Deir An Bunreacht go gcaithfidh an Taoiseach ball de Dáil Eireann a ainmniú mar Thánaiste. Is é/í an Tánaiste an Leas-Thaoiseach.
Feidhmníonn sé/sí in áit an Taoisigh má tá an Taoiseach thar lear nó tinn. Dá dtarlódh sé go bhfaigheadh an Taoiseach bás nó go mbeadh sé/sí faoi mhíchumas buan, sheasfadh an Tánaiste isteach go dtí go mbeadh Taoiseach nua tofa.
Is féidir leis an Tánaiste Aireacht a bheith aige/aici freisin, rud a fhágann go mbíonn sé/sí freisin ina (h)Aire ar Roinn Stáit. Tá eolas ar an Tánaiste láithreach anseo.
Is féidir leis an Taoiseach an Tánaiste a chur as an bpost, díreach mar is féidir leis /léi aon Aire eile a chur as a p(h)ost, má cheapann sé/sí go bhfuil cúis mhaith chun sin a dhéanamh.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.