Déantar páirtí polaitiúil a chlárú ar Chlár na bPáirtithe Polaitiúla ionas gur féidir le iarrthóirí toghcháin atá ina mbaill de pháirtithe cláraithe ainm an pháirtí a chur lena n-ainm féin ar an bpáipéar ballóide. Muna bhfuil an páirtí a bhfuil ballraíocht agat ann cláraithe cuirfear síos ar an bpáipéar ballóide gur iarrthóir gan páirtí thú. Tá Cláraitheoir agus Clár na bPáirtithe Polaitiúla lonnaithe i dTithe an Oireachtais, i mBaile Átha Cliath.
Faoi Alt 25 den Acht Toghcháin 1992, ina áit an tAcht Toghcháin, 2001, is féidir leat iarratas a chur chuig Clár na bPáirtithe Polaitiúla ar mhaithe le do pháirtí polaitiúil a chlárú d’aon cheann de na toghcháin seo a leanas in Éirinn:
Le clárú ní mór do do pháirtí an Cláraitheoir a shásamh:
Ní mór freisin, go mbeadh bunreacht ag an bpáirtí, meabhrán nó cáipéis eile nó rialacha eile a bhfuil glactha leo ag an bpáirtí agus a dhéanann soláthar dó na nithe seo a leanas:
Ní dhéanfar páirtí a chlárú má bhíonn an t-ainm atá air:
Ní cheadófar iarratas le suaitheantas a chlárú má bhíonn:
Is féidir le páirtithe nach bhfuil cláraithe dul san iomaíocht i dtoghcháin ach ní bheidh ainm an pháirtí ar na páipéir bhallóide.
Cuirtear na sonraí seo a leanas ar Chlár na bPáirtithe Polaitiúla:
Nuair atá scrúdú déanta ag an gCláraitheoir ar d'iarratas ar chlárúchán, cuirfear scéal chugat maidir leis an gcinneadh atá tógtha agus má dhiúltaítear don iarratas cuirfear in iúl duit cén fáth nár ceadaíodh é agus cén chaoi le hachomharc a dhéanamh ar an gcinneadh. Fógrófar an cinneadh san Iris Oifigiúil.
Is féidir achomharc a lorg i scríbhinn taobh istigh de 21 lá ón gcinneadh, chuig Cléireach an tSeanaid agus éarlais de euro 634.87 in éineacht leis. Breitheamh Ardchúirte ina C(h)athaoirleach, Cathaoirleacha na Dála agus Cathaoirleach an tSeanaid is baill den bhord achomhairc.
Is féidir le duine ar bith scrúdú a dhéanamh ar chlár na bpáirtithe polaitiúla in Éirinn ach teagmháil a dhéanamh le oifig an Chláraitheora agus coinne a dhéanamh. (féach "Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas").
Ní mór éarlais de euro 634.87 a íoc ar achomharc a lorg i dtaobh iarratais ar chlárúchán nár ceadaíodh.
Níl aon táille le n-íoc as scrúdú a dhéanamh ar chlár na bpáirtithe polaitiúla, no faoi gcláraítear páirtí polaitiúil in Éirinn.
Déan teagmháil le hOifig Chláraitheoir na bPáirtithe Polaitiúla agus iarr foirm iarratais orthu. Cuirfear cóip den fhoirm iarratais chugat chomh maith le cóip den Acht um Thoghcháin (Leasú) 2001. Níl an fhoirm iarratais le páirtí polaitiúil a chlárú ar fáil le híoschóipeáil ar an idirlíon faoi láthair.
Teach Laighean
Dublin 2
Ireland
Teil:+353 (0)1 6184200 or +353 (0)1 6183438
Facs:+353 (0)1 6184102
Láithreán Gréasáin: http://www.oireachtas.ie/viewdoc.asp?fn=/documents/a-misc/orgchart.htm
R-phost: clerk@oireachtas.ie
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.