Anseo atá tú: Baile > Rialtas in Éirinn > Rialtas Náisiúnta na hÉireann > Caighdeáin agus Cuntasacht > Athbhreithniú Breithiúnach ar Chinntí Poiblí

Print Page Send to a Friend

Athbhreithniú Breithiúnach ar Chinntí Poiblí

Réamhrá

Tá cumhacht nó dlínse ag an Ard-Chúirt in Éirinn ar a dtugtar "athbhreithniú breithiúnach". Is éard is athbhreithniú breithiúnach ann ná bealach atá ag an Ard-Chúirt maoirseacht a dhéanamh ar na híoschúirteanna, ar na binsí agus ar chomhlachtaí riaracháin eile le cinntiú go ndéanann siad a gcinntí i gceart.

Dhá phríomhchatagóir atá in Athbhreithniú Breithiúnach:

  • Athbhreithniú breithiúnach comhghnásach: Tá an nós imeachta a rialaíonn athbhreithniú breithiúnach comhghnásach le fáil in Ordú 84 de Rialacha na nUaschúirteanna 1986.
  • Athbhreithniú Breithiúnach Reachtúil: Scéimeanna reachtúla sainiúla um athbhreithniú breithiúnach a bhaineann le réimsí ar leith de chinntí poiblí arna roghnú ag an Oireachtas do scéimeanna sainiúla mar gheall ar na ceisteanna beartais atá i gceist. Tá scéimeanna reachtúla agus an nós imeachta atá i gceist clúdaithe ag reachtaíocht a bhaineann go sainiúil leis an réimse sin. Tá feidhm ag scéimeanna reachtúla maidir le réimsí mar thearmann, rialú ar thruailliú, mar phleanáil agus mar chuideachtaí a ghlacadh ar láimh.

Athbhreithniú Breithiúnach ar Chinntí Poiblí

Is féidir leis an Ard-Chúirt athbhreithniú breithiúnach a dhéanamh ar chinntí poiblí a dhéanann comhlachtaí riaracháin agus na híoschúirteanna. Maidir le hathbhreithniú breithiúnach, níl fiúntas an chinnidh de chúram ar an gcúirt ach dleathacht an phróisis chinnteoireachta, is é sin, conas a rinneadh an cinneadh agus a chothroime is atá sé.

I measc na samplaí de chinntí poiblí tá:

  • Cinntí ó na Cúirteanna Dúiche agus Cuarda
  • Fíoraisc ionchoisní
  • Cinntí ó bhinsí
  • Asbhaintí ó arm-phinsin
  • Comhalta d’óglaigh na hÉireann a urscaoileadh
  • Dícháiliú chun íocaíochtaí leasa shóisialaigh a fháil
  • Pas Éireannach, teastas pósta, nó víosa a dhiúltú
  • Cinntí chun iarrthóirí tearmainn a dhíbirt
  • Cinntí ón mBord Pleanála maidir le cead pleanála
  • Cinntí ó chomhlachtaí Rialtais dá dteastaíonn Measúnacht Tionchair Timpeallachta agus/nó Ceadúnas um Chosc agus Rialú Comhtháite ar Thruailliú (CRCT).
  • Cinntí ón mBord um Chúnamh Dlíthiúil agus ón Dlí-Chumann.

Is iad seo a leanas bunphrionsabail na cinnteoireachta poiblí:

  • Ní mór go mbeidh údarás ag an gcinnteoir an cinneadh a dhéanamh a bhfuil tionchar aige ort. Má tá údarás ag an gcinnteoir an cinneadh a dhéanamh, ní mór nach sáróidh an cinneadh teorainneacha a údaráis.
  • Tá tú i dteideal nós imeachta cóir a fháil maidir leis an gcaoi ina dtagtar ar an gcinneadh. Ciallaíonn sé seo go gcaithfidh an cinnteoir a bheith neamhchlaonta agus go gcaithfidh sé éisteacht chóir a thabhairt duit. Caithfear deis shásúil a thabhairt duit do chás a chur i láthair. Caithfear tú a chur ar an eolas faoin gceist agus caithfear deis a thabhairt duit do thuairim a thabhairt faoin ábhar a thugann an taobh eile ar aird.

Mura bhfuil údarás ag an gcinnteoir nós imeachta cóir a thabhairt duit nó mura dtugann sé duit é, is féidir leat imeachtaí um athbhreithniú breithiúnach a thionscnamh san Ard-Chúirt chun agóid a dhéanamh in aghaidh an chinnidh. Caithfidh tú a chruthú go bhfuil “dóthain leasa” agat sna himeachtaí, is é sin, go ndeachaigh an cinneadh a bhfuil agóid agat ina choinne i bhfeidhm ort ar bhealach éigin. Ní mór duit a chruthú freisin go bhfuil cás inargóinte agat, is é sin, go bhfuil bunús le do chás.

Scrúdóidh an Ard-Chúirt an cinneadh agus an bealach ar a ndearnadh é agus cinnfear ansin an raibh nó nach raibh an cinneadh míbhunreachtúil nó neamhdhleathach. Féadfaidh an Ard-Chúirt an cinneadh a neamhniú nó a chealú ansin.

Nós Imeachta um Athbhreithniú Breithiúnach

Baineann athbhreithniú breithiúnach den chuid is mó le dlíthiúlacht nós imeachta an chinnidh ach ceadaítear athbhreithniú teoranta ar fhiúntais an chinnidh. Is féidir cinneadh chomhlacht riaracháin a chur ar leataobh ar an mbunús go bhfuil sé míréasúnta nó neamhréasúnach.

Déantar an nós imeachta um athbhreithniú breithiúnach a rialú le hOrdú 84 de Rialacha na nUaschúirteanna.

An Chéim Cheada

Tá “céim cheada” éigeantach i gceist le hathbhreithniú breithiúnach. Ní mór iarratas a dhéanamh ar dtús ar chead chun imeachtaí athbhreithnithe bhreithiúnaigh a thosú. Úsáidtear an chéim cheada chun éilimh bheagbhríocha nó gan fiúntas a aithint ag céim luath. Déantar an t-iarratas chuig an gcúirt trí iarratas bunaithe ar ráiteas ar na forais atá leis. Ba chóir don ráiteas seo na fáthanna go bhfuil athbhreithniú breithiúnach á lorg a thabhairt. Ba chóir mionnscríbhinn a bheith in éineacht leis.

Má thugtar cead leanúint ar aghaidh, is féidir leis an iarratasóir dul ar aghaidh le himeachtaí athbhreithnithe bhreithiúnaigh. Ba chóir fógra rúin a ullmhú agus a sheirbheáil, in éineacht leis an ordú cúirte ag tabhairt ceada chun leanúint ar aghaidh leis an athbhreithniú breithiúnach agus leis an ráiteas ar na forais agus an mhionnscríbhinn a ullmhaíodh don chéim níos luaithe, ar gach duine a bhfuil tionchar díreach ag an iarratas orthu.

Ráiteas Cur i gCoinne

Ní mór d’fhreagróir ar mian leis/léi cur i gcoinne iarratas ar athbhreithniú breithiúnach Ráiteas Cur i gCoinne a chomhdú, agus is féidir leis mionnscríbhinn a chomhdú mar fhreagra ag cur i gcoinne na bhfíricí arna leagan amach ag an iarratasóir. Chomh luath is a thagann deireadh leis na pléadálacha, téann an t-ábhar ar aghaidh chuig éisteacht.

Teorainneacha Ama

Déanann an nós imeachta um athbhreithniú breithiúnach foráil d’athbhreithniú tráthúil ar chinntí comhlachtaí riaracháin. Leagtar síos in Ordú 84, Riail 21(1) de Rialacha na nUaschúirteanna 1986 na riachtanais maidir le teorainneacha ama in imeachtaí um athbhreithniú breithiúnach comhghnásach. Foráiltear ann nach mór iarratas ar chead chun athbhreithniú breithiúnach a lorg a dhéanamh “go pras agus laistigh de thrí mhí ón dáta a thosaigh na forais don iarratas, nó laistigh de sé mhí má tá an faoiseamh atá á lorg certiorari, ach amháin má mheasann an chúirt go bhfuil cúis mhaith ann an tréimhse ina ndéantar an t-iarratas a shíneadh”. (Ciallaíonn certiorari an cinneadh a neamhniú.)

Cé gur fíorbheagán samplaí de chásanna atá ann inar diúltaíodh athbhreithniú breithiúnach ar fhorais easpa tráthúlachta fiú taobh istigh de na tréimhsí trí nó sé mhí a shonraítear sna rialacha, is féidir leis seo tarlú. Ina anailís chun a fheiceáil an bhfuil cúis mhaith ann don síneadh ama, féachfaidh na cúirteanna ar fhiúntais an cháis atá idir lámha. Chun comhsheasmhacht a chinntiú, tá sé de dhualgas ar an iarratasóir foras maith a chruthú chun síneadh ama a thabhairt.

Scéimeanna reachtúla

Forlíontar Ordú 84 de Rialacha na nUaschúirteanna le rialacha nós imeachta ar leith na scéimeanna um athbhreithniú breithiúnach. Déanann na scéimeanna reachtúla sin an fháil atá ar athbhreithniú a shrianadh trí ghnéithe amhail:

  • Tá Teorainneacha ama níos giorra maidir le hiarratas a dhéanamh ar chead
  • Ceanglais chun an cinnteoir a chur ar an eolas faoin iarratas ar chead
  • Tairseacha níos airde á gcur i bhfeidhm ag an Ard-Chúirt le linn di a bhreithniú an dtabharfaidh sí cead, mar shampla forais shubstaintiúla seachas cás inargóinte.

Tá samplaí de scéimeanna reachtúla ar fáil inár ndoiciméad: Athbhreithniú breithiúnach i gcúrsaí pleanála agus comhshaoil.

Conas iarratas a dhéanamh

Más mian leat imeachtaí um athbhreithniú breithiúnach a thionscnamh, d’fhéadfadh go dteastódh uait teagmháil a dhéanamh le haturnae a chuirfidh mionteagasc ar a uain chuig abhcóide chun páipéir a ullmhú don chás. Is féidir leat ionadaíocht a dhéanamh ort féin freisin más mian leat do chostais dlí a choinneáil íseal.

Costais

Níl aon ráta seasta muirear ann le haghaidh táillí dlí in Éirinn agus mar sin ba cheart duit roinnt meastachán a fháil sula gcinneann tú ionadaíocht dlí a fháil. Ní mór do d’aturnae tú a chur ar an eolas i scríbhinn faoi na táillí a ghearrfar ort as a c(h)uid seirbhísí. Murar féidir suim chinnte a thabhairt duit, ní mór dó/di an tsuim a mheas nó ar a laghad cur síos ar an mbunús a ndéanfar muirir nó táillí a ríomh air.

I gcásanna athbhreithniú breithiúnach ar chinntí maidir le cúrsaí comhshaoil ​​áirithe, tá gach páirtí in imeachtaí a cheanglaítear a íoc ach a gcostais dlí féin, ach amháin in imthosca áirithe. Tá tuilleadh eolais ar fáil inár ndoiciméad: Athbhreithniú breithiúnach i bpleanáil agus i gcúrsaí comhshaoil.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 20 September 2010

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.