Taobh amuigh de Aontas na hEorpa, níl an chumhacht ag aon institiúid dlíthe a dhéanamh don Stát seo ach amháin ag an Oireachtas. San Oireachtas tá an tUachtarán, agus dhá theach an Oireachtais: Dáil Éireann agus Seanad Éireann.
Is féidir le bille teacht ón Dáil nó ón Seanad ach ní mór don dá theach é a cheadú sula ndéantar dlí de. Is ó Dháil Éireann, de ghnáth, a thagann na billí.
Bille a thugtar ar dhlí nua i dtosach. Moladh chun reachtú atá sa bhille. Is iad an Rialtas, de ghnáth, a mholann Bille ach amháin i gcás Billí na mBall Príobháideach.
Ceadaíonn an Rialtas a bhfuil sa Bhille sula gcuirtear ós cómhair na Dála é. Bíonn próiséas caidrimh ann, de ghnáth, ar dtús leis na ranna Rialtais agus le grúpaí éagsúla go mbaineann an bille leo.
Uaireanta, foilsíonn an Rialtas "Paipéar Glas". Sa Phaipéar Glas tugtar deis do dhaoine agus do ghrúpaí éagsula a dtuairm a thabhairt faoin mBille agus é a phlé go mion.
Cuirtear an Bille ansin ós cómhair na Dála le deis a thabhairt do Bhaill iomlán na Dála an Bille a phlé. Is féidir le Baill na Dála athruithe a mholadh nó píosa a chuir leis an mbille le linn an ama seo.
Cuirtear an Bille ansin chuig na Coistí chun go ndéanfar mionscrúdú ar gach rannóg ann féin. Ina dhiaidh sin is féidir leasú a dhéanamh ar an mBille, freisin.
Níl fágtha, ansin, ach go ndéanfaí díospóireacht sa Dáil ar ábhar an Bhille. Caithfidh Baill na Dála vóta, ansin, i bhfábhar an Bhille nó ina aghaidh. Tá módh nua-aoiseach i bhfeidhm a chuireann ar chumas na mBall cnaipe ar thaobh a suíocháin a bhrú chun a vóta a chaitheamh ar son an mholadh nó ina aghaidh.
Téann an Bille ansin chuig an Seanad chun dul tríd an bpróiséas céanna aríst maidir le díospóireacht agus le Coistí. Tá 90 lá ag an Seanad (nó níos mó má aontaíonn an dá Theach Oireachtais air) chun an Bille a phlé agus ceann díobh seo a leanas a dhéanamh:
Má chaitheann an Seanad amach an Bille nó má chuireann said an Bille ar ais chun na Dála le leasuithe nach nglacfaidh an Dáil leo imíonn an Bille as feidhm tar éis 180 lá. Is féidir leis an Dáil, áfach, taobh istigh den tréimhse ama sin rún a chuir ós cómhair na Dála ag rá go bhfuil glactha leis an reachtú ag an Seanad agus an Dáil. Cialaíonn an riail seo nach féidir leis an Seanad an Dáil a stopadh ag cuir dlíthe i bhfeidhm ach gur féidir leo moill a chuir ar an reachtú.
Billí Airgid a thugtar ar bhillí a bhaineann le Cáin nó le caiteachas an Rialtais. Níl ach 21 lá ag an Seanad chun an cinéal seo Billí a phlé agus cinneadh a dhéanamh futhu.
Nuair a ghlacann an dá theach leis an mBille, tugann an Taoiseach cóip den Bhille chuig an Uachtarán chun síniú agus ansin is Acht atá sa Bhille agus tá cumhacht dlí aige.
Tá cumhacht faoi leith ag an Uachtarán maidir leis an mBille. Má cheapann sé nó sí go bhfuil an Bille Nua in aghaidh an Bhunreachta , is féidir leis nó léi tar éis comhairle a fháil ón gComhairle Stáit, an Bille a chuir ar aghaidh chuig an gCúirt Uachtarach chun a chinntiú nach bhfuil an Bille ag dul in aghaidh an Bhunreachta. Ní dhéanfar dlí den Bhille go dtí go ndeireann an Chúirt Uachtarach go bhfuil an Bille ag cloí leis an mBunreacht.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.