Print Page Send to a Friend

Comhrialtas

Eolas

In ndiaidh olltoghcháin, tá an deis ag an bpáirtí, ag a bhfuil tacaíocht tromlach baill na Dála, an Taoiseach a ainmniú agus ansin Rialtas a bhunú.

Má tharlaíonn sé, tar éis an olltoghcháin, nach bhfuil aon pháirtí amháin le tacaíocht ón tromlach is féidir le dhá pháirtí nó níos mó aontú ar oibriú le chéile chun an tír a rialú mar "Chomhrialtas".

Beidh ar na Páirtithe aontú ar an té a bheidh mar Thaoiseach orthu. De ghnáth, is é/í ceannaire an pháirtí is mó a roghnaítear. Le blianta beaga anuas roghnaítear ceannaire an pháirtí is lú mar Thánaiste.

Roinntear cúram na n-airí ansin ar an dá nó trí pháirtí. Tugtar, de ghnáth, níos nó díobh don pháirtí is mó. Is iad ceannairí na bpáirtithe a shocraíonn cé dó/dí a thugtar na postanna mar airí i measc na mball tofa.

Bíonn an Comhrialtas i gcumhacht an fhad agus a fhaigheann said tacaíocht ó thromlach na dTeachtaí Dála sa Dáil. Má tharlaíonn sé go bhfuil fáth éigin nach bhfuil na páirtithe éagsúla sa Chomhrialtas ag aontú ar chúis éigin is féidir leis an Taoiseach dul chuig an Uachtarán agus iarraidh air/uirthi an Dáil a lánscoir.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 24 April 2008

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.