Anseo atá tú: Baile > Rialtas in Éirinn > Rialtas Náisiúnta na hÉireann > Tithe an Oireachtais > Feidhmeanna an tSeanaid

Print Page Send to a Friend

Feidhmeanna an tSeanaid

Eolas

Baineann príomhfheidhm Sheanad Éireann le reachtaíocht. Is féidir Bille a thabhairt chun tosaigh sa Dáil nó sa Seanad. Go hiondúil, is ón Rialtas a thagann tromlach na mBillí agus déantar iad a rith ar dtús sa Dáil. Cuirtear ansin iad chuig an Seanad le díospóireacht agus moltaí. Taobh istigh de 90 lá is féidir leis an Seanad leasuithe a mholadh, Bille a dhiúltú nó a rith. Tá cumhacht ag an Dáil diúltú an tSeanaid do Bhille a shárú.

Tá cumhachtaí an tSeanaid maidir le Billí a bhaineann le caiteachas an Rialtais (Billí Airgid) fíor theoranta. Ní féidir tús a chur le Billí mar seo sa Seanad, ní mór dóibh teacht ón Dáil. Tá 21 lá ag an Seanad Bille Airgid a phlé agus ní féidir leis leasuithe a dhéanamh air.

Tá feidhmeanna eile ag an Seanad, a roinníonn sé leis an Dáil, mar shampla Uachtarán a chur as oifig nó breitheamh den Chúirt Uachtarach, staid phráinne a ghairm agusionstraim reachtúla a chur ar neamhní.

Le blianta beaga anuas is cuid tábhachtach de obair an tSeanaid an pháirt a ghlacann siad i gcoistí parlaiminte. Bíonn comhaltaí ón Seanad agus ón Dáil páirteach i gcomhchoistí ag suí lena chéile agus ag caitheamh vótaí le chéile ar cheisteanna faoi leith.

Maidin Dé Céadaoin agus Déardaoin a thagann Seanad Éireann le chéile go hiondúil. Caitheann Seanadóir lá oibre ag déanamh taighde agus ag scríobh óráidí do dhíospóireachtaí ar cheisteanna sóisialta, eacnamaíochta agus airgeadais. Tá baint ag Seanadóirí freisin le leasuithe do Bhillí a dhreachtú agus moltaí maidir le reachtaíocht nua a scrúdú. Bíonn siad páirteach i ndíospóireachtaí ar Bhillí agus ar cheisteanna tábhachtacha eile. Caitheann siad vótaí ar cheisteanna sa Teach.

Níl na Seanadóirí roinnte i bpáirtithe polaitiúla go hoifigiúil. Ach, is iondúil go roinníonn siad iad féin i ngrúpaí a thugann tacaíocht do Ghnó an Rialtais nó don fhreasúra nuair atá vóta le caitheamh.

pribhléidí faoi leith ag Seanadóirí mar bhaill den Oireachtas. Is féidir leis an Teach iad a smachtú má sháraíonn siad na rialacha nó má bhaineann siad mí-úsáid as pribhléidí.

Bunaíodh Fochoiste den Choiste um Nós Imeachta agus Pribhléidí Sheanad Éireann in 2001 chun athbhreithniú agus moltaí a dhéanamh maidir le comhdhéanamh agus feidhmeanna reatha an tSeanaid agus an comhdhéanamh agus na feidhmeanna a bheidh aige amach anseo. I measc na n-ábhar a scrúdaíodh san athbhreithniú bhí:

  • Bealach agus bunús an toghcháin do Sheanad Éireann
  • Ionadaíocht ollscoile ina foirm reatha nó leasaithe
  • Mar a cheapann an Taoiseach Seanadóirí
  • An bunús is oiriúnaí chun ionadaíocht a thabhairt d’eisimircigh agus daoine as Tuaisceart Éireann i Seanad Éireann.
  • Ról Sheanad Éireann maidir le hachtú reachtaíochta
  • An ról a d’fhéadfadh Seanad Éireann a ghlacadh ó thaobh cuntasacht agus scrúdú parlaiminte a fheabhsú
  • A mhó agus a d’fhéadfadh Seanad Éireann dul i ngleic leis an athbhreithniú ar bheartas poiblí
  • Ról Sheanad Éireann i ngnóthaí an Aontais Eorpaigh

Tugadh cuireadh do dhaoine aonair agus d’eagraíochtaí leasmhara aighneachtaí agus tuairimí a thabhairt maidir leis na hábhair thuas. In Aibreán, 2004 foilsíodh tuarascáil dheireanach an Fhochoiste ar Athleasú an tSeanaid (pdf).

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 28 June 2010

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Obair na dTeachtaí Dála
    Déantar cuir síos anseo ar obair na dTeachtaí Dála.
  • An córas polaitiúil ag leibhéal náisiúnta
    Tá cur síos sa cháipéis seo ar an gcóras polaitiúil ag leibhéal náisiúnta, chomh maith le cur síos ar an Oireachtas. Tá míniú tugtha freisin ar na téarmaí polaitiúla a úsáidtear.
  • Reachtú
    Déantar cuir síos anseo ar conas a dhéanann an tOireachtas dlíthe.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.