Tá Oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí freagrach as seasamh le cearta príobháideachais dhaoine aonair i ndáil lena gcuid sonraí pearsanta a phróiseáil. Tá na cearta sin le fáil sna hAchtanna um Chosaint Sonraí 1988 agus 2003 (pdf, 155kb).
Deir na hAchtanna go gcaithfidh eolas fútsa a bheith cruinn, agus nach cóir é a chur ar fáil ach dóibh siúd ar chóir dóibh é a bheith acu agus nach cóir é a úsáid ach chun críocha sainiúla. Tá an ceart agatsa rochtain a fháil ar eolas pearsanta a bhaineann leatsa agus aon earráidí a fháil ceartaithe nó, i gcásanna áirithe, an t-eolas a fháil scriosta amach.
Má tá do chuid eolais á shealbhú chun críocha margaíochta dhírigh, is féidir leat do chuid sonraí a fháil glanta amach.
Baineann cearta cosanta sonraí le heolas a choinnítear ar ríomhaire nó i gcomhaid láimhe nó páipéir.
Is é an Rialtas a cheapann an Coimisinéir agus bíonn sé neamhspleách i mbun a chuid/cuid feidhmeanna. Is féidir le daoine a mheasann go bhfuil a gcuid cearta á sárú gearán a dhéanamh leis an gCoimisinéir. Tá cumhachtaí aige/aici chun forálacha an Achta a fhorfheidhmiú.
Mura nglacann an Coimisinéir Cosanta Sonraí le do ghearán, féadfaidh tú achomharc a dhéanamh in aghaidh a chinnidh/cinnidh leis an gCúirt Chuarda laistigh de 21 lá.
Má dhéantar damáiste duit mar thoradh ar do chearta cosanta sonraí a shárú, féadfaidh tú damáiste a agairt tríd na cúirteanna.
Coinníonn an Coimisinéir clár freisin, atá ar fáil chun imscrúdaithe phoiblí, a thugann sonraí ginearálta faoi na cleachtais láimhseála sonraí atá i bhfeidhm ag go leor rialtóirí sonraí tábhachtacha, mar Ranna Rialtais agus comhlachtaí earnála-Stáit, institiúidí airgeadais, agus aon duine nó eagraíocht a choinníonn sonraí pearsanta atá goilliúnach.
Teach na Canála
Bóthar an Stáisiúin
Cúil an tSúdaire
Laois
Éire
Uaireanta Oscailte:09:15-17:30
Teil:+353 57 868 4800
Lóghlao:1890 252231
Facs:+353 57 868 4757
Láithreán Gréasáin: http://www.dataprotection.ie
R-phost: info@dataprotection.ie
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.