Anseo atá tú: Baile > Rialtas in Éirinn > Rialtas Náisiúnta na hÉireann > Caighdeáin agus Cuntasacht > Saoráil Faisnéise in Eirinn

Print Page Send to a Friend

Saoráil Faisnéise in Eirinn

Eolas

Faoin Acht um Shaoráil Faisnéise 1997 (FOI) agus Acht um Shaoráil Faisnéise (Leasú) 2003 tá dualgas ar ranna rialtais, boird sláinte, údaráis áitiúla agus réimse eile údaráis reachtúla eolas faoina ngníomhachtaí a fhoilsiú agus eolas pearsanta a chur ar fáil do shaoránaigh. Sa bhreis ar sin, tá trí chearta nua reachtúla ag duine faoin Acht um Shaoráil Faisnéise:

  • Ceart dleathúil ag gach duine teacht ar eolas atá ag údaráis phoiblí
  • Ceart dleathúil ag gach duine eolas oifigiúil a bhaineann leis/léi féin a leasú má tá sé easnamhach, míchruinn nó go bhféadfadh sé duine a chur ar seachrán
  • Ceart dleathúil ag duine eolas a fháil ar na fáthanna a bhí ann cinnithe maidir leis/léi féin a thógáil.

Rialacha

Dualgais atá ar Údaráis Phoiblí

Tá eolas maidir le gníomhachtaí údaráis phoiblí a thiteann faoin Acht um Shaoráil Faisnéise (Rannóg 15 agus Rannóg 16) ar fáil sa Lámhleabhar um Shaoráil Faisnéise nach mór do gach údarás poiblí a fhoilsiú.

San áireamh san eolas nach mór a bheith ar fáil sa Lámhleabhar tá:

  • Cur síos ginearálta ar structúir agus feidhmeanna, cumhachtaí agus dualgais an eagrais; na seirbhísí a chuireann sé ar fáil don phobal agus na módhanna gur féidir leis an bpobal a úsáid le teacht ar na seirbhísí sin;
  • Cur síos ar an gcineál taifead atá coinnithe
  • Na socruithe atá i bhfeidhm le gur féidir le daoine teacht ar eolas agus ar thaifid agus eolas pearsanta atá míchruinn agus a bhféadfadh duine a chur ar seachrán a cheartú más cuí
  • Eolas a thabharfadh cúnamh do dhaoine a gcuid cearta faoin Acht um Shaoráil Faisnéise a éileamh.

Go ginearálta, tá fáil ar Lámhleabhair Rannóg 15 agus 16 na n-údarás poiblí a thiteann faoin Acht um Shaoráil Faisnéise ar a suíomhanna idirlíne. Is féidir cóipeanna ar pháipéar de na cáipéis sin a fháil freisin. Tá liosta de na húdaráis phoiblí a thiteann faoin Acht um Shaoráil Faisnéise ar fáil anseo.

Cód Cleachtais ar Inrochtaineacht seirbhísí poiblí agus faisnéise a chuireann Comhlachtaí Poiblí ar Fáil

Cuireann an tAcht um Míchumas 2005 bunús reachtúil ar fáil i gcomhair seirbhísí poiblí inrochtana. Cuireann Ailt 26, 27 agus 28 den Acht oibleagáidí ar chomhlachtaí poiblí rochtain ar bheith ar fáil do dhaoine faoi mhíchumas ar a gcuid seirbhísí agus a gcuid faisnéise.

Tá an Roinn Dlí agus Cirt tar éis an cúram a chur ar an Údarás Náisiúnta Míchumais a fhorbairt Cód cleachtais ar inrochtaineacht seirbhísí poiblí agus faisnéise a chuireann comhlachtaí poiblí ar fáil (pdf). Is í an aidhm atá ag an gCód seo ná comhlachtaí poiblí a threorú chun a gcuid oibleagáidí a chomhlíonadh faoin Acht. Clúdaíonn an Cód réimse leathan seirbhísí a chuireann comhlachtaí poiblí ar fáil - lena n-áirítear soláthar faisnéise, acmhainní faisnéise, scéimeanna, liúntais nó sochair eile arna reáchtáil ag comhlachtaí poiblí.

Iarratais ar eolas

Is féidir iarratas a dhéanamh ar na taifid seo a leanas atá ag ranna Rialtais nó ag údaráis phoiblí faoi leith:

  • Aon taifid a bhaineann leat féin go pearsanta, is cuma cén uair a cuireadh le chéile iad
  • Gach taifead eile a cuireadh le chéile tar éis 21 Aibreán, 1998

Is taifead aon eolas atá coinnithe ar pháipéar, ar ríomhaire, priontáilte ó ríomhaire, léarscáileanna, pleananna, micrascannán, micrafís agus ábhar clósamhairc & rl.

Rataí

Is féidir leis an údarás poiblí táille a ghearradh ar an am a caitheadh ag lorg taifead agus ar aon chostais chóipeála a thit air ar son an ábhair a d'iarr tú a chur ar fáil.

Ní dóigh go ngearrfar aon táille ar thaifid phearsanta a chur ar fáil do dhuine, ach amháin sa chás go bhfuil go leor taifead i gceist. Déantar cur síos ar tháillí i rannóg 47 den Acht um Shaoráil Faisnéise. Seo a leanas na rátaí reatha:

Cineál Ceiste nó Iarratais Gnáththáille* Táille Laghdaithe**
An chéad iarratas €15 €10
Achomharc inmheánach faoi €75 €25
Achomharc do Choimisinéir Eolais €150 €50
Iarratas ar eolas pearsanta Saor Saor
Iarratas ar leasú a dhéanamh ar eolas míchruinn Saor Saor
Iarratas ar fháthanna a raibh cinneadh á thógáil a raibh tionchar aige ar dhuine Saor Saor

* Níl táille i gceist nuair a dhéanann tú achomharc ar chinneadh táille nó éarlais a ghearradh, ná táille nó éarlais suime de réir Alt 47 an Achta.

** Gearrfar táillí laghdaithe ar shealbhóirí cárta leighis agus ar thríú páirtithe a dhéanann achomharc in aghaidh socraithe go scaoilfear a gcuid eolais ar bhonn leasa an phobail.

Táilli ar chuardach, athfháil agus fótachóípeál taifead

Tá táillí freisin ar an am caite chun na dtaifead scaoilte duit i ndiaidh d' iarratais a chuardaigh agus athfháil. Tá táillí maidir le fótachóipeáil taifead scaoilte. Má tá d' iarratas ar eolas pearsanta, ní dóigh go mbeidh aon táille.

Cineál ceiste nó iarratais Gnáththáille
Cuardach agus athfháil taifead €20.95 san uair
Fótachóipeála 4 cent an bileog
Diosca ríomhaireachta 3.5" 51 cent
Dlúthdhiosca ROM €10.16
Raideagraf (X-Gathú) €6.35

Conas iarratas a dhéanamh

Tá sé tábhachtach cuimhniú nach gá go mbeadh sé riachtanach éileamh a dhéanamh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise ar eolas a fháil ó údarás poiblí. Tá go leor eolais ar fáil cheana don phobal ar bhileoga eolais, i bhfoilseacháin agus mar fhreagraí ar fhiosrúcháin bhéil agus scríofa. Tá oifig eolais faoi leith ag an gcuid is mó eagrais agus tá cúnamh ar fáil maidir le fiosrúcháin ghinearálta, éileamh ar eolas agus foilseacháin.

Muna bhfuil fáil éasca ar an eolas a theastaíonn uait ní mór duit iarratas scríofa a dhéanamh chuig Aonad Saoráil Faisnéise an údaráis poiblí agus ba cheart go mbeadh an tAcht um Shaoráil Faisnéise luaite san iarratas. Muna bhfuil an tAcht luaite i d'iarratas, breathnófar i ndiaidh an iarratais mar ghnáthéileamh ar eolas. Má theastaíonn uait an t-eolas a fháil i bhfoirm faoi leith (e.g. fótachóip, diosca ríomhaireachta & rl.,) ba cheart é seo a chur in iúl go sonrach san iarratas.

Déan iarracht a bheith chomh sonrach agus is féidir leat le go mbeidh an t-údarás in ann teacht ar an eolas a theastaíonn uait. Más féidir déan iarracht an tréimhse ama lena mbaineann na taifid a lua (e.g. taifid cruthaithe idir Bealtaine agus Nollaig 1998).

Ní mór faoin Acht um Shaoráil Faisnéise admháil ar iarratas ar thaifid a chur ar fáil taobh istigh de choicís agus sa chuid is mó cásanna, freagra a chur ar fáil taobh istigh de mhí. Má tá an 3ú duine i gceist, d’fhéadfadh 3 sheachtain eile a bheith i gceist roimh freagra a bheith ar fáil.

Módhanna Athbhreithnithe Saoráil Faisnéise:

Muna bhfuil tú sásta leis an bhfreagra a chuireann an t-údarás poiblí ar fáil maidir le d'iarratas ar eolas, (i.e., eolas a dhiúltú, an bealach le teacht ar an eolas, táillí) nó muna bhfuil freagra faighte agat taobh istigh de 4 sheachtain ón gcéad iarratas, deirtear gur diúltú do d'iarratas atá ann. Is féidir leat athbhreithniú a lorg ar an gcinneadh ó bhaill foirne níos sinsearaí san údarás poiblí. Ní mór an t-athbhreithniú inmhéanach ar chinneadh faoi shaoráil faisnéise a chur i gcrích taobh istigh de 3 sheachtain. Ba cheart iarratas ar athbhreithniú ar chinneadh a chur faoi bhráid Aonad Saoráil Faisnéise an údaráis phoiblí.

Má tá tú fós míshásta leis an gcinneadh, is féidir achomharc ar an gcinneadh a chur os comhair Choimisinéir Eolais. Fiosraíonn an Coimisinéir Eolais gearráin nár chomhlíonadh reachtaíocht a bhaineann le saoráil faisnéise agus cothaíonn sé/sí cultúr saoráil faisnéise go ginearálta sa tseirbhís phoiblí in Éirinn.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Ba chóir duit iarratais ar Shaoráil Faisnéise a sheoladh chuig an Aonad Saoráil Faisnéise comhlachta nó oifige poiblí a gcoinníonn na taifid.

Tá tuilleadh eolais faoin Acht um Shaoráil Faisnéise ar fáil ó:

FOI Central Policy Unit

Ba chóir duit iarratas ar athbhreithniú cinnidh a sheoladh chuig an Aonad Saoráil Faisnéise comhlachta nó oifige poiblí a rinne an cinneadh.

Ba chóir duit tuilleadh achomhairc a sheoladh chuig:

Office of the Information Commissioner

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 17 June 2010

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Rochtain ar thaifid leighis
    Tá cur síos sa cháipéis seo ar na bealaí éagsúla inár féidir le duine teacht ar Thaifid Leighis.
  • Rochtain ar thaifid na nGardaí
    Faoi reachtaíocht cosanta sonraí tá an ceart agat rochtain a fháil ar shonraí pearsanta atá á gcoinneáil ag na Gardaí fút, ach amháin i gcúinsí áirithe. Faigh amach conas rochtain a fháil ar do chuid faisnéise.
  • Rochtain ar fhaisnéis comhshaoil
    Tá ceart rochtana agat ar fhaisnéis áirithe faoin gcomhshaol agus truailleáin a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar an gcomhshaol. Faigh amach conas rochtain a fháil ar fhaisnéis comhshaoil.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.