Anseo atá tú: Baile > Rialtas in Éirinn > Rialtas Náisiúnta na hÉireann > Tithe an Oireachtais > Obair na dTeachtaí Dála

Print Page Send to a Friend

Obair na dTeachtaí Dála

Eolas

Toghann an pobal baill de Dháil Éireann le linn olltoghcháin. Is féidir le TD (Teachta Dála) a bheith ina bhall den Rialtas, ina bhall den fhreasúra nó mar Theachta Dála neamhspléach. Tá Teachta Dála ag déanamh ionadaíochta ar son gach duine ina D(h)áilcheantas atá i dteideal vóta a chaitheamh.

Cuid de obair an Teachta Dála i nDáil Éireann bualadh leis na Teachtaí go léir ar an Máirt, ar an gCéadaoin agus ar an Déardaoin . Sa ghnáth lá oibre bheadh air nó uirthi taighde a dhéanamh, oráidí a ullmhú do dhíospóireacht Dála ar chúrsaí sóisialta, cúrsaí eacnamaíochta, nó ar chúrsaí airgid. Bíonn an Ceann Comhairle mar chathaoirleach ar dhíospóireachtaí Dála.

Is féidir le Teachtaí Dála scrúdú a dhéanamh ar reachtaíocht nua agus leasuithe atá molta uirthi. Bíonn Teachtaí Dála páirteach i ndíospóireachtaí tábhachtacha sa Dáil, caitheann siad vóta, bíonn siad i láthair do Am na gCeist bíonn siad ar choistí Dála agus cuireann siad ceisteanna scríofa nó béil chuig Airí nó Ranna Rialtais ar son a nDáilcheantar.

Tá Córas Coistí i nDáil Éireann. Tugann Coistí ar Leith treoir don Rialtas ar réimhse leathan ábhair dlithiúla , sóisialta, eacnamaíochta agus airgid. Bíonn Coistí eile ag fiosrú caiteachas an Rialtais. Tugtar Comhchoistí ar na Coistí go bhfuil baill den Dáil agus den Seanad ag obair le chéile orthu agus ag caitheamh vóta le chéile. Is minic go mbíonn Teachta Dála ar níos mó ná Coiste amháin.

Chomh maith le obair Dála agus obair ar Choistí, bíonn Teachtaí Dála ag obair istigh ina nDáilcheantair féin. Is minic go bhfuil siad ar Údaráis áitiúla, ar bhoird sláinte agus ar Choistí Gairmoideachais. Bíonn clinicí eolais acu ina nDáilcheantair chun gur féidir leis na vótálaithe bualadh leo go pearsanta. Is minic go dtugann siad cúnamh do thoghdóirí fadhb phearsanta nó clainne a bhaineann le roinn rialtais, le bord sláinte nó le údaráis áitiúla a réiteach .

Má bhriseann Teachta Dála cód oibre nó "Rialacha Seasta" na Dála is féidir go gcuirfí smacht air nó uirthi .

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 25 March 2010

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Feidhmeanna an tSeanaid
    Tá cur síos sa cháipéis seo ar fheidhmeanna an tSeanaid.
  • Baill de Pharlaimint na hEorpa
    I láthair na huaire tá 736 Feisire de chuid Pharlaimint na hEorpa (FPE) ann. Tá cur síos sa cháipéis seo ar ról agus feidhmeanna Baill de Pharlaimint na hEorpa - Feisirí Eorpacha
  • An córas polaitiúil ag leibhéal náisiúnta
    Tá cur síos sa cháipéis seo ar an gcóras polaitiúil ag leibhéal náisiúnta, chomh maith le cur síos ar an Oireachtas. Tá míniú tugtha freisin ar na téarmaí polaitiúla a úsáidtear.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.