Lánscor na Dála

Eolas

Tá sé ráite sa Bhunreacht nár cheart a bheith de ré ag aon Dáil Éireann ach 7 mbliana. Tá sé ráite chomh maith go bhféadfaí ré níos giorra ná sin a shocrú le reachtaíocht. Cuireadh uasmhéid 5 bliana ar ré na Dála faoi dlí a tháinig i bhfeidhm i 1927. Ciallaíonn sé seo go gcaithfear toghchán a reachtáil gach 5 bliana ar a laghad. Níl íosmhéid ag baint le ré na Dála.

Tá an ceart ag Uachtarán na hÉireann Dáil Éireann a lánscor sa chaoi is go gcaithfear olltoghchán a reachtáil. Má tá tacaíocht tromlach na dTeachtaí Dála ag an Taoiseach agus má iarrann sé/sí ar an Uachtarán an Dáil a lánscor, ní foláir don Uachtarán é sin a dhéanamh. Muna bhfuil tacaíocht tromlach na dTeachtaí Dála ag an Taoiseach, d'fhéadfadh an tUachtarán lánscor na Dála a dhiúltú.

Tá sé ráite sa Bhunreacht go gcaithfear olltoghchán a bheith ann taobh istigh de 30 lá ón lá a eisíonn an tUachtáran fógra go bhfuil an Dáil le scoir. Eisíonn Cléireach na Dála eascaire chuig an gceann comhairimh i ngach dáilcheantar á threorú nó á treorú toghchán den líon forordaithe comhaltaí a reáchtáil.

Ceapann an tAire Tithíochta, Pleanála, Pobal agus Rialtais Áitiúil an lá vótaíochta nach mór a reáchtáil idir an 18ú agus an 25ú lá tar éis aon eascaire a eisiúint (ní bhíonn Aoine an Chéasta, Domhnaí agus Saoirí Poiblí san áireamh). Ceapann an tAire an tréimhse vótaíochta freisin a mhairfidh ar feadh 12 uair an chloig ar a laghad idir 7rn. agus 10.30in.

Tar éis don Uachtarán fógra a eisiúnt ag lánscor na Dála, eisítear eascaire don Cheann Comhairimh i ngach dáilcheantar ag tabhairt ordú dó/dí toghchán a reachtáil. Ina dhiaidh sin socróidh an tAire Tithíochta, Pleanála, Pobal agus Rialtais Áitiúil lá na vótála.

Page edited: 8 July 2016