Binsí Ceart

Réamhrá

Tá go leor binsí in Éirinn a dhéanann cinntí ceangailteacha faoi chearta daoine ach nach cúirt dlí iad. Feidhmíonn binse cearta mar chúirt ach ní cuid de chóras na gcúirteanna iad. Déanann sé an dlí a léirmhíniú agus a chur i bhfeidhm chun cinntí ceangailteacha a dhéanamh ar dhíospóidí idir páirtithe éagsúla.

Bunaítear binsí cearta le hAcht Oireachtais. Is é an cuspóir atá acu ná rogha eile atá tapaidh, neamhfhoirmeálta agus neamhchostasach a sholáthar seachas córas na gcúirteanna i réimse sonrach dlí (mar shampla, dlí fostaíochta). Déileálann binsí cearta le raon leathan díospóidí.

Conas a chuirtear binsí cearta ar bun

Leagtar amach sa reachtaíocht a bhunaíonn an binse cé mhéad ball a shuífidh air agus an mbeidh siad ina ndlíodóirí, ina státseirbhísigh nó ina n-ionadaithe tionscail. Leagtar amach ann freisin cumhachtaí an bhinse agus na nósanna imeachta a chuirfear i bhfeidhm.

Sonraíonn an reachtaíocht freisin conas is féidir achomharc a dhéanamh i gcoinne chinneadh an bhinse cearta. I gcásanna áirithe d’fhéadfadh go mbeadh próiseas achomhairc speisialta leagtha amach sa reachtaíocht. Mar shampla, déantar achomhairc ón gCoimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre chuig an gCúirt Oibreachais.

Féadfaidh an reachtaíocht a lua freisin nach bhfuil aon achomharc chun na cúirte ach amháin trí athbhreithniú breithiúnach san Ard-Chúirt. Ciallaíonn sé seo nach gcuirfidh an chúirt a breithiúnas féin in ionad an chinnidh a rinne an binse, ach go gcinnteoidh sí go ndearnadh an cinneadh go cothrom. Má rinneadh cinneadh an bhinse gan nósanna imeachta cothroma a leanúint, féadfaidh an Ard-Chúirt é a chur ar leataobh (ar ceal).

Íocann an Stát an costas a bhaineann le binse cearta a reáchtáil. Go ginearálta bíonn ar pháirtithe a thagann os comhair binse cearta íoc as a n-ionadaíocht dhlíthiúil féin.

Samplaí de bhinsí cearta

Áirítear le roinnt binsí cearta aitheanta:

  • An Binse Cúitimh i leith Díobhálacha Coiriúla: Cinneann an binse seo an leibhéal cúitimh atá le híoc le daoine a gortaíodh le linn gnímh choiriúil.
  • An Coimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre: Fiosraíonn an binse seo díospóidí idir fostóirí agus fostaithe agus déanann sé moltaí.
  • An Binse um Achomhairc i dtaobh Cosaint Idirnáisiúnta: Éisteann an binse seo le hachomhairc ó iarrthóirí tearmainn i gcoinne cinntí chun cosaint idirnáisiúnta a dhiúltú dóibh.
  • An Bord Pleanála: Éisteann an binse seo le hachomhairc i gcoinne cead pleanála a bheith tugtha nó diúltaithe ag údarás pleanála.
  • An Oifig Achomhairc Leasa Shóisialaigh: Cinneann an t-oifigeach achomhairc ar iarratais ar liúntais nó ar shochair faoin reachtaíocht leasa shóisialaigh.
  • An Binse Luachála. Éisteann an binse seo le díospóidí maidir le luacháil inrátaithe réadmhaoine. Is í an luacháil inrátaithe an luach a chuireann an t-údarás áitiúil ar réadmhaoin chun na rátaí a ghearrfar a chinneadh.
  • Oifig Maoine Intleachtúla na hÉireann: a chinneann an bhfuil aireagáin áirithe i dteideal a bheith cláraithe mar phaitinní agus an féidir siombailí, líníochtaí, marcanna agus cruthanna áirithe a chlárú mar thrádmharcanna.
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 11 Bealtaine 2022