Tá an Taoiseach i gceannas ar an Rialtas. Ainmníonn an Dáil í nó é agus déanann an tUachtarán Taoiseach dí nó de. Piocann an Taoiseach na hAirí éagsúla agus is féidir leis nó léi iad a chuir as a bpost má tá cúis aige nó aici sin a dhéanamh. Ta eolas ar an Taoiseach láithreach anseo.
Bíonn an Taoiseach idir an tUachtarán agus an Rialtas i gcúrsaí cumarsáide. Cuireann sé nó sí comhairle ar an Uachtarán maidir leis an Dáil a lánscoir nó glaoch ar an Dáil. Cuireann sé nó sí Billí ós comhair an Uachtaráin le bheith sínithe ionas go ndéantar Acht díobh agus gur féidir iad a chur i bhfeidhm. Coiméadann an Taoiseach an tUachtarán ar an eolas faoi pholasaithe náisiúnta agus idirnáisiúnta an Rialtais.
Labhraíonn an Taoiseach thar cheann an Rialtais ar aon ní a bhaineann le polasaí. Déanann an Taoiseach cathaoirleacht ar chruinnithe Comh-Aireachta.
Bíonn súil á choiméad aige nó aici ar gach Roinn Stáit agus déanann cinnte de go bhfuil na Ranna éagsúla ar chomh intinn maidir le pléanáil de. Cinntíonn sé nó sí go gcuireann na hAirí i bhfeidhm na cinnithe atá tógtha ag an gComh-Aireacht agus go dtuigeann siad na himpleachtaí a bhaineann le polasaithe an Rialtais.
Tá plé mhór ag an Taoiseach, freisin, lenar dteangbháil le tíortha eile. Déanann sé nó sí ionadaíocht dúinn thar lear agus bualann go rialta le ceannairí na dtíortha eile san Aontas Eorpach chun polasaithe na hEorpa a phlé.
Tá an Taoiseach agus na hAirí go léir freagrach do Dháil Éireann. Tugann an Priomhaoire Rialtais cúnamh don Taoiseach ina chuid nó ina cuid dualgas.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.