Anseo atá tú: Baile > Rialtas in Éirinn > Rialtas Náisiúnta na hÉireann > Tithe an Oireachtais > Intofacht mar theachta i nDáil Éireann

Print Page Send to a Friend

Intofacht mar theachta i nDáil Éireann

Eolas

Chun a bheith intofa mar theachta i nDáil Éireann:

  • Ní foláir duit a bheith i do shaoránach Éireannach
  • Ní mór bliain agus fiche a bheith slán agat
  • Ní fhéadfaidh tú a bheith dícháilithe i dtaobh toghcháin chuig Dáil Éireann

Rialacha

Tá tú dícháilithe ó bheith i do theachta i nDáil Éireann:

  • Muna bhfuil tú i do shaoránach Éireannach
  • Muna bhfuil bliain agus fiche slán agat
  • Más ball de údarás Áitiúla thú
  • Más oifigeach sinsearach institiúide an Aontais Eorpaigh thú, mar shampla, ball de Choimisiún an Aontais Eorpaigh, nó breitheamh, ardabhcóide nó cláraitheoir na Cúirte Breithiúnais Eorpaigh nó ball Chúirt na nIniúchóirí an Aontais Eorpaigh thú
  • Más ball de Chúirt Iniúchóirí an Aontais Eorpaigh thú
  • Más ball den Gharda Síochána thú
  • Más ball lánaimseartha de na Forsaí Cosanta thú
  • Más státseirbhíseach thú agus nach bhfuil sé leagtha síos i do chonradh fostaíochta gur féidir leat a bheith i do theachta i nDáil Éireann
  • Más duine le galar intinne thú
  • Má tá tú i bpríosún faoi láthair ag déanamh téarma níos mó ná 6 mhí
  • Más féimheach neamhscaoilte thú
  • Más tusa an tUachtarán, ball den Seanad , an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste nó má tá tú i do bhreitheamh
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 8 February 2011

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.