Reachtaíocht Mhíbhunreachtúil

Réamhrá

Tá foráil in Airteagal 15 de Bhunreacht na hÉireann nach n-achtóidh an tOireachtas aon dlí nach bhfuil ag luí leis an mBunreacht. Lena chois sin, más rud é nach bhfuil dlí nó cuid de dhlí ag luí leis an mBunreacht tá an dlí sin nó cuid de neamhbhailí. Glactar leis go bhfuil dlí a ritheann an tOireachtas ag luí leis an mBunreacht go dtí go gcruthaítear a mhalairt.

Rialacha

Cumhacht an Uachtaráin

Is mar bhillí a ritheann dhá theach an Oireachtais (Parlaimint na hÉireann) a chuirtear tús le Reachtaíocht. Ní mór d’Uachtarán na hÉireann gach bille a shíniú sula mbíonn sé ina dhlí in Éirinn. Nuair a ritheann dhá Theach an Oireachtas bille cuirtear faoi bhráid an Uachtaráin é lena shíniú.

Má tá amhras ann nach bhfuil bille ag luí leis an mBunreacht tá sé de chumhacht ag an Uachtarán de bhun Airteagal 26 an Bhunreachta an bille a chur ar aghaidh go dtí an Chúirt Uachtarach sula síníonn sé nó sí é. Caithfidh an tUachtarán dul i gcomhairle leis an gComhairle Stáit ar dtús ach is é an tUachtarán féin a dhéanann an cinneadh faoin mbille a chur ar aghaidh.

Ní mór don Chúirt Uachtarach cinneadh a dhéanamh an luíonn an bille leis an mBunreacht nó nach luíonn. Má chinneann an Chúirt Uachtarach go bhfuil an bille míbhunreachtúil ní féidir leis an Uachtarán é a shíniú le dlí a dhéanamh de. Faoin Airteagal 34 Bunreacht, má chuirtear an Bille ar aghaidh ag an Uachtarán, agus cinneann an Chúirt Uachtarach go bhfuil an Bille ag luí leis an mBunreacht, ní féidir dúshlán faoi bhunreachtúlacht na reachtaíochta seo a chur.

Imeachtaí breithiúnacha

Tá sé de chumhacht nó de “dhlínse” ag an Ard-Chúirt aon dlí nó cuid de dhlí nach bhfuil ag luí leis an mBunreacht a chur ar ceal. Ciallaíonn sé sin gur féidir imeachtaí a thionscnamh san Ard-Chúirt má chreideann tú go sáraíonn dlí an Bunreacht nó go sáraíonn sé do chearta bunúsacha. Féadfar dúshlán a thabhairt d’Acht nár tugadh feidhm fós dó más rud é gur féidir ordú a dhéanamh uair ar bith le feidhm a thabhairt dó. Caithfear fógra faoi na himeachtaí a sheirbheáil ar an Ard-Aighne.

Má tá tú chun dúshlán na reachtaíochta a thabhairt ar an ábhar nach luíonn sí leis an mBunreacht ní mór duit a léiriú go bhfuil “dóthain leasa” agat sna himeachtaí, .i. go bhfuil tionchar ag an reachtaíocht ort ar bhealach éigin. Ní mór duit a chruthú freisin go bhfuil cás inargóinte agat, is é sin, go bhfuil bunús le do chás.

Déanfaidh an Ard-Chúirt an reachtaíocht atá i gceist a scrúdú agus tabharfaidh sí breith an luíonn sí leis an mBunreacht nó nach luíonn. Má chinneann sí nach bhfuil an reachtaíocht ag luí leis an mBunreacht féadfaidh sí an dlí nó an chuid de nach bhfuil ag luí leis an mBunreacht a neamhniú nó a chealú.

Féadfar achomharc a dhéanamh chun na Cúirte Uachtaraí faoi chinneadh na hArd-Chúirte.

Conas iarratas a dhéanamh

Más mian leat imeachtaí breithiúnacha a thionscnamh, ba chóir duit teagmháil a dhéanamh le haturnae a chuirfidh mionteagasc ar a uain chuig abhcóide chun páipéir a ullmhú don chás. Is féidir leat ionadaíocht a dhéanamh ort féin freisin más mian leat do chostais dlí a choinneáil íseal.

Níl aon ráta seasta muirear ann le haghaidh táillí dlí agus mar sin ba cheart duit roinnt meastachán a fháil sula gcinneann tú ionadaíocht dlí a fháil. Ní mór do d’aturnae tú a chur ar an eolas i scríbhinn faoi na táillí a ghearrfar ort as a c(h)uid seirbhísí. Murar féidir suim chinnte a thabhairt duit, ní mór dó/di an tsuim a mheas nó ar a laghad cur síos a dhéanamh ar an mbunús a ndéanfar muirir nó táillí a ríomh air.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 24 Eanáir 2023