Anseo atá tú: Baile > Rialtas in Éirinn > Rialtas Náisiúnta na hÉireann > Rialtas na hÉireann > Príomhaoire Rialtais

Print Page Send to a Friend

Príomhaoire Rialtais

Eolas

IIs é an tAire Stáit i Roinn an Taoisigh a bhíonn mar Phríomhaoire an Rialtais. Tá sé/sí freagrach as eagrú agus comhordú a dhéanamh ar ghnóthaí an Rialtais i nDáil Éireann.

Bíonn an Príomhaoire ina (h)idirghabhálaí cumarsáide idir an Rialtas agus lucht an fhreasúra.

Tá sé de chúram ar an bPríomhaoire déanamh cinnte go bhfuil tromlach vótála ag an Rialtas sa Dáil agus déanann sí/sí cinnte go bhfuil na Teachtaí Dála go léir i láthair sa Dáil nuair atá vóta á chaitheamh. Nuair a chuirtear iallach ar Theachta Dála freastal ar an Dáil ag am vótála, deirtear go n-úsáidtear Lasc.

Tá ról ag an bPríomhaoire monatóireacht a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta ag na Ranna Rialtais in ullmhú reachtaíochta. Déanann sé/sí na socruithe le go mbeidh an reachtaíocht mholta curtha ós comhair na Dála le díospóireacht.


Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 26 March 2010

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.