Print Page Send to a Friend

Dáil Éireann

Eolas

Is ceann de Thithe an Oireachtais é Dáil Éireann. Is é an tOireachtas ár bparlaimint náisiúnta.

Tá an Dáil déanta suas de bhaill na Dála nó Teachtaí Dála. Bíonn TD tofa díreach chun na Dála ag muintir na hÉireann le linn olltoghcháin. Má bhíonn folúntas sa Dáil, déanfar an suíochán a líonadh trí fhothoghchán. Tá liosta Teachtaí Dála, grúpáilte in ord aibítre de réir ainm nó Teachtaí Dála grúpáilte de réir toghcheantair ar fáil.

Léiríonn Bunreacht na hÉireann nach féidir ach le Teachta Dála amháin in aghaidh gach 20,000 duine suíochán a bheith aige/aici sa Dáil agus nach féidir leis an uimhir a bheith níos lú ná duine in aghaidh gach 30,000 duine. I láthair na huaire tá 166 TD againn.

Tá an tír roinnte i 43 Dáil cheantar agus tá ar gach Dáil cheantar triúr, ar a laghad, a thogh chun na Dála. Chomh gar agus is féidir, ní mór don chóimheas Teachta Dála agus daonra a bheith mar an gcéanna i ngach Dáil cheantar.

Tá athbhreithniú le déanamh ar na dáil cheantair gach 12 bliain ach is gnáthach go ndéantar é tar éis Daonáirimh a tharlaíonn gach cúig bliana.

Déanann Teachtaí Dála ionadaíocht ar son na dtoghdóirí ina nDáil cheantar agus déanann said obair dóibh .

Ní féidir leis an Dáil dul thar cúig bliana ach is féidir leis an Taoiseach, ag aon am, iarradh ar an Uachtarán an Dáil a lánscoir .

Féadfar faisnéis a fheiceáil ar sceideal seachtainiúil Thithe an Oireachtais.

Teagmháil

Dáil Éireann,
Teach Laighean,
Baile Átha Cliath 2
ÉIRE.
Teil: 1890 337 889 or (01) 6183333
Fax: (01) 6184118
R-phost: info@oireachtas.ie

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 3 February 2011

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Fothoghcháin in Éirinn
    Míníonn an cháipéis seo céard is fothoghchán ann agus ceard iad na cúinsí ina bhfuil fothoghchán reáchtáilte.
  • Obair na dTeachtaí Dála
    Déantar cuir síos anseo ar obair na dTeachtaí Dála.
  • Lánscor na Dála
    Tugann an cháipéis seo cur síos ar na cúinsí inar féidir Dáil Éireann a lánscor.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.