Tá cead ag na Teachtaí Dála ceist a chuir ar an Rialtas gach Máirt, Céadaoin agus Déardaoin dá bhfuil an Dáil ag feidhmiú.
Baineann na ceisteanna le cúrsaí poiblí go bhfuil baint ag aon Roinn atá faoi chúram ag aon Aire áirithe nó le aon cheist riaracháin go bhfuil an tAire freagrach as.
Tugann an Taoiseach freagra ar cheisteanna ar an Máirt agus ar an gCéadaoin amháin. Tógann Baill eile an Rialtais a seal ag freagairt ceisteanna rud a chiallaíonn go dtagann an cúram sin ar ais chuile chúig seachtain. Bíonn deis ag na Teachtaí Dála, sa tslí seo, ceist a chuir ar chuile Aire go rialta.
Ní féidir le aon Teachta Dála níos mó ná 2 cheist bhéil a chuir ar aon Aire. Tugtar tús áite do chúig cheist bhéil chuile lá. Roinntear an tús áite seo idir na páirtithe de réir méid an pháirtí.
Chomh maith leis na ceisteanna béil is féidir leis na Teachtaí ceisteanna scríobtha a chuir ar an Rialtas agus tá freagra scríobtha á lorg acu ar na ceisteanna sin. Is féidir leis na Teachtaí aon mhéid ceisteanna scríobtha a chuir ar an Rialtas.
Tá fógra 4 lá ag teastáil ón Rialtas do cheist bhéil agus fógra 3 lá do cheist scríobtha nó ceist tús áite. Ó am go chéile tagann ábhar práinneach poiblí chun cinn. Is feidir leis an gCeann Comhairle glacadh leis an ábhar práinneach seo ar fhógra gearr. Tugtar "Ceisteanna le Fógra Príobháideach" orthu seo agus glactar leo ag deireadh Am na gCeist.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.