Roimh gach olltoghchán déantar cúig phainéal a chruthú d'arrthóirí a bhfuil eolas agus taithí phraiticiúil acu sna réimsí seo a leanas.
Déantar an cúig painéal sin a roinnt i ndá phainéal ansin, fo-phainéal an Oireachtais agus fo-phainéal na n-údarás ainmniúcháin.
Chun ainmniúchán a fháil ar phainéal iarrthóirí ní mór duit a bheith intofa mar sheanadóir. Más mian leat a bheith san áireamh ar fo-phainéal Oireachtais, ní mór duit a bheith ainmnithe ag aon cheathrar chomhalta den Dáil agus den Seanad. Ní féidir le gach TD agus Seanadóir ach duine amháin a ainmniú le fo-choiste Oireachtais.
Chun áit a fháil ar fho-phainéal na n-údarás ainmniúcháin, ní mór duit a bheith ainmnithe ag ceann de na heagrais chláraithe. Tá clár ag Cléireach an tSeanaid de na heagrais gur féidir leo iarrthóirí a ainmniú. Eagrais gan brabús iad na heagrais seo go hiondúil a dhéanann ionadaíocht ar son ceann de na hábhair spéise de cheann de na painéil. Ní féidir le heagras a bheith cláraithe ar son níos mó ná painéal amháin.
Ainmneoidh gach eagras cláraithe ainmniúcháin líon áirid iarrthóirí dá phainéal.
Déanfar athbhreithniú ar an gClár de Chomhlachtaí Ainmniúcháin i bhFeabhra 2008. Ní mór d’aon chomhlacht atá ag iarraidh clárú nó a gcuid sonraí a leasú ar an gclár nó a ainm a bhaint den chlár foirm iarratais a chomhlánú agus í a chur faoi bhráid Cheann Comhairimh an tSeanaid roimh 12 meánlae ar 14 Feabhra 2008 - féach 'Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas' thíos.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.