Sonraíonn Bunreacht na hÉireann go gcaithfear Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste a cheapadh. Is é príomhdhualgas an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste ná iniúchadh a dhéanamh go bliantúil ar chuntais stáit na hÉireann. Ina dhiaidh sin, seolann sé nó sí tuarascáil bhliantúil ar an iniúchadh chuig Dáil Éireann.
Ainmníonn Dáil Éireann an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste agus ceapann Uachtarán na hÉireann é/í. Tá eolas ar an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste laithreach anseo.
Is é Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste na hÉireann Uasfhoras Iniúchóireachta (SAI) na hÉireann freisin. Bíonn Uasfhorais Iniúchóireachta in Éirinn agus thar lear ceangailte trí roinnt forais Réigiúnacha agus Idirnáisiúnta:
Níl cead ag an Ard-Reachtaire Ciste agus Cuntas a bheith ina bhall den Oireachtas.
Bloc an Státchiste
Caisleán Bhaile Átha Cliath
Baile Átha Cliath 2
Éire
Teil:+353 (0)1 6031000
Facs:+353 (0)1 6031010
Láithreán Gréasáin: http://www.audgen.gov.ie/
R-phost: webmaster@audgen.gov.ie
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.