Achainíocha poiblí

Réamhrá

Ceadaíonn an córas achainíocha poiblí parlaiminteacha do mhuintir an phobail saincheisteanna atá ina ndíol spéise don phobal i gcoitinne a thabhairt chun solais do Thithe an Oireachtais (an pharlaimint).

Déanann an Comhchoiste um Achainíocha Poiblí, cinneadh ar achainí. Is coiste parlaiminteach é ina bhfuil TDanna agus Seanadóirí.

Treoirlínte maidir le hachainí

Má tá achainí á seoladh ar aghaidh agat, ní mór go mbaineann sí le ceist a bhfuil an chumhacht ag Tithe an Oireachtais gníomhú ina leith agus caithfidh sé a bheith san fhoirm cheart. Ní mór:

•Nach mbainfidh sé le cás inar tosaíodh imeachtaí cúirte agus ina n-éistfear leis os comhair giúiré

•Nach mbeidh aon ainmneacha daoine aonair ann

•Nach mbeidh aon fhriotal maslach ann

•Nach mbeidh sé aerach

•Nach mbeidh sí mar an gcéanna le hachainí a rinne tú, nó a rinneadh thar do cheann, i rith shaolré reatha na Dála

•Nach n-éileoidh sé ar an gcoiste breithniú a dhéanamh ar ghearán a ndearna Ombudsman nó comhlacht sásaimh éigin cinneadh faoi cheana féin.

Iarrfar ort a thaispeáint go ndearna tú iarracht cheana féin an tsaincheist a tugadh chun solais i d’achainí a réiteach, mar shampla, tríd an Ombudsman, comhlachtaí poiblí, an Roinn ábhartha Rialtais go díreach a chur ar an eolas air.

Ba cheart go mbeadh ainm agus seoladh aon duine i d’achainí a chomhaontaigh le tacaíocht a thabhairt don achainí, cé nach dteastaíonn ach síniú amháin le hachainí a sheoladh ar aghaidh.

Spreagtar thú d’achainí a sheoladh ar aghaidh ar líne. Is féidir leat an fhoirm achainí a íoslódáil (pdf) agus é a sheoladh:

•Nó ar ríomhphost chuig submitapetition@oireachtas.ie

•Sa phost chuig an gCléireach leis an gComhchoiste um Achainíocha Poiblí ag an seoladh thíos

Ní ghearrtar aon mhuirear chun achainí a sheoladh ar aghaidh

An próiseas cinnidh

Seolann tú d’achainí chuig an gComhchoiste um Achainíocha Poiblí. Caithfidh an Comhchoiste cinneadh a dhéanamh ar dtús faoi cibé acu an gcomhlíonann nó nach gcomhlíonann sé buanorduithe na Dála agus an tSeanaid (pdf). Má dhéanann sé an cinneadh go bhfuil sé comhlíontach, déanfaidh sé breithniú ar d’achainí.

Nuair a dhéantar breithniú ar d’achainí, féadfaidh an Comhchoiste cuireadh a thabhairt duit teacht os a chomhair. Anuas air sin, féadfaidh sé fianaise ó bhéal nó scríofa a lorg ón roinn ábhartha rialtais, chomh maith le comhlachtaí ábhartha eile. Chomh maith leis sin, is féidir leis na rudaí seo a leanas a dhéanamh:

•D’achainí a atreorú chuig coiste parlaiminteach éigin eile go ndéanfar breithniú breise uirthi

•D’achainí a atreorú chuig ombudsman nó comhlacht rialála nó sásaimh éigin

Tar éis a mbreithniúcháin a dhéanamh, déanann an Comhchoiste cinneadh ar cén gníomh breise a ghlacfaidh sé. Féadtar a áireamh leis seo moltaí a thabhairt don Dáil, agus a iarraidh go ndéanann an Dáil díospóireacht ar an tuairisc seo.

Má dhéanann an Comhchoiste an cinneadh nach dteastaíonn breis gníomhaíochta, dúnfar d’achainí. Tabharfar fógra duit faoi chinneadh deiridh an Chomhchoiste.

Is féidir eolas agus comhairle bhreise ar an bpróiseas achainíocha a fháil ón gCléireach leis an gComhchoiste um Achainíocha Poiblí Tá iosta achainíocha a seoladh ar aghaidh cheana féin ar fáil ar láithreán gréasáin Thithe an Oireachtais.

Conas iarratas a dhéanamh

Spreagtar thú chun d’achainí a sheoladh ar aghaidh ar líne. Chomh maith leis sin, féadfaidh tú foirm na hachainí a íoslódáil (pdf) agus í a sheoladh ar aghaidh:

  • Ar ríomhphost go dtí submitapetition@oireachtas.ie

  • Sa phost chuig an gCléireach leis an gComhchoiste ar Achainíocha Poiblí ag an seoladh thíos

Is féidir breise faisnéise agus comhairle ar an bpróiseas achainíocha a fháil ón gCléireach leis an gComhchoiste ar Achainíocha Poiblí. Tá liosta d’achainíocha a seoladh ar aghaidh cheana féin ar fáil ar láithreán gréasáin Thithe an Oireachtais.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

An Comhchoiste um Achainíocha Poiblí

Tithe an Oireachtais

Teach Laighean
Sráid Chill Dara
Baile Átha Cliath 2
Éire

Teil: (01) 618 4216
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 15 Samhain 2021