In Éirinn tosaíonn gach togra le haghaidh dlíthe nua (nó Achtanna Parlaiminte i bhfocail eile) mar Bhillí. Tugtar 'Billí Poiblí' ar thograí le haghaidh dlíthe a bhaineann leis an bpobal i gcoitinne. Tugtar 'Billí Príobháideacha' ar thograí le haghaidh dlíthe a chuireann údaráis áitiúla chun cinn chun a gcríocha féin. Is annamh a bhíonn Billí Ginearálta ann de ghnáth.
Is féidir le aon bhall den Dáil nó den Seanad Bille a chuir ós cómhair an Tí is cuma cén páirtí lena mbaineann sé/sí .
Díreach mar is gá do Reachtú an Rialtais go nglacfaí leo i dTithe an Oireachtais, is gá do Bhille Príobháideach go nglacfaí leis, freisin. Sa ghnáthbhealach cuireann an Rialtas in aghaidh gach Bille Príobháideach agus is annamh a éiríonn leo dul tríd chun a bheith i ndlí.
Uaireanta tugtar Bille Baill Phríobháideach ós cómhair na Dála nó an tSeanaid chun aird a tharraingt ar cheist phoiblí nó chun díospóireacht a thosnú ar locht éigin atá sa dlí.
Mar Shampla, sa bhliain 1979, chuir Fine Gael Bille Baill Phríobháideach i dtaobh Chosantóir an Phobail ós comhair na Dála.. Níor éirigh leis an mBille ach toisc na díospóireachta a tharraing sé bhí ar an Rialtas Bille an-chosúil leis a chuir ós cómhair na Dála go luath ina dhiaidh sin agus reachtú a chinntiú ar an ábhar.
Ní féidir le aon bhall den Rialtas, le Aire Stáit, leis an Ard Aighne ná le ceannaire an tí sa Seanad bille Baill phríobháideach a thosú.
Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas a dhéantar reachtaíocht a thionscnamh agus a chaibidliú in Éirinn.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.