh faoi chonspóidí idir pháirtithe difriúla.
Cuirtear binse cearta ar bun nuair a ghlacann an tOireachtas (an Dáil agus an Seanad araon) le bille a chuireann an rialtas faoina bhráid. De ghnáth bunaítear binse cearta chun rogha éasca, neamhfhoirmeálta agus saor ar chóras na gcúirteanna a thabhairt i réimse ar leith den dlí, mar shampla dlí fostaíochta. Déileálann binsí ceart le réimse leathan aighneas éagsúla.
Socraíonn an reachtaíocht a chuireann an binse ar bun an líon ball a bhéas ann agus cé acu a bheidh mar bhaill, breithimh, dlíodóirí, státseirbhísigh nó ionadaithe ón rannóg tionscail. Socraíonn an reachtaíocht chomh maith cumachtaí an bhinse agus an modh oibre a chuirfear i bhfeidhm.
Socróidh téarmaí na reachtaíochta an féidir achomharc iomlán a dhéanamh ar chinneadh an bhinse sna cúirteanna. Mar shampla, is féidir achomharc a dhéanamh ar chinneadh an Bhinse Achomhairc Fostaíochta go dtí an Chúirt Chuarda.
D'fhéadfadh an reachtaíocht leagan síos, áfach, nach féidir achomharc a dhéanamh go dtí an Chúirt ach amháin trí athbhreithniú dlíthiúil san Ard-Chúirt. Ní chuirfidh an Chúirt a breithiúnas féin in áit cinnidh an bhinse, ach déanfaidh sí cinnte go raibh an cinneadh déanta go cothrom. Má rinneadh cinneadh an bhinse gan modh oibre cothrom a leanúint, d'fhéadfadh an Chúirt é a chur ar leataobh.
Íocann an Stát as costais bhinse cearta. De ghnáth, bíonn ar pháirtithe atá os comhair binse chearta costais a n-ionadaíocht dlíthiúil féin a íoc.
Seo thíos roinnt binsí ceart cáiliúil:
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 8in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.