Print Page Send to a Friend

Seanad

Eolas

Is é Seanad Éireann seanad na hÉireann. Is é dara Teach an Oireachtais é agus tá roinnt feidhmeanna tábhachtacha aige. Tá Seanad Éireann suite i mBaile Átha Cliath.

Tá 60 ball i Seanad Éireann. Is féidir liosta de an Seandóirí a fheiceáil atá liostaithe de réir ainm agus de réir phainéil. Ainmníonn an Taoiseach 11 de na baill agus toghtar 49 ball i dtoghchán de chuid an tSeanaid.

Glacann duine amháin de na Seanadóirí cúram an Chathaoirligh (Spéicéir/Cathaoirleach) na Seanadóirí. Mar chathaoirleach ar an Seanad, déanann an Cathaoirleach cathaoirleacht ar imeachtaí sa Teach agus ní mór dó feidhmiú go neamhchlaonta.

Ní dhéantar Seanadóirí a scaradh go hoifigiúil de réir páirtithe polaitiúla. Ach de ghnáth téann siad sna grúpaí a thacaíonn le gnóthaí an Rialtais nó a chuireann ina n-aghaidh nuair a bhítear ag vótáil ar cheisteanna.

Bunaíodh Fo-choiste de Choiste Nós Imeachta agus Pribhléidí Sheanad Éireann chun athbhreithniú agus moltaí a dhéanamh maidir le leagan amach agus feidhm an tSeanaid in Éirinn i láthair na huaire agus amach anseo. I 2004, chuir sé Tuarascáil um Leasú an tSeanaid (pdf) i dtoll a chéile.

Rialacha

Chun a bheith i do Sheanadóir ní mór duit a bheith

  • i do shaoránach de chuid na hÉireann
  • Breis agus 21 bliain d’aois

Níor cheart duit a bheith

  • Ag déanamh téarma príosúnachta níos faide ná 6 mhí
  • I do fhéimheach neamhscaoilte
  • I do dhuine mímheabhrach
  • I do bhreitheamh
  • I do oifigeach sinsearach de chuid an Aontais Eorpaigh
  • I do státseirbhíseach
  • I do bhall de na Fórsaí Cosanta nó den Gharda Síochána

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Teach Laighean

Lóghlao:1890 732623 or Tel: (01) 6183111
Facs:+353 (0)1 6184118
R-phost: info@oireachtas.ie


Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 28 June 2010

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.